Guth Ghoill, Eagrán 28

Eagrán 28 Deireadh Fómhair 2009 17 Feadaímó Bhí an táin lena raibh Feadaímó fostaithe faoi ionsaí ag gadaithe. Bhí an grásaeir, Domhnall Ó Dála ar an chairt le Feadaímó. Bhí seisear tiománaí leis an táin, beirt acu sin, Seán agus Tuathal, ar chapaill. Bhí Colm, an tiománaí ar an ardán ar chlé ag déanamh a dhícheall seasacht in éadan na ngadaithe ach bhí rudaí ag teacht teann air. Chaith Feadaímó uaidh an seál a bhí sé ag caitheamh lena fhéin a choinneáil i bhfolach, chuir sé cloch óna phóca isteach ina thabhall, fuair sé greim ar a bhata draighean agus léim sé den chairt. Rith sé féin agus Domhnall i dtreo na troda. Lean Paidí agus Éamonn, beirt eile de na tiománaithe iad ach d ’ fhan Séamaí, an tiománaí ar an ardán ar dheis san áit ina raibh sé ar eagla go dtagadh ionsaí eile ón treo sin. Chonaic Feadaímó an tiománaí, Tuathal, ar an taobh eile den ghleann agus cé go raibh capall aige bhí sí greamaithe istigh idir an abhann agus an táin agus cha raibh dóigh ar bith a bhfaigheadh sé a fhad le Colm in am. D ’ amharc sé thart go tapaigh ach cha dtiocfadh leis Seán a fheiceáil. “ Tá Colm san fhaopach, a Fheadaímó, ” scairt Domhnall, agus é ag iarraidh a anáil a fháil. “ Caithfidh go bhfuil ochtar acu thuas ansin ” “ Ochtar ar a laghad, ” arsa Feadaímó, “ bhí luíochán réidh acu ar mhullach an ardáin. ” Is iad na capaill an t - aon dóchas atá aige ” arsa Éamonn, fear mór trom a bhí ag déanamh a dhícheall coinneáil suas le Feadaímó, “ mar níl dóigh ar bith a mbeidh sé ábalta é féin a cho- saint go bhfaighidh muidinne a fhad leis. ” Chuir Feadaímó achan unsa nirt ina chorp isteach sa rása agus d ’ fhág sé na boic eile ina dhiaidh. Bhí cosán an ardáin measartha cothrom agus bhí sé ag tarraingt go tapaigh ar an mhelée. Chuala sé scread agus chonaic sé Colm ag titim agus scaifte thart air, ach sula dtáinig Feadaímó a fhad leis bhris Seán isteach eatarthu ar a chapall. Bhí gach cosúlacht ann go raibh na gadaithe ag súil leis an chapall mar lig fear mór rua scread as féin agus léim siad uilig ar cúl ag an bhomaite dheireanach agus char bhuail an capall duine ar bith acu. Ceannaire na ngadaithe a bhí san fhear rua agus lig sé scread mór amháin amach as agus rinne siad uilig ionsaí ar an chapall. Bhuail fear acu srón an chapaill le casúr adhmaid ach in áit titim chuir an capall a dhá chos tosaigh in airde agus leag sé an fear. Bhí Seán ag súisteáil go cróga ar achan thaobh lena bhata agus bhí fear amháin leagtha aige, ach chan fhaca sé an fear rua ar a chúl agus é réidh le gabhlóg a chuir isteach faoina easnacha ann. Char chur Feadaímó cosc de shórt ar bith ina rása ach luasc sé an tabhall cúpla uair thar a chloigeann agus theilg sé an chloch. Phléasc an fola ó bhéal an fhir rua sular thit se ina chnapán ar mhullach a ghabhlóige. Chuir seo iontas go bráth ar na gadaithe eile agus thi- ontaigh siad thart ag cuardach foinse an ionsaithe seo. Chonaic siad an fathach ag tarraingt orthu agus triúr fear láidir sna sála air. Cha raibh rudaí ag obair amach dóibh mar ba chóir ar chor ar bith agus, gan a gceannaire ansin le treoir a thabhairt dóibh, bhí siad uilig tríd a chéile. Lig Feadaímó scread as agus léim sé isteach sa mhullach orthu. Tháinig Seán isteach ar a gcúl leis an chapall agus ansin bhí Domhnall agus an bheirt eile is- tigh i lár an ghreadáin. Thosaigh an troid. Radharc iontach a bhí ann Feadaímó a fheiceáil agus an fhuil tógtha ann. Cha raibh fear ar bith sna trí paróistí a sheasfadh ina éadan agus b ’ amhlaidh a bhí sé anseo. Bhí sé amuigh chun tosaigh agus a bhata ag dul mar a bheadh roth muilinn ann ag briseadh cnámha agus ag scoilteadh cloigne. Bhí na tiománaithe eile ag súisteáil chomh díograiseach lena mbataí féin agus cé gur na gadaithe a chur an luíochán i bhfeidhm, bhí sé i ndiaidh tiontú orthu mar a bheadh portán mór i gcurach nach raibh a chrúb gearrtha i gceart. Anois, b ’ iomaí cath a troideadh in Éirinn roimhe seo agus ó shin, ach, char troideadh mórán acu ina raibh an oiread sin nimhe ina gcroíthe ag taobh amháin don taobh eile mar a bhí ag na tiománaithe do na gadaithe. Má bhí trócaire de shórt ar bith ina gcroíthe char thaispeáin siad í an uair seo. Má thit gadaí ar an talamh le buille d ’ fhan sé ar an talamh. Bhí a fhios ag na gadaithe go raibh an lá caillte agus iad sin a bhí ábalta, rinne siad iarracht briseadh ar shiúl ón ghreasáil. Ar an droch uair dóibh bhí Tuathal ar an ar- dán faoin am seo agus b ’ fhurasta dó fhéin is dó Sheán iad a leagan leis na capaill. Bhí an cath thart. Gadaí ar bith a raibh bata nó gabhlóg ina lámh aige chaith sé uaidh é agus chuaigh sé síos ar a ghlúine ag guí ar shon trócaire, rud a bhí gann ar an ardán an lá sin. Tarraingíodh an t - ochtar acu isteach i gciorcal agus cheangal Domhnall lámha s ’ acu le rópa. Chuidigh Paidí agus Éamonn le Colm. Bhí a chloigeann scoilte agus bhí sé doiligh a aghaidh a fheiceáil bhí an méid sin fola ag sileadh óna chloigeann. Stróic Éamonn píosa de léine Choilm agus chuir sé é ar an ghoin. “ Lorda, ” arsa Éamonn, “ fuair tú léasadh ceart, a chara. ” Rinne Colm iarracht éirigh. “ Fan i do shuí, ” arsa Paidí go himníoch. Níl a fhios againn cad é ’ n dochair atá déanta duit go fóill. ” “ Tá mé ceart go leor, ” arsa Colm, seo, cuidigh liom seasamh. ” Bhí sé rud beag meadhránach is é ar a chosa ach de réir a chéile tháinig sé aige féin. Chuaigh sé anonn chuig an áit a raibh na gadaithe, cuid acu ina suí agus beirt acu ina luí ar an talamh. “ Cá bhfuil an bastard sin Condí Rua ” a dúirt sé. Cha raibh focal as an bhaicle ach chuaigh Domhnall síos ar a ghlúine agus thóg sé cloige- ann an fhir rua. “ Tá Condí bocht ina chodladh, ” arsa Domhnall go searbhasach, “ níl a fhios agam ar chóir dúinn blaincéad a chur air, char mhaith liom go bhfaigheadh sé slaghdán nó rud ar bith. ” “ Is cuma sa diabhal liom fá cad é ’ n mí - ádh a thagann ar an bhoc sin ”, arsa Cholm, agus é ag siúl thart ar na gadaithe. ” Bhí iontas an domhain air. “ Cad é ’ n dóigh faoi Dhia a raibh sibh ábalta an bua a fháil orthu mar seo? ” Sheas Domhnall. “ Sin an dóigh, ” a dúirt sé agus a mhéar dí- rithe ar Fheadaímó. “ Chan fhaca mé a leithéid de rud ariamh is an dóigh a rinne sé smidiríní d ’ fhiacla Choindí rua. Agus rud eile. ” Stad sé ag caint agus shiúl sé anonn chuig Seán. “ A Sheáin, scairt sé. Bhí Seán ag amharc síos ar an táin i rith an ama agus thiontaigh sé. Bheir Domhnall ar shrianta a chapaill. Ba chóir duit buíochas a ghabháil le Feadaímó, a Sheáin. Ab é eisean bheadh muid ag tarraingt gabhlóg Choindí Rua amach as d ’ ae. ” D ’ amharc Seán anonn ar Fheadaímó. “ Go raibh maith agat, a chara, tá me faoi do choimirce, is

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3