Guth Ghoill, Eagrán 27
Eagrán 27 Lúnasa 2009 4 cuimhin leis Anna Hay ag rith isteach le hinsint dóibh. Is dóiche go raibh sé ina chuidiú go raibh an chuid ba mhó de na lóistéirí sa halla bia ag an am agus tugadh achan duine amach slán sábháilte ach is cuimhin le Patrick a bheith thuas ar dhréimire ag na seomraí leapa agus na lasracha ag dul amach fríd an díon. Foirgneamh galánta a raibh an mhórchuid de déanta amach as adhmad, ba adhmad ar fad a bhí san aghaidh, agus de thairbhe sin cha raibh ina sheasamh ach na ballaí fá cheann uaire den tine toiseacht. Nuair a bhí achan rud thart tháinig an t - uisce beatha agus an beoir amach agus bhí siad ansin go dtí go raibh creatlach an fhoirgnimh reidh le titim orthu. Míobhaigh Íochtarach Tá bealach cúng casta síos go Míobhaigh Íochtarach, áit álainn, shuaimhneach, fhoscaíoch ar imeall na mara. Bhí teach Robert Mhic Giolla Choinnigh (Robert Mhata) ar thaobh na láimhe deise nuair a shroichfeá deireadh an bhealaigh. Dhá dheartháir, baitsiléirí, a bhí sa teach seo, Robert agus Johnny. Ba leo an cuibhreann ina bhfuil an charraig ar a bhfuil na marcanna atá luaite agam sa chéad alt. Níl mórán eolais agam fá dtaobh dóibh ach amháin gur ghlac siad an triuch mhuileann i mBaile na nGallóglach nuair a bhí Johnnie ag obair mar phíolóta. Théadh na bádaí sin suas le cruithneacht dhá uair sa mhí ag an am sin. Tá áit thíos cois farraige a dtarraingítí na bádaí beaga isteach ann am amháin agus tugtar “ the boathouse green ” uirthi. Chaith Patrick trí bliana ag obair i Manchester áit a raibh siad ag leagan píopaí gáis ag an am agus bhí sé ag obair le daoine as an Pholainn, oibrithe maithe a deir sé. Tháinig sé abhaile ansin nuair a fuair a athair Donchadh bás i 1957 agus thosaigh sé ag obair ar ghalfchúrsa Ros na Binne, áit ar oibrigh sé ar feadh daichead bliain. Ba radharc coitianta a bhí ann na blianta sin nuair an bhí an seanóstán ansin, Patrick agus Hughie Rua as an Chloich Bháin a fheiceáil amuigh ó mhaidin go tráthnóna ag coinneáil an ghalfchúrsa sin néata agus slachtmhar agus is cinnte gurbh iad a bhí breá eolach ar a gcuid oibre agus gan fáil ar bith acu ar innill nua - aimseartha fé mar atá sa lá atá inniu ann. Ba le fear darbh ainm Catherwood an t - óstán ag an am agus bhí Patrick ag obair ann an lá a dódh an seanóstán i mí na Bealtaine, 1962. Am lóin a bhí ann agus is Seanteach Dhonchaidh ar chlé agus an teach úr lena thaobh. Seanóstán Ros na Binne Johnny Ó Buaidh Patrick Ó Buaidh
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3