Guth Ghoill, Eagrán 27
Eagrán 27 Lúnasa 2009 5 (whooping cough) nuair a bhí siad ina seanfhir. Nuair a bhuaileadh racht casachtaí iad agus iad amuigh sa chuibhreann ag obair bhíodh orthu greim a fháil ar a chéile mar thacaíocht agus le faoiseamh a fháil. Teach breá a bhí anseo uair amháin fosta. Níl a fhios agam cé a thóg é ach ba é Robert é féin a thóg na sciobóil agus na bóithigh thart air agus d ’ ardaigh sé an díon ar thaobh amháin de fosta. Bhí Matilda Wilson agus a deirfiúr Mary Jane as an Mhachaire Bhig ina gcónaí sa teach seo sna blianta deireanacha agus ba í Mary Jane an duine deireanach a bhí ann. Dúradh go raibh Matilda ag siúl amach le Johnny ar feadh blianta, blianta fada, ach níor phós siad ariamh. Cibé, is dócha go raibh eagla ar na mná seo stopadh leo féin san oíche ina seanaois agus nuair a bhog siad go Míobhaigh ar dtús ba ghnách leo dul ar ais abhaile achan lá. Is cuimhin liom fhéin m ’ athair síob a thabhairt dóibh ar ais go dtí ’ n teach ar an Mhachaire Bhig roimh a 12 a chlog oíche an daonáirimh (census) sa dóigh is go dtiocfadh leo an fhoirm a líonadh ina mbaile féin. Fuair Matilda bás i 1974 agus bhí Johnny marbh roimhe sin. Fuair Robert bás i 1975 agus fuair Mary Jane bás i 1981. Bhí an teach seo druidte ansin. Ba ag mac de Mhary Jane, Jim Wilson, a bhí an áit ina dhiaidh sin ach fuair Jim bocht bás i mí Feabhra na bliana seo agus tá sé curtha sa reilig i gCarraig Airt. Ar an taobh eile den bhealach bhí Teach Alick. Seanteach álainn a bhí anseo fosta le díon tuí. Sa teach seo bhí Alick Mac Giolla Choinnigh agus a bhean chéile Mary Moore. Ba fhíodóir a bhí in Alick agus fuair seisean bás sa bhliain 1918 ach bhí Mary thart fá 97 bliana d ’ aois nuair a fuair sise bás i 1956. Naonúr clainne a bhí acu, Cití a bhí pósta ar James Isaac i gCeann na Leargaidh agus a raibh cur síos déanta orthu san alt faoi Cheann na Leargaidh in Eagrán 20, Alec, Robert, Andy agus Thomas a chuaigh go Meiriceá, Willie a chur faoi i Sasana, Letitia a fuair bás ina hóige sa bhliain 1905, agus David agus Maggie a bhí sa bhaile i Míobhaigh Íochtarach. Tógadh Willie Óg, Polly agus Vera, clann Willie, sa teach seo fosta i ndiaidh dá máthair bás a fháil i Sasana. Tá cuimhne mhaith agam ar Mhaggie, bean chinéalta, chroíúil agus ba ghnách léi theacht ar cuairt ar a deirfiúr Cití agus ar a neacht, mo mháthair mhór Cassie, achan Domhnach. Fuair Maggie bás i mí Eanáir, 1970. Bhí David pósta ar Bella Doak as Creamhghort agus triúr de chlann a bhí acu, Mary, Frances agus Alice. Fear a bhí lán scéalta agus a bhí tugtha den ghreann a bhí in David. Chaith sé tréimhsí ag iascaireacht bradán agus an chuid is mó dá shaol ag obair ar an fheirm. I ndiaidh di a phósadh bhí Bella ag déanamh níocháin sa bhaile ar feadh tamaill don Bhantiarna Liatroma. Thagtaí go dtí an teach le bascaeid mhóra d ’ éadaí agus cha raibh meaisíní ar bith san am sin agus lena chois sin bhíodh uirthi é a smúdáil ansin, éadaí leapa, tuaillí agus achan chineál éadaigh. Teach Robert Mhic Giolla Choinnigh Míobhaigh Íochtarach Alec Mac Giolla Choinnigh Andy Mac Giolla Choinnigh Polly, Vera, Willie agus Maggie.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3