Guth Ghoill, Eagrán 28
Eagrán 28 Deireadh Fómhair 2009 12 Coirnéal Thuathail Nach mór a chuireann an t - am isteach orainn i rith ár saol. Tosaíonn sé mar seo: Cén t - am ar rugadh é? Cén t - am a dtéann sé a luí agus cén t - am a n - éiríonn sé? Caidé an t - am a bhfuil an baisteadh ann? Cén t - am ar ghlac sé a chéad choiscéim? Cén t - am a bhfuil sé ag dul na scoile agus cén t - am a bheas sé ag teacht abhaile? Cén t - am a bhfaighidh sé a Chéad Chomaoineach agus téann seo ar aghaidh go dtí an chéad lá a théann sé ag obair don Stát? Ansin tosaíonn sé ag obair ar cheathrú i ndiaidh a naoi agus am dinnéir ann go dtí ceathrú i ndiaidh a dó. Stopann sé ag leath i ndiaidh a cúig agus bíonn sé sa bhaile ag a sé fá choinne na nuachta. Téann sé a luí ag a haon déag agus éiríonn sé ag a hocht le dul ar ais ag a chuid oibre. Tá suas le daichead bliain de seo le déanamh aige sula dtig leis a dhul amach ar phinsean. Sna cúig nó sé bliana deireanacha dá chuid seirbhíse tá sé ag éirí an - tuirseach ag amharc ar an chlog agus ag guí achan oíche le fáil réitithe den chlog seo. Ansin tá sé ag dul amach ar phinsean agus tá cóisir mhór ag a chairde dó. Tá siad uilig ag caint faoin fhear dheas atá ann, fear atá an - mhaith agus i gcónaí in am ag dul áit ar bith. Anois, tá bronntanas faoi chlúdach acu dó. Tarraingíonn siad an clúdach de agus an gcreidfeá caidé atá ann ach cnapán de chlog urláir (grandfather clock). Buaileann sé buille ar an uair agus ar an leath uair agus tá seo ag dul ar aghaidh lá agus oíche. Ní amháin sin ach ag an mheán oíche, nuair atá an fear ag titim iaa chodladh, buaileann sé dhá uair déag. Sin é, ar eagla na h - eagla go ndéanfadh sé dearmad den am. Chomh maith leis sin tá aghaidh mhór ar an chlog seo ar eagla nach mbeadh sé ábalta é a fheiceáil mar is cóir. Ansin tagann scéala amach go bhfuil an fear bocht gairid san anáil agus mar a deir siad, dearg san aghaidh, agus is dóiche go bhfuil an croí ag dul dó. Isteach go dtí an ospidéal leis. Croitheann an dochtúir a cheann agus amharcann sé suas sna flaitheas. Deir an dochtúir leis fhéin, “ D ’ fhág an boc seo é mall ag teacht chugamsa ach is dóiche gurbh fhearr domh seach - chonair (bypass) a dhéanamh air fada nó gairid a mhair- eann sé. Toil Dé go raibh déanta ach tagann drochscéal abhaile ón ospidéal go bhfuair sé bás ar an tábla. Cuireann seo iontas agus brón ar a chomharsana ach an rud is mó atá ag cur isteach orthu ná, “ Cén t - am a bhfuil siad ag tabhairt a choirp abhaile? Cén t - am a bhfuil an paidrín ann agus cén t - am a bhfuil siad a chur? ” Nach mór a chuireann an t - am isteach orainn ó thús go deireadh ár saol! Ansin deir siad go bhfuil sé seo ná siúd ag seasamh an ama amach go maith. Mar a dúirt mo chara Peter liom lá amháin a chas sé orm ag teach a ’ phobail “ Nach maith an mhaise duit agus tú i do rith thart gan bataí le cuidiú leat nó gléas éisteachta ag crochadh amach as do chuid cluas go fóill ”. Gabh mó leithscéal ach chonaic mé mo chara ag an Aifreann bliain nó dhó ó shin agus bata draighin leis fhéin. Déarfainn b ’ fhéidir go raibh aicíd bhacach na gcearc air ach buíochas le Dia tchím é ina rith thart arís agus é go breasantach. Clann a ’ Bhacain as Doire a ’ Chasáin. Bhí an dream seo in ainm a bheith breá géar ina gcuid freagraí. Bhí beirt dheartháireacha sa teach seo am amháin agus an gcreidfeá gur John an t - ainm a bhí ar fhear acu agus Seán a bhí ar an fhear eile. Chaith John seal dá shaol i Meiriceá. De réir an scéil a hinsíodh domhsa bhí sé istigh i mbialann lá amháin agus thit sé amach leis an úinéir. Chuir an t - úinéir é amach agus dúirt John leis go bhfaigheadh sé gunna agus go mbeadh sé ar ais lena chloigeann a scaoileadh de. Cheannaigh sé gunna ach is dóiche go raibh fear an tsiopa amhrasach fá dtaobh de agus “ blanks ” go huile a thug sé do John. Ar ais go dtí an bhialann leis agus scaoil sé urchar nó beirt ach ní raibh maitheas ar bith iontu. Tré- an toite! Thit an tóin amach as ansin nuair a bheir na péas air agus rinneadh é a deportáil ar ais go Doire a ’ Chasáin. Tamall ina dhiaidh sin bhí meitheal ag tabhairt móna abhaile do Shearlaí Phaidí Mhadgie agus bhí Dinis s ’ againne ar an mheitheal. Ar an lód deireanach chuaigh siad siar go Óstán Walsh le deoch a fháil agus cé a bhí ina shuí thuas ar stól ard ach Den a ’ Bhacáin, deartháir de John a bhí i Meiriceá. Chuaigh Searlaí Phaidí Mhadgie i gceann comhrá le Den agus chuir sé ceist air faoi caidé mar a bhí John ag fáil ar aghaidh ó tháinig sé as Meiriceá. “ Le bheith fírinneach leat a Shearlaí ” a dúirt Den, “ cha dtabharfainn pingin duit ar lasta soithigh de na Yankies sin ”. Nach é a bhí maslach agus é ag caint fá na Yankies. Chas Séamas Ó hEarcáin as faoin Chraoslach orm lá amháin agus bhí sé ag insint scéil domh faoin am a bhí sé ag dul thart ag díol árachais blianta fada ó shin. Bhí sé thíos i dteach a ’ Bhacáin agus nuair a bhí sé réidh le himeacht d ’ iarr Den air suí tamall eile mar go raibh cearc aige sa ghríosach faoin tine. Thart fá fiche bomaite nó mar sin ina dhiaidh sin, scríob sé amach an tine agus sa ghríosach bhí cnapán lab agus é dearg leis an teas. Bhris sé suas an lab agus an gcreidfeá go raibh an chearc rósta agus na cleiteacha uirthi go fóill. Thóg sé amach ar scála í agus bhain sé an craiceann agus na cleiteacha dí. Thug sé steall den chearc do Shéamas agus de réir Shéamais ba í an chearc ba dheise agus ba bhlasta a d ’ ith sé ina shaol. Tchíonn tú sna scannáin ó am go h - am na buachaillí bó ag róstadh éanlaithe. Bhuel is dóiche go raibh giota maith de na buachaillí bó sa dream seo sula raibh iomrá ar bith ar na scannáin sin sa cheantar seo. Proinsí Mac Giolla Bhríde.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3