Guth Ghoill, Eagrán 28
Eagrán 28 Deireadh Fómhair 2009 14 Ayacucho Ó Pisco chuaigh mé go Ayacucho. Bhí sé cosúil le gabháil isteach i ndomhan agus i saol eile ar fad. Tá Ayacucho sna sléíbhte, 2800m os cionn na farraige. Is í Quechua an phríomh - theanga sa chathair fosta, níl morán Spáinnise agus níl Béarla ar bith le fáil ann. Is áit aisteach í Ayacucho. Fiú ainm na cathrach, ciallaíonn sé “ áit na marbh ”. Tá 33 theach phobail ann, níos mó ná baile ar bith eile sa tír. Is áit chailiúil í le haghaidh comóradh na bhféilte eaglaise. Ach tá mí - chlú ar Ayacucho mar atá ar Chrois Mhic Ghlionáin in Éirinn. Is áit breithe an Sendero Luminoso í. Ó 1980 ar aghaidh, cha raibh smacht ar bith ag airm na tíre ar Ayacucho nó ar an cheantar thart timpeall uirthi. Tugadh comhairle domh i Lima agus i bPisco gan dul go Ayacucho i m ’ aonar. Ach d ’ imigh mé. Ar mo bhealach isteach go dtí an cheantar, bhí seicphointe ann agus rinne an t - airm cuntas ar achan duine a bhí ag dul isteach. D ’ amharc siad ar phas achan duine againn. Caithfidh achan duine síneadh isteach agus síneadh amach as na ceantair seo. Ach lig siad domh agus bhí mé ar mo bhealach. Bhí mé ag stopadh i dteach lóistín cóngarach don ollscoil ina mbíodh Abimael Gúzman ag teagasc, iar - cheannaire na Senderistas. Chaith mé trí lá anseo, ag tabhairt cuairt ar na balloga seandálaíochta sa cheantar, ina measc Pikimachay, uaimh ina raibh daoine ina gconaí thart fá 20,000 bliain ó shin. An lá céanna chas bean orm a raibh áit lóistín aici, ach níor labhair sí Spáinnis ar bith. Thug sí ar a mac, a bhí amuigh ag tréadaíocht na lámaí, agus a bhí thart fá ocht mbliana d ’ aois, aistriú a dhéanamh ó Quechua go Spáinnis go bhfeicfeadh sí an raibh áit de dhíth orm, ach bhí áit agam cheana féin in Ayacucho agus lean mé orm. Ó Ayacucho, chuaigh mé go Cusco, turas bus a ghlac chóir a bheith 24 uair! Chuaigh an bealach seo trasna an altiplano (an puna i Quechua), os cionn 4000m ar airde agus ansin tríd Andahuaylas. Seo ceann de na bealaigh is contúirtí a raibh mé air riamh, agus titim de 1,000m nó níos mó ar thaobh amháin de. Ar an turas seo bhí girseach ag iarraidh Quechua a theagasc domh, ach bhí tinneas cinn ormsa mar gheall ar an airde agus ní raibh mórán suime agam ina hiarrachtaí. Cusco Bhíodh Cusco ina phríomhchathair ag na hIncigh. Fiú anois is baile mór é. Bíonn lear turasóirí ann i rith na bliana, ach go háirithe i rith an tséasúir thirim ó Bhealtaine go Deireadh Fómhair. Is cathair shuimiúil í fosta. Tá an seanchathair leagtha amach ar phlean Puma, agus an chearnóg i lár an bhaile mar chroí an púma. Is ceann d ’ ainmhithe beannaithe na nInceach é an púma. Is é ceann an púma ná Sacsayhuaman ó thuaidh ón chathair, agus ballaí Sacsayhuaman mar fhiacla an púma. Bhíodh teampall san áit a raibh inchinn an chait mhóir. Tá caighéan togála na ballaí i gCusco do - chreidte. Cusco Ballaí Sacsayhuaman
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3