Guth Ghoill, Eagrán 27

Eagrán 27 Lúnasa 2009 15 ire ag déanamh scrios millteanach ar mhairnéalaigh agus ar shaighdiúirí amuigh ansin. Tugann an fear seo fir don chabhlach agus glactar leo gan ceisteanna ar bith. ” “ Bhí iontas go bráth ar Fheadaímó. “ Kidnappers? ” a dúirt sé agus a ghlór ag ardú. “ B ’ éigean domhsa m ’ athair féin a shábháil ar na boic sin. B ’ iomaí fear maith ó cheantar s ’ agam fhéin a tógadh agus iad amuigh ag iascaireacht. Tá fuath ag muintir s ’ againne ar na diabhail sin agus char mhaith liomsa baint ar bith a bheith agam leo. Déanfaidh mise mo bhealach féin go Doire, ” agus bhí sé ar tí léimeadh den chairt. Tharraing Domhnall na srianta. “ Woah, a scairt sé, agus d ’ amharc sé ar Fheadaímó. “ Tá tú óg, a ghasúir agus tá cnapán le foghlaim agat go fóill ach ná déan cinneadh mar sin gan smaoineamh ar bith a chur isteach ann. Anois, tá gadaithe amuigh ansin ag fanacht le hionsaí a dhéanamh ar an táin seo. Is cuma sa diabhal leo, cé acu marbh nó gortaithe a bheas na tiománaithe ina ndiaidh. Níl dlí ar bith againn le muid fhéin a chosaint orthu agus muna ndéanann muid a dhath ach iad a scaoileadh saor beidh na boic cheanna ag feitheamh orainn an chéad lá eile. Inis thusa domhsa cad é atá contráilte le boic mar sin, boic a bhaigheann muid orthu ag déanamh an gníomh, a chur as an tír seal. ” “ Smaoinigh Feadaímó ar seo tamall agus nsin dúirt sé, “ maith go leor, má gheobhann muid greim orthu ag déanamh na gadaíochta is dóiche go mbeidh muid ag déanamh gar don cheantar a leithéid a ghlanadh amach. ” “ Sin an dóigh, ” arsa Domhnall, anois, bí coimhéadach ó seo amach mar tá muid i dtír s ’ acu anois. ” Shuigh Feadaímó go socair ina ndiaidh sin ag coinneáil súil amach ach ag an am céanna é ag baint sult as radhairc na coigríche úire seo. Anois is arís chuir sé a lámh ina phóca, áit a raibh leathdhosaen de chlocha bheaga mhíne dona thabhall. Choinnigh sé an tabhall céanna ina phóca achan áit a deachaigh sé ó bhí sé ina ghasúr. B ’ iomaí coinín agus colm a chuaigh i bpota de bharr ábaltachta Fheadaímó leis an tabhall. Thug sé sásamh dó anois in am na contúirte go raibh sé leis. Fosta, bhí bata mór draighean faoina chosa aige a chur leis an sásamh sin agus bhí sé ag súil go bhfaigheadh sé deis úsáid a bhaint as. Stad an táin le taobh abhann agus lig siad do na bá deoch a fháil agus scíste a dhéanamh. Tháinig na tiománaithe, fear i ndiaidh an fhir eile, chuig an chairt le buidéal de bhaine géar agus le huibheacha a fháil. Cha raibh mórán de chomhrá uathu agus choinnigh siad uilig greim ar a mbataí draighin. D ’ aithin Feadaímó go raibh teannas san aer. Char chuir siad am ar bith amú ag ithe agus chuaigh siad ar ais san áir a raibh siad thart ar an táin. Dar le Feadaímó nach raibh craic ar bith leis na tiománaithe agus dúirt sé sin le Domhnall. “ Chan anseo do chraic atá siad, arsa Domhnall. Tá teaghlaigh acu uilig agus níl a fhios ag fear ar bith a bhí- onn le táin ar an bhealach seo, cé acu tchífidh sé a bhaile féin arís nó nach bhfeicfidh. Dá mbeadh rogha acu is dóiche nach mbeadh siad anseo, ach níl. Ba seo an t - aon modh maireachtála atá acu. Obair mhaith a bhí ann am amháin ach tá sé contúirteach anois ceart go leor. ” Shuigh sé ar an chairt arís agus lig sé scairt as. Bhog an táin ar shiúl ón abhann agus lean siad ar aghaidh i dtreo chathair Dhoire. Mhínigh Domhnaill do Fheadaímó an modh oibre a bhí ag na gadaithe. “ Níl a dhath casta fá dtaobh de, ” a dúirt sé. “ Tagann siad isteach le rása ag tógáil calláin, b ’ fhéidir seachtar nó ochtar acu, agus is na tiománaithe aonaracha amuigh ar na taobhanna is mó a bhíonn i gcontúirt ag an am seo. Is ar na taobhanna a choinním na fir is fearr agus is cuma cén taobh ar a dtagann an ionsaí caithfidh an fear sin a fhód a sheasamh go dtí go bhfaigheann an bheirt ar na capaill a fhad leis. Bomaite i ndiaidh sin beidh me fhéin is an bheirt fhear cúil i lár an racáin. Caithfidh an fear ar an taobh eile fanacht leis na bá mar is minic a thagann ionsaí ón dá thaobh. Is é an rud atá siad ag iarraidh a dhéanamh ná leathdhosaen nó mar sin de ainimhithe a scaradh amach ón táin agus iad a glacadh leo. Má éiríonn leo sin a dhéanamh tá na hain- imhithe caillte mar cha dtig linne dul sa tóir orthu mar bheadh an táin scaipthe achan áit. Má tharlaíonn sin agus má theann na ba isteach ar cuid tailte an tiarna talún chan fhaighfeá iad ar ais. Mar sin de, tá sé tábhachtach go bhfaighimid lámh an uachtair orthu chomh tapaigh is is féidir. ” Shuigh Feadaímó an chuid eile den lá ag smaoineamh ar dhóigheanna a thiocfadh leis cosaint a thabhairt don táin. Le clapsholas tháinig an fear tosaigh chucu ar a chapall. “ An bhfuil muid ag stopadh san áit chéanna, a Dhomhnaill, ” a dúirt sé. “ Tá, a Sheáin, tá sé go réidh againn. Bíonn an buachailleacht níos fusa sa ghleann sin agus tá neart uisce agus féar do na ba. D ’ imigh Seán agus lig sé fead as. Chuaigh sé amach chun tosaigh ansin agus lean an táin é isteach i ngleann beag ina raibh sruthán ag caismirneach agus shocraigh siad na hainimhithe ansin. Chuaigh an bheirt cúl de na tiománaithe i dtreo na n - ardán ar chlé is ar dheis le súil a choinneáil ar an áit. “ Beidh tú ábalta an seál sin a chaitheamh duit sar i bhfad, ” arsa Domhnall le Feadaímó. “ Beidh sé dorcha gan mhoill is ní fheicfidh ….” Stad sé i lár na habairte mar chuala siad an scread uafásach ón ardán ar chlé. Thosaigh na búireanna agus chonaic siad scaifte ag déanamh ionsaí ar an ti- ománaí ar an ardán. “ Sin na bastards, ” arsa Domhnall. “ Bhí siad ag feitheamh orainn. ” Léim Feadaímó ón chairt agus rith sé i dtreo na troda. Beidh an chuid eile den scéal sa chéad eagrán eile. Proinsias Ó Cuilinn

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3