Guth Ghoill, Eagrán 27

Eagrán 27 Lúnasa 2009 8 Albain - An Ceangal In am an Dáil Riada is saighdiúirí cróga a tháinig chugainn ó Albain. Níos déanaí arís tháinig na Gal- lóglaigh ag tarrtháil ar Ultaibh. Ag deire an naoú haois déag agus ag tús an fichiú aois, tháinig iascairí, cúipéirí agus ceannaitheoirí éisc chun na nDúnaibh agus is mór an tionchar a bhí acu ar an cheantar seo. Tá Óstán Bhá na nDúnaibh suite ar an suíomh ar tógadh “An Bungalow” air a bhunaigh John Duthie as Albain, fear a tháinig anseo ag ceannacht scadán thart fá chéad bliain ó shin. Tógadh an Cúipéireacht san am chéanna, áit a rinneadh bairrillí fá choinne na scadáin. Tógadh an “John Duthie Memorial Hall” ina onóir, áit a mbeadh cruinnithe, basáir agus caitheamh aimsire de gach sórt sa tsean-am. Is ann a chonacthas lampaí “tilly” don chéad uair. Bhí sean amhrán a chum duine éigin as an áit ina raibh an líne – “The Tilly Lights were burning bright as we entered the Bazaar”. Ansin nuair a tháinig meath ar thionscal na h-iascaireachta thosaigh muintir na nDúnaibh ag imeacht go tuaisceart na hAlban, go háirithe go Lerwick sna Shetlands le hobair ag na scadáin, áit a bhfuil cónaí ar chuid acu go fóill. Sna blianta deireanacha, sin na blianta maithe nuair nach raibh in anás agus ocras ach caint na sean- mhuintire, na blianta maithe séanmhara saibhre sin, chuaigh muid go hAlban le siopadóireacht na Nollag a dhéanamh (sular thosaigh muid ag dul go Nua- Eabhrac!). Chuaigh muid fá choinne deire seachtainí le Highland Radio chuig coirmeacha ceoil. Chuaigh muid inár dtréada go Park Head le tacaíocht a thabhairt do Ghlaschú Celtic agus i rith an ama bhí muid ag dlúthú ceangal an chairdis a bhí eadrainn féin agus Albain. I ndeire na seachtóidí agus le linn na n-ochtóidí chonaic muid cuid mhór de mhuintir Dhún na nGall ag pilleadh lena gcuid teaghlach agus ag cur fúthu anseo. Míníonn sé seo daoibh an chúis atá le blas Albanach a bheith ar chaint lear den aos óg (meán- aosta anois b’fhéidir). Ach oíche Mháirt is a chuaigh thart tháinig dream a theann an dlúth-cheangal eadrainn níos mó ná rinne iascaireacht nó peil, ‘s iad sin dream ceoltóirí as Albain atá ag coinneáil na teanga beo lena gcuid amhrán, a gcuid ceoil agus a gcuid scéalta. Ba bhreá an oíche a caitheamh in Óstán na Trá, áit ar chur siad ceolchoirm i láthair i gcuideachta le cúpla duine as ár gContae féin mar a bhí Gearóidín Breathnach, a mac Gearóid agus Breandán Caománach. Ba seo dream ar a dtugtar “Feis Cheann Loch Goibhle” a thagann faoi scáth “Feisean nan Gaidheal”, a bhfuil sé d’aidhm acu teanga, cultúr agus ceol na hAlban a chothú agus a athbheochan agus teagmháil a dhéanamh le tíortha ceilteacha eile, le haontú leo i gceol, i gcaint agus i ndamhsa. Seo dream meidhreach bríomhar ceolmhar a bhfuil bean darbh ainm Christine Nic an tSaoir as Oileán Leódhas mar eagraí air. Tá Christine ina scéalaí iontach agus choinnigh sí a lucht éis- teachta faoi dhraíocht le scéalta na n-oileán agus is beag an difear atá eatarthu agus scéal- ta an Íochtair nó an Uachtair, an taobh thoir nó an taobh thiar – an sórt amháin coim- hlinte idir Leóbhas theas agus thuaidh, na scéalta grinn bunaithe ar an iomaíocht sin. Is in Argyle atá Christine lonnaithe anois agus shíl sí ós rud nach raibh Éire ach dhá mhíle dhéag ón Mull of Kintyre agus an teanga a labhairt ach ag dul i meath sa dá thír, gur mhaith an rud teacht le chéile. D’éirigh léi maoiniú a fháil ó “Homecoming 2009” scéim atá ar siúl in Albain agus ós rud é gur Naomh Colmcille an ceangal is mó atá idir an dá thír is air a bhunaidh siad an turas. Ní gá domh scéal Cholmcille a insint inniu. Tá trácht déanta ag an iomarca daoine cheana, ní a lúide Proin- sias Ó Cuilinn a scríobh agus a léirigh an dráma “Peaca Cholmcille” a ghnóthaigh gradam agus cáil ar a shon. ‘Sea, chinn siad lorg Cholmcille a thriall. Thosaigh siad in Machaire Rátha i nDoire agus chuaigh siad ó na Dúnaibh go Gleann Cholmcille agus ansin ar ais go hOileán Í. Bhí Clár Nic Shiúrtáin ag seinm ar an mhéarchlár, Micheál Mac Maoláin ar an bhosca ceoil, Marcus Dé Brús ar an ghiotár, Breandán Caománach ar an fhliúit, Anna Ní Dhuibh ar an fhidil agus Gearóidín Breathnach agus a mac Gearóid ag canadh agus ag inse scéalta. Scéalaí agus amhránaí den scoth i Gearóidín agus is breá an ceoltóir é Gearóid fosta. Cuireadh grianghraif, de chuid Derek Prescott, d’áiteanna áille na n -oileán i láthair fhad is a bhí an ceolchoirm ar siúl agus chuir siad loinnir ghalánta ar an oíche. Oíche mhaith chraic, gháire, cheoil agus amaidí a bhí ann agus bhain an lucht éisteachta sult mór as. Tá súil agam go mbeidh neart oícheanta den sórt sin mar tá mise tinn tuirseach ag éisteacht fan “recession”. Finola Harte Christine Nic an tSaoir Ag an cheolchoirm in Óstán na Trá

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3