Guth Ghoill, Eagrán 27

Eagrán 27 Lúnasa 2009 7 Tá ceithre theach eile sa bhaile fearainn seo anois. Sa chéad teach ar do thaobh chlé i Míobhaigh Uachtarach, tá Hilary agus William Mac Nuadht agus a gclann. Ba é athair William a cheannaigh an áit uaidh na Mooraigh. Ansin, faoi scáth Gháinne tá teach Helen agus John Mhic Nuaidht agus os cionn malaigh Chluain tSaileach tá teach Bhríd Uí Bhuaidhe (Bríd Eoghain), iníon John agus Nancy. Ar a chúl sin tá teach úr tógtha ag Dónal Mac Daibhéid as Cluain tSaileach agus a bhean chéile Pádraigín. Bhuel seo anois scéal Mhíobhaigh agus tá mé cinnte go bhfuil daoine amuigh ansin ag léamh seo agus a d ’ fhéadfadh tuilleadh eolais a thabhairt dúinn. Má tá eolas breise agaibh bheadh muid iontach buíoch é a fháil mar gur seo stair an cheantair agus muna gcuirtear ar pháipéar é anois beidh sé caillte go deo. Ba mhaith linn ár mbuíochas ó chroí a ghabháil le Máire Mhic Giolla Bhríde, John Ó Buaidhe, Patrick agus John- ny Ó Buaidhe, Máire Nic Giolla Choinnigh, Robert Wilson, Nóirín Goulding, Donchadh Ó Dufaigh, Violet Uí Ghallachóir agus Róisín Fletcher a thug eolas dúinn faoi na daoine seo chomh maith le pictiúir. Ar chúl tá teach Mary Alick agus chun tosaigh tá bóithigh Robert Mhata le feiceáil ar chlé, seanteach Alick i lár agus teach Jacob ar dheis. Teach Jacob Maggie Nic Giolla Choinnigh (Maggie Jacob) Is furasta seanaibhleoga a lasadh * * * Níl sa náire ach mar a ghlactar é agus é a ghlacaint go réidh * * * *

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3