Guth Ghoill, Eagrán 27

Eagrán 27 Lúnasa 2009 6 Bhíodh ar an teaghlach uilig cuidiú ar an fheirm agus is cuimhin le daoine Bella a fheiceáil ag treorú an bheithígh sa chuibhreann agus dar ndóigh bhíodh lá mór acu ar an fheirm agus meitheal ag obair acu nuair a bhíodh James Wilson ansin leis an inneall buailte. Is cuimhin liom go fóill a bheith thíos ann agus mé i mo thachrán, ag dul isteach fá choinne an tae agus an tábla galánta a bheadh leagtha amach le achan sórt bácáil bhaile, cácaí, bonnóga, cístí spúinse agus subh, agus an seanchlog le cloisteáil ag ticeáil leis. Ní dhéanfaidh mé dearmad ach oiread ar an lá a tháinig mé trasna ar an siosúr agus ar an chíor amuigh sa seid bheag a bhí ag David. Thosaigh mé ag gearradh gruaige mo dhearthár Séamus agus níor fhág mé ribe dá bhuaicín air, agus seo laethanta roimh a Chéad Chomaoineach. Fuair David bás sa bhliain 1974 agus cailleadh Bella i 1993. Maidir leis an teaghlach de, shocraigh Alice in Appleby sa “ Lake District ” i Sasana, áit a bhfuil sí go fóill, agus tá Frances pósta i nDoire. Chaith Mary traidhfil blianta ag obair i monarcha cniotála George Mhic Nuaidht i ndiaidh di an scoil a fhágáil agus ansin d ’ oibrigh sí i monarcha fíodóireachta Mhic Nuadht. Tá sí ina cónaí anois i dteach úr a tógadh ar chúl an tseantí agus coinníonn sí cearca agus lachain go fóill. Ar an taobh eile de theach Alick bhí teach Jacob agus ba theach breá dhá stór a bhí anseo a thóg Tuathal Mac a ’ tSaoir. Sa teach seo bhí Jacob Mac Giolla Choinnigh agus a bhean chéile Jeannie. Ba de bhunadh mhuintir Peoples i Machaire Beag i Jeannie, deirfiúr de shean Johnnie Peoples. Bhí Jacob i gceannas ar ghalfchúrsa Ros na Binne agus de réir cosúlachta thiocfadh leis a bheith cancrach go leor. Ceathrar clainne a bhí acu, Maggie, Luly, Tomsie agus Jacob. D ’ imigh Jacob óg go Meiriceá i 1927, bhí Tomsie pósta i gCúil Raithin agus bhí Luly pósta ar Edwin Hall in Achadh an Leataoibh. Fuair sean Jacob bás i 1950 agus fuair a mhac Tomsie bás thart fán am sin fos- ta. Jeannie agus Maggie a bhí sa teach ansin. Tá cuimhne mhaith agam ar Mhaggie, duine cineálta, gealgháireach a bhí lán craic agus bhí gairdín deas bláthanna os comhair an tí acu i gcónaí. Bhí ceann de na seanchloig acu ar crochadh sa chistin agus deireadh Maggie i gcónaí gur ceannaíodh an chlog sin, an bhliain a chuaigh an Titanic go tóin, 1912. Sna caogaidí pósadh Maggie agus Albert Moore, fear as Achadh an Leataobh a bhí ar shiúl i Sasana ar feadh blianta roimhe sin. Fuair Jeannie bás sa bhliain 1970, cailleadh Maggie sa bhliain 1995 agus fuair Albert bás bliain ina dhiaidh sin. Teach saoire atá sa teach seo anois. Maggie Nic Giolla Choinnigh (Maggie Alick) Ina shuí, i lár an phictiúir tá David Mac Giolla Choinnigh agus ina shuí in aice leis, Charlie Mac Garbheith. Ó chlé chun tosaigh tá Bella agus David agus ar chúl tá Mary agus Frances.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3