Guth Ghoill, Eagrán 27
Eagrán 27 Lúnasa 2009 14 Feadaímó Shuigh Feadaímó le taobh Dhomhnaill ar an chairt agus seál mná ar a chloigeann. Bhí sé náirithe ach ní raibh neart air. Bhí sé fostaithe mar thiománaí bó le táin a d ’ fhág Leitir Ceanainn agus a bhí ar an bhealach go Doire. Sular fhág siad an mhaidin sin mhínigh an grásaeir dó fá phlean a bhí aige le deireadh a chur le réim na ngadaithe a bhí a chéasadh achan uair a chuaigh sé bealach Dhoire le táin. “ Is í an fhadhb is mó atá agam ná go bhfuil i dtólamh níos mó gadaithe ná ti- ománaithe. Anois, ní hé nach bhfuil mo chuid tiománaithe ábalta troid, mar tá, ach níl a fhios agat a choíche cá háit a bhfuil an luíochán leagtha amach romhat. Níl a fhios agat ach oiread cé acu ionsaí lae nó ionsaí oíche atá pleanáilte acu. Cóir uair déanann siad níos mó ná ionsaí amháin ort. Glacann sé dhá lá fhada le dul a fhad le Doire le táin. Ní féidir níos mó ná dhá mhíle dhéag a dhéanamh sa lá ar thuras mar seo nó cha bheadh greim fágtha ar chnámha na mbó agus tú i nDoire. Bíonn idir seacht agus naoi scór d ’ ainmhithe liom agus glacann sin sé thiománaí, beirt acu ar chapaill, agus ansin mé féin ar an cháirt leis an bhia agus na blaincéid oíche. ” “ Cad chuige nach nglacfá tuilleadh tiománaithe leat? ” ar- sa Feadaímó. Chroith Domhnall a ghuaillí. “ Níl sé chomh furasta sin, a ghasúir. Tá rudaí teann go leor agus d ’ ardódh sin na costais domhsa. Fosta tá sé doiligh ti- ománaithe cearta a fháil. Tá eagla an domhain orthu roimh na gadaithe. Maraíodh triúr fear ormsa le dhá bhl- iain anois agus níl a fhios agam cá mhéad eile a gortaíodh go holc. Tá a fhios agam go bhfuil beirt nach siúlfaidh coiscéim eile. ” D ’ amharc Feadaímó air le hiontas. “ Cad é fá shaighdiúirí an rí, nár chóir dóibh a bheith do chosaint? ” Thosaigh Domhnall ag gáire. “ Na saighdiúirí. Ba chuma sa diabhal leo. I dtaca leis na saighdiúirí de is é seo Gaeil in éadan Gaeil. Nuair atá táin de chuid na bProtastúnach ar an bhealach cha dtéann gadaí ar bith a chor. Tá a fhios agam go bhfuil gunnaí ag na Protastúnaigh ach tá níos mó ná sin i gceist. Sílimse go bhfuil an Colonel i Leitir Ceanainn ag fáil a chuid íocaíochta féin ó na gadaithe. Colonel Albertson atá air agus is bastard ceart atá ann. Más féidir leis rudaí a chur bun os cionn ar na Gaeil déanfaidh sé sin. Níl trócaire de shórt ar bith ann. Chrochfadh sé tú ar leithscéal ar bith. “ Albertson? ” arsa Feadaímó. “ Tháinig mise trasna ar an bhoc sin roimhe. Captaen a bhí ann ag an am. Tuigimse caidé atá tú ag rá. Níl deifre ar bith orm casadh leis arís. ” “ Ná bí buartha, níor casadh ormsa é am ar bith a raibh táin ar an bhealach, agus nach sin an fhadhb, ” arsa Domhnall. Bhain Feadaímó an seál dena chloigeann. “ Lorda, tá mé leath - phlúchta ag an rud seo, caithfidh mé ….” Bhris Domhnall isteach air. “ Cuir sin ort arís go tapaigh, ” a dúirt sé. “ Millfidh tú an plean iomlán muna bhfuil tú cúramach. ” Má fheiceann na gadaithe fathach cosúil leatsa i do shuí le mo thaobh, b ’ fhéidir nach ndéanfadh siad ionsá ar bith orainn. ” “ Rinne mé dearmad, ” arsa Feadaímó. “ Níl a fhios agam cad é ’ n dóigh a dtig le mná a leithead a choinneáil orthu samhradh is geimhreadh. ” Chuir sé an seál ar a chloigeann arís agus d ’ amharc sé amach roimhe ar an táin. Bhí fear amach chun tosaigh ar chapall agus fear eile ar chapall ag bogadh thart achan áit a raibh cuidiú a dhíobháil. Bhí beirt ar chúl an táin agus fear ar achan taobh agus bhog siad ar aghaidh gan mórán buartha. Ní raibh mórán tithe le taobh an bhealaigh ach bhí go leor acu le feiceáil sna gleannta áit ar bith a raibh píosa de screabán agus áiteacha a raibh foscadh de shórt ar bith ón ghaoth aniar aduaidh. Chonaic sé daoine bratógacha ina sheasamh sna doirse ag coimhéad agus corr uair thógadh duine lámh fháilte leo ach den chuid is mó, na daoine a casadh orthu ar an bhealach, thug siad an bóthar don táin agus choinnigh siad ag dul á mbealach féin. Cé gur talamh maith feirmeoireachta a bhí le feiceáil in achan aird d ’ aithin Feadaímó go raibh an bhochtanas níos teinne anseo i measc na nGael ná mar a bhí sé cois farraige. Bhí droch chuma amach ar thithe na ndaoine agus ar an chuid is mó acu bhí an tuí réidh le titim. Ansin thuas ar na harda agus sna háiteacha deasa, cois le Loch Súaille, bhí tithe na boic mhóra le feiceáil. Chan tuí a bhí orthu siúd ach sclátaí, iad uilig aoldaite le sciobóil fhlúirseacha thart orthu. “ Thit saol na nGael, a Dhomhnaill, ” a dúirt sé, “ ach, is in amanna mar seo a tchíonn tú caidé chomh fada síos is a chuaigh siad. ” “ Leoga, ” arsa Domhnall, “ níl an bun sroichte go fóill ag na Gaeil. An cruachás a fheiceann tú romhat sna botháin sin, a ghasúir, chan a dhath sin le taobh a bheith caite le taobh an bhealaigh mhóir, agus tarlaíonn sin minic go leor. ” “ Ó, leoga, tá a fhios agam, ” arsa Feadaímó, “ nach raibh an trioblóid chéanna thíos againne cúpla bliain ó shin nuair a rinne an tiarna talún iarracht mhuintir an Mhill Mhóir uilig a chaitheamh as seilbh. ” “ Chuala mé rud inteacht faoi sin, ” a dúirt Domhnall. “ Sheas sibh in éadan na mbáillí nach ndearna? An raibh tusa páirteach sa racán sin, a dhiúlaigh? ” “ Bhí, arsa Feadaímó, ach bhí an t - ádh linn. D ’ fhéad scéal eile ar fad a bheith le hinsint againn. ” “ Bhail, ” arsa Domhnall, “ bhí an bua libh agus tusa an sórt duine a bheas a dhíobháil ar an turas seo. Coinnigh thusa an seál ort go dtí go dtagann an ionsaí. ” “ Inis seo domh, a Dhomhnaill, ” arsa Feadaímó agus é ag amharc thart. “ Dúirt tú go raibh coróin don fhoireann ar achan ghadaí a gheobhaimid greim orthu. “ Tá sin fíor, ” arsa Domhnall. D ’ amharc Feadaímó air. “ Cá rachfá le príosúnach den tsórt sin má tá na hÚdaráis i d ’ éadan? “ Ceist mhaith agat agus freagair níos fearr agamsa, a ghasúir, ” arsa Domhnall. “ Chan chuig na hÚdaráis a bheas mise ag dul leo má bheireann muid ar aon duine acu. Tá cara de mo chuid i nDoire agus tá cineál socraithe déanta aige le cabhlach na Breataine le fir a bhailiú dóibh. Anois, níl an gnó chomh maith is a bhí sé cúpla bliain ó shin agus Napole- on ag trampáil thart ach go fóill bíonn leisce ar fhir a dhul isteach sa chabhlach mar is saol iontach crua atá ann. Fosta bíonn na bádaí seo ag dul thart ar an domhan uilig agus b ’ fhurasta dó na mairnéalaigh galar a phio- cadh suas, go hairithe sna hIndiacha Thiar. Tá an malá-
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3