Guth Ghoill, Eagrán 28

Eagrán 28 Deireadh Fómhair 2009 15 Machu Picchu Cé gur áit ghalánta Cusco, bhí níos mó suime agam Bealach na n - Inceach a shiúl go dtí Machu Picchu. Maireann seo ceithre lá. An chuid is airde den bhealach tá sé ceithre huaire comh hard le Corrán Tuathail, an sliabh is airde in Éireann. Tá Machu Picchu féin thart fá dhá uair chomh hard le Corrán Tuathail. Bhí mé ag siúl le beirt eile gurb ón Ghearmáin dóibh. Ar an lá deireanach d ’ éirigh muid ar a ceathar a chlog ar maidin, le go mbainfeadh muid Inti Punku (Geafta na Gréine) amach le breacadh an lae. Deirtear gurb é seo ceann de na radharcanna is fearr ar domhan, ag amharc ar an ghrian ag teacht aníos os cionn bhallógaí Machu Picchu. Ach i ndiadh ceithre lá ag siúl agus a bheith inár suí chomh luath sin ar maidin, bhí na scamaill chomh híseal agus an fhearthainn chomh holc sin nach raibh mé ábalta a dhath a fheiceáil . . . bhí sé díreach cosúil le bheith sa bhaile in Éirinn! Chaith mé cúpla uair ansin ag feitheamh leis an ghrian agus mé ar maos. Cha dtáinig sí . Chuaigh mé síos go dtí baile beag sa ghleann thíos faoi Machu Picchu agus chaith mé an oíche ansin. Tháinig mé aníos arís an chéad lá eile agus bhí an spéir gorm agus an ghrian ag taitneamh. Caitfidh gurb í ceann de na háiteacha is deise ar domhain í Machu Picchu. Áit mhaorga in ómos do dhaoine cliste, críónna agus eolach. Tugtar an Gleann Naofa ar an ghleann atá ag síneadh amach ó Cusco i dtreo Machu Picchu. Seo toisc go bhfuil an méid sin láithreacha seandálaíochta sa cheantar, ceann de na háiteacha is saibhre ar domhan ó thaobh áiteacha den chinéal seo. Thiocfadh leat cúpla mí a chaitheamh sa ghleann seo dá mbeadh fonn ort sin a dhéanamh agus an t - am agat lena dhéanamh . Ó Cusco chuaigh mé ar aghaidh ansin go cathair Puno ar chladach Lago Titicaca. Rinne mé an turas seo ar thraein, agus ar an bhealach amach as Cusco, chuala muid tormán. Stop an traein go tobann agus nuair a d ’ amharc muid amach an fhuinneog, chonaic muid go raibh an carráiste deireannach scartha ón traein! Bhí moill ann ar feadh tamaill, go dtí go raibh siad ábalta an carráiste a cheangailt don traein arís, agus ansin ar shiúl linn, ar ár mbealach go Puno . . . Puno – Lago Titicaca Tá Lago Titicaca suite 3812m os cionn na farraige. Seo an loch is airde inseolta ar domhan. Ar an loch seo tá na hÓiléain Uros le fáil. Seo oiléain atá déanta as giolcaigh (reeds) atá ar snámh ar uisce an Locha. Tá sé aisteach na daoine a fheiceáil ag maireachtáíl ar na hoiléain seo, ainmhithe agus achan rud amuigh leofa. Amach liom thar an teorainn ansin go dtí an Bholaibh (Bolivia). Ach scríobhfaidh mé faoin mhí a chaith mé ansin am inteacht eile . . . Beidh tuilleadh faoi mo thuras go Meiricéa Theas sa chéad eagrán eile. Cormac Goulding Machu Picchu Ná déan sú ar an ghiorria go mbeidh sé sa phota agat.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3