Guth Ghoill, Eagrán 28
Eagrán 28 Deireadh Fómhair 2009 18 beidh go deo. Thóg Feadaímó a lámh, “ déan dearmaid de, tá muid uilig sa bhád amháin anseo. ” “ Bhail, ” arsa Seán, “ cha ndéanfaidh mise dearmaid mar ---- ” Stad sé mar chuala siad scairt uafásach ó Shéamaí. D ’ amharc siad uilig soir ar an ardán eile. Bhí an dorchadas ag druidim isteach ach bhí siad ábalta scáth Shéamaí a dhéanamh amach ag déanamh geáitsí lena lámha agus é ag damhsa mar a bheadh fear mire ann ag iarraidh á n - aird a tharraingt ar an táin. Is Seán a chonaic ar dtús iad. “ Amharc, tá gadaithe ar chúl na tána ” Lig Domhnall racht mionnaí móra as agus é ag déanamh iarracht iad a fheiceáil. “ Níl mo radharcsa chomh maith is a bhí, a dúirt sé, “ chan fhei- cimse a dhath. ” Bhí Feadaímó ina sheasamh ag a thaobh faoin am seo. “ Tá siad ann, a dúirt sé, cúigear acu agus tá suas le scór de na ba gearrtha amach acu. Níl siad ag cur am ar bith amú ach oiread ” D ’ amharc sé ar Sheáin. “ An iompródh an capall sin beirt? ” “ Dá mbeadh spás go leor ar a dhroim d ’ iompródh sé muid uilig, a chailleach, ” arsa Seán. “ Goitse mar sin ” arsa Feadaímó agus léim sé suas ar dhroim an chapaill ar chúl Sheáin. D ’ imigh siad le rása. D ’ amharc Domhnall thart ar na tiománaithe ei- le. “ A Thuathail, tabhair thusa Éamonn leat agus cuidigh leo. ” Shiúl sé anonn chuig na gadaithe. “ A Phaidí cuideoidh tusa is Colm liomsa, cúram is aire a thabhairt do na créatúir seo. ” “ Déanfaidh cinnte ” arsa Paidí. “ Ó, gheobhaidh siad cúram ceart uaimse ceart go leor, ” arsa Colm, agus chnag sé fear a bhí ag déanamh iarracht éirigh. Thit an fear ar cúl ar mhullach an fhir rua nach raibh bogadh nó focal as go fóill. Is marcach den scoth a bhí i Seán agus chuaigh siad síos mallaigh an ardáin ar chosa in airde agus cha raibh siad i bhfad ag teacht a fhad leis na gadaithe. Bhí sé soiléir go raibh taithí ag an chapall ar an chineál seo oibre mar rith sé díreach i dtreo an fhir dheiridh agus leag sé é. Lig an gadaí scread phianmhar as agus thiontaigh na boic eile. Bhí iontas orthu mar cha raibh siad ag dréim le tiománaithe ar bith a bheith a leanstan. Léim Feadaímó den chapall agus tháinig sé anuas ar mhullach a chinn lena bhata draighean ar dhuine acu. Is fir óga gan mórán taithí a bhí sna gadaithe seo mar bhí na trodaithe ab fhearr le Condaí Rua ar an ardán agus i ndiaidh an chéad ionsaí, agus beirt acu ar an talamh, cha raibh a fhios ag an triúr eile cad é le déanamh. Cha raibh croí ar bith acu d ’ achrann mar seo agus rith siad ar chlé i dtreo coill dharaigh le taobh na habhann. Chuaigh Tuathal agus Éamonn sa tóir orthu. Tharraing siad suas leo díreach sula bhfuair siad a fhad leis an choill. Léim Éamonn anuas ar mhullach duine acu le plapa agus chaill an gadaí bocht achan unsa anála a bhí ina chorp. Chuir Tuathal an capall idir gadaí eile is an choill agus thóg sé a bhata. Fear óg a bhí ann agus uchtach ar bith a bhí aige bhí sé caillte fán am seo agus chuaigh sé síos ar a ghlúine lena dhá lámh in airde is é ag screadach agus ag impí trócaire. Tháinig Éamonn aníos a fhad leo leis an ghadaí eile ar a ghualainn agus chnag sé an fear óg eile lena bhata draighean, rud a chur deireadh leis an screadach. D ’ amharc Tuathal thart ag cuardach an tríú fear ach cha raibh sé le feiceáil. “ An gcoinneofá súil ar an bheirt seo, a Éamonn, ” a dúirt sé, “ caithfidh mé dul sa toir ar an bhoc eile. ” “ Dhéanfaidh cinnte, ” arsa Éamonn, “ ach cha bheinn ródhóchasach go bhfaighidh tú é istigh sa choill. ” “ Cha bhíonn Domhnall róshásta má fhaigheann duine acu ar shiúl anois, arsa Tuathal, agus d ’ imigh sé le rása. Bhí an dorchadas tite go hiomlán fán am seo agus chuala Éamonn scairt ó Sheán. “ Hó, a Thuathal, cá bhfuil tú? ” “ Tá Tuathal ar shiúl isteach sa choill ” scairt Éamonn leis. “ Tá beirt ghadaí agamsa anseo, an bhfuil rópa ar bith leatsa, a Sheáin? ” “ Coinnigh den chaint go dtí go bhfaighidh mé a fhad leat, ” arsa Seán. Thosaigh Éamonn ag feadaíl agus sula bhfad shiúl Seán agus Feadaímó isteach agus greim muineáil ag Feadaímó ar ghadaí. Chaith Feadaímó an gadaí síos in aice na beirte eile. Thug Seán píosa de rópa do Éamonn. “ Níl a fhios agam ar chóir domh cuidiú a thabhairt do Thuathal? ” a dúirt sé. D ’ amharc Éamonn i dtreo na coille. “ Cuir amú ama a bheadh ann, ” arsa Éamonn agus é ag ceangal lámha na ngadaithe ar a gcúil. “ Chan buntáiste ar bith na capaill istigh sa choill agus cibé fá bheith istigh i rith an lae níl seans dá laghad dul a bheith agat san oíche. Ghlacfá madadh a bheith leat leis an ghadaí sin a ruai- geadh amach. ” Léim Seán anuas ón chapall. “ Is dóiche go bhfuil an ceart agat, ” a dúirt sé, ach caithfimid na ba sin a bhailiú isteach leis an chuid eile den táin cibé. “ Chead a diabhal acu, ” arsa Éamonn, “ tiocfaidh siad isteach iad féin agus muna dtagann, chan rófhada ar shiúl a bheas siad le chéad solas. Char mhaith liomsa a bheith ag trampáil thart amuigh ansin ag an am seo den oíche. Dóigh bhreá le do chos a bhriseadh. ” Chríochnaigh sé an ceangal ar an tríú gadaí. “ Tá tine lasta ag Domhnall ar an ardán, ” arsa Seán, “ bhéarfaidh sin treoir dúinn. ” “ Tá sé go réidh agaibh toiseacht, ” arsa Éamonn. Lig don chapall an bealach a thaispeáint daoibh agus fanfaidh mise anseo ar Thuathal. ” Thóg Feadaímó an rópa ó Éamonn agus tharraing sé na gadaithe ina seasamh. “ Bogaigí libh a ghasúirí nó ligfidh mé don chapall sibh a tharraing ina dhiaidh. Beidh an chuid eile den scéal sa chéad eagrán eile.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3