Guth Ghoill, Eagrán 28

Eagrán 28 Deireadh Fómhair 2009 13 Seal i Meiricéa Theas i 1997 Nuair a bhí mise ar an ollscoil rinne mé Tír Eólaíocht mar abhár céime. Ceann de na ceantair is mó a chur mé suim ann ná Meiricéa Theas. Bhí an stair agus an pholaitíocht suimiúil ach casta agus conspóideach, ó am na ndaoine dúchasacha go dtí teacht na Spáinnigh, go dtí an bhochtaineacht agus an mhí - chothramaíocht a bhí ann nuair a thug mise cuairt air. Bhí cineál de mí - chliú ar an mhór - roinn fosta mar gheall ar na cogaí a bhí ag tarlú, agus méid agus neart na n - eagraíochtaí para - mileatacha a bhí ag troid i roinnt de na tíortha ann. I ndiadh mo chéime a bhaint amach, d ’ obair mé ar feadh naoi mí chun an t - airgead a chur le chéile le díol as an turas. Rinne mé iarracht giota beag Spáinnise a fhoghlaim, agus i mí Aibréan 1997, bhí mé reidh le himeacht ar feadh trí mhí. Ar a laghad, shíl mé go raibh mé reidh! Rachainn do dtí Peiriú ar dtús, ceartlár seanimpireacht na nInca agus cliú agus cáil air mar gheall ar méid agus áilleacht na n - iarsmaí seandálaíochta a bhí sa tír. D ’ imigh mé ar an eitléan ó Bhaile Átha Cliath go luath ar maidin ag deireadh mí Aibréan, go hAmsterdam, ó Amsterdam go Arúba, agus as sin go Lima, príomhchathair Peiriú. Nuair a bhí an t - eitléan ag teacht isteach go Perú, thosaigh an t - amhras agus an t - imní. Bhí mé ag fiafraigh díom féin – caidé a bhí mé ag déanamh anseo, liom féin, ar bheagán Spáinnise, agus gan tuairim ar bith agam fan chathair seo a raibh mé ag teacht isteach chuici, agus an oiread sin daoine i ndiadh na scéalta aiféiseacha agus uafásacha a insint domh faoi Mheiricéa Theas sular imigh mé. Ach choinningh mé mo chiall agus mo cheann, agus i ndiadh teacht amach as an aerphort domh shocraigh mé tacsaí a fháil isteach go dtí an bhaile mhór. Lima Fuair mé lóistín furasta go leor an oíche sin, ach cha raibh mórán suaimhnis agam. Bhí Peiriú i ndiadh an bua a fháil ar an Choloím an oíche sin i gcluiche cáilithe don Chorn Domhanda sa sacair, agus bhí achan duine sa chathar ar mire, nó ba é sin a rud a shíl mise. Ach shocraigh mé sa deireadh agus thit mé i mo chodhladh. Cosúil le cuid mhaith de chósta Peiriú, tá Lima suite san fhásach nó sa ghaineamhlach, agus is cathair thirim the atá inti gan mórán faoisimh le fáil ón aimsir sin. Chaith mé roinnt laethanta i Lima, áit a bhfuil lear iarsmalann. Ba é an áit ab fhearr liom ann ná Iarsmalann Seandálaíochta agus Antraipeolaíochta. Bhí dúil mhór agam san Iarsmalann Óir fosta. Bhí cuid mhór déantúsán (artefacts) suimiúla sa dá iarsmalann a bhain le stair agus cultúr na tíre. Ceann de na cinn ba shuimiúla ná blaosc fir ina bhfuil diamaint ann in áit na bhfiacla! As Lima d ’ imigh mé go dtí cathair eile ar an chósta darbh ainm Písco. Thug mé cuairt ar na hÓiléain Ballestas ó Pisco. Ta saol saibhir ainmhithe ar na hoiléain seo, go háirithe na rónta, éanacha, agus na piongainí. Bhí neart acu ann nuair a thug mise cuairt ann, ach achan chúpla bliain nuair a thagann El Niño, déantar scrios ar dhaonra na n - ainmhithe, mar nach mbíonn bia ar bith san fharraige dóibh. Ballestas

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3