Guth Ghoill, Eagrán 27

Eagrán 27 Lúnasa 2009 3  ar leanúint Thíos faoi bhothán Eoghain, istigh ar do dheis bhí teach Dhonchaidh Phadaí Bhuaidhe. Teach galánta, aoldaite, ceann tuí a bhí anseo le radharc galánta den Mhaoil Ruaidhe agus d ’ Fhanáid, teach a bhí le feiceáil ar chártaí poist ar feadh blianta. Deartháireacha a bhí i nDonchadh agus in Eoghan, ar a bhfuil cur síos déanta air cheana féin. Cheannaigh Donchadh an teach seo thart fán am chéanna a cheannaigh Eoghan an teach agus ba theaghlach darbh ainm Harris a bhí ann roimhe sin. Bhí Donchadh pósta ar Sarah Ní Chuilinn as Dún Dubháin, deirfiúr do Willie James. Bhí Donchadh ag obair ar ghalfchúrsa Ros na Binne ina am agus cosúil le muintir an bhaile uilig chaith sé an chuid eile dá chuid ama ag iascaireacht agus ag obair ar an talamh. Radharc eile a bhí coitianta fán teach seo ná na cruacha breátha féir a bhíodh le feiceáil ar chúl an tí. Fuair Sarah bás i 1944 agus fuair Donchadh bás i 1957. Seisear clainne a bhí ag Donchadh agus Sarah; Johnny, Patrick, Sarah, Francie, Mary agus Madge. Bhí Madge pósta ar Mhicí Mac Giolla Bhríde (Micí Bhurns) as an Mheall Mhór agus bhí siadsan lonnaithe i Sasana. Bhí Mary pósta ar Phádraig Mac Giolla Bhríde (Pádraig Mháire Ned) as Doire a ’ Chasáin agus iad ina gcónaí i nGlaschú agus bhí Francie ina chónaí in St. Andrews in Albain. Tá siadsan uilig imithe ar shlí na fírinne anois. Bhí Sarah pósta ar Chonchur Ó Dufaigh as Baile an tSléibhe agus mac amháin a bhí acu, Dinis, atá ina chónaí ar an Mhuirleog lena bhean chéile Madge. Fuair Sarah bás sa bhliain 1973 agus í ina bean óg. Sa bhaile i rith an ama tá Johnny agus Patrick agus tá siadsan ina gcónaí anois i dteach úr a tógadh in aice leis an seanteach. Is cuimhin leo a bheith ag freastal ar Scoil Cheann na Leargaidh nuair a bhí Annie Nic Giolla Choinnigh (Annie Bob) agus Bean Mhic an tSaoir as Baile na nGallóglach ag teagasc ann. Bhí páistí ó Dhoire a ’ Chasáin, ó na Dúnaibh agus ó na cottages i Ros na Binne agus Ceann na Leargaidh ann ag an am. Nuair a bhí siad ina stócaigh ba ghnách leo siúl chuig na damhsaí i gCreamhghort agus ar an Chraoslach. Chaith Johnny babhtaí i nGlaschú agus i Manchester ina óige agus ansin sa bhaile ag obair ar an talamh. Bíonn garraí deas prátaí agus glasraí aige achan bhliain. Is cuimhin leis nuair a cheannaigh sé a chéad tharracóir, “ cub ” beag dearg, ó Den Mháire, bhí Den i ndiaidh ardú céime a fháil go dtí an Massey - Ferguson! Bhí bád aige fosta, punt beag, agus bhíodh sé ag iascaireacht gliomach agus súilíní óga agus ba ghnách leis Johnnie Logue a thabhairt amach go dtí na ‘ steamers ’ a bhíodh ag dul suas go dtí an Teach Dhonchaidh Phadaí Bhuaidhe Ó chlé, ar chúl tá Patrick, Francie & Johnny agus chun tosaigh tá Madge, Sarah & Mary

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3