Guth Ghoill, Eagrán 27
Eagrán 27 Lúnasa 2009 9 Droichead na Maoile Ruaidhe Is iad leithinis Fhánada agus leithinis Ros Goill an dá leithinis is faide ó thuaidh sa tír, taobh amuigh d’Inis Eoghain, agus tá ceangal láidir idir an dá phobal le fada an lá. Is ait an rud le rá go raibh i bhfad níos mó cumarsáide idir an dá phobal roimh theacht an ghluaisteáin, nuair nach raibh an oiread forbartha ar an teicneolaíocht ná ar an bhonneagar agus atá sa lá inniu. Ach is dócha go mbeidh athrú scéil ann gan mhoill. Tá carraig bheag thíos faoi reilig Mhíobhaigh, ar bhruach na Maoile Ruaidhe ar a dtugtar Leac a’ Churaigh agus is cruthú cuim- hnitheach é seo ar na laethanta ar ghnáth le cuid de mhuintir Fhánada a gcorpáin a thabhairt anall trasna na farraige le hiad a chur sa reilig seo. Is iomaí scéal a chuala muid uilig fá mhuintir Fhánada ag trasnú na Maoile Ruaidhe ina gcuid curach le móin a bhaint i bportaigh dheiscirt an pharóiste seo chomh maith. Chan an bealach amháin uilig a bhí an trácht ag dul, áfach, mar is iomaí scéal a chuala muid fá fhir óga as Ros Goill ag dul soir go Fánaid ar lorg cuideachta, ag dam- hsa, ar thóir lúthchleasaíochta, ag imirt peile agus ag suirí! Cé go raibh mórán áiteacha ina dtiocfaí trasnú níos giorra a dhéanamh thar shruthan- na chontúirteacha na Maoile Ruaidhe, bhí tús áite ag áit amháin, ba sin idir Ramhar Ros agus Leithead. Bhí cúpla cúis le seo: Ba áit straitéiseach í seo, i ngar do theach mhór an Tiarna Liatroma, Manorvaughan; bhí céidheanna tógtha sna háiteacha seo, ónar fhág gal-bhád an tiarna Liatroma ar a bealach go Doire agus Glaschú, dhá uair sa tseachtain. Ní raibh tairbhe sna háiteacha eile, toisc go raibh pobal fánach iontu nó nach raibh siad cóngarach do shráidbhailte nó áiteacha ina raibh gnó ar bith ar siúl. Agus is mar seo a cu i readh tús l e i s an t se i rbh í s farantóireachta idir an dá leithinis. De réir an Leifteanant Lancey agus é ag scríobh in Suirbhéireacht Ordanáis 1834 -35, ‘The communication with Fanet is by the Fer- ry of Rawris. The ferryman pays 5£ per an- num for the privelige of passing cattle and passengers over for which he is allowed to charge 4d a head for the former and 2d for the latter. Two boats are kept.’ (L. 147 “Mevagh Down the Years). Sa bhliain 1835, tháinig fear darbh ainm Ó Donnabháin fhad le Leithead, i bhFánaid agus scríobh sé seo ina dhialann: ‘Sheas muid anseo, ag déanamh achan sort comhartha, ar feadh dhá uair a’ chloig, sula dtiocfadh linn aire na ndaoine ar an taobh eile a tharraingt orainn. Bhí muid ar maos idir an dá linn, de bharr na ceathanna troma a thit orainn. Sa deireadh, nocht fear as Ros Goill ar an trá os ár gcomhair agus cé gur aithin sé gur strainséirí a bhí ionainn agus go raibh fonn mhór orainn an báidh a thrasnú, bhí i bhfad níos mó fonn airsean a chuid coirce a shábháil. Ó ba rud é nach raibh an dara suí sa bhuaile againn, rinne sé neamh-aird ar fad dúinn, cé gur scairt muid go confach ina threo. Ansin tháinig bád beag aníos an cha- náil le lasta móna ar bord agus nuair a chonaic mo dhuine muid ag scairtigh leis an bhád seo, chaith sé uaidh a speal, d’fhág sé a choirce ag an fhearthainn agus chuaigh sé i mbun na rámha faoi dheifir mhillteanach, ar eagla go gcaillfeadh sé luach a shaothair.’ Níl mórán athraithe ar an nádúr daonna le cúpla céad bliain anuas! Tá dlúth cheangal idir an t-ainm Mac Giolla Choinnigh agus an tseirbhís farantóireachta, mar ba iad a chuir an tseirbhís ar fáil ón chéad lá riamh go dtí an t-am ar críochnaigh sé sna 1960í. Ba sheirbhís ilchumasach é a d’iompair rud ar bith idir litreacha, dhaoine, mhóin is mhuca! Dhíol Oifig an Phoist, Carraig Airt trí scilling déag sa bhliain fá choinne na pribhléide an bád a úsáid achan lá mar go ndeachaigh fear a’ phoist go Fánaid leis an phost fosta. Tá cuimhne mhaith ag Colm Ó Buaidhe as Carraig Airt ar é ag dul Pictiúr ó Liam Mac Conaglaigh
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3