Guth Ghoill, Eagrán 28

Eagrán 28 Deireadh Fómhair 2009 3 Imirce as an Íochtar sa Chéad Dheireanach. Ina miontráchtas a rinne Bernie Nic Giolla Bhríde as Gort na Luchóg dá céim sa Ghaeilge anuraidh rinne sí staidéar ar an imirce as an cheantar seo sa chéad dheireanach. (20ú aois). Dhírigh sí isteach ar dhá bhaile fearainn lena staidéar a dhéanamh—Dún Dúbhain agus Cluain tSaileach agus bhain sí úsáid as rollaí na scoile chun cuidiú léi na figiúirí seo a chur le chéile, na gasúraí agus na girseachaí as an dá bhaile fearainn a d ’ fhreastal ar scoil Mhíobhaigh idir 1900 agus 1990. Bhris sí an 20ú aois suas ina dhá chuid - ó 1900 go dtí 1945 agus ó 1946 go 1990 agus lena chois sin tá an treo ina ndeachaigh daoine ina saol i ndiaidh na scoile briste suas i gcatagóirí éagsúla aici fosta — iadsan nach ndearna obair shéasúrach agus nár fhág an baile, iadsan a chuaigh ar obair shéasúrach ach a chaith a saolta i Ros Goill, iadsan a bhí as baile níos mó na fiche bliain ach a tháinig ar ais chun an bhaile, iadsan a d ’ imigh agus a fuair bás ar shiúl, iadsan a d ’ fhág Ros Goill ach a d ’ fhan in Éirinn, iadsan a fuair bás óg( faoi chúig bliana is fiche), iadsan a bhí ar shiúl agus a tháinig ar ais ‘ na bhaile lena dteaghlaigh a thógáil, iadsan a d ’ imigh agus nár tháinig ar ais agus atá beo go fóill. Tá cuid mhór daoine i gceist agus as seo uilig tchífidh sibh go bhfuil ocht gcatagóir ar fad aici. Is cinnte go bhfuil na torthaí thar a bheith spéisiúil agus go bhfuil moladh mór tuillte ag Bernie as an staidéar seo a dhéanamh. Seo dréachtaí (píosaí éagsúla) as tráchtas Bhernie. Na Catagóirí; 1. Na daoine nár imigh agus nach ndearna obair shéasúrach. 2. Na daoine a chuaigh ar obair shéasúrach (go dtí an Lagán agus go hAlban san Fhómhar) ach a chaith a saolta i Ros Goill. 3. Na daoine a bhí ar shiúl níos mó ná fiche bliain agus a tháinig ar ais chun an bhaile. 4. Na daoine a d ’ imigh agus a fuair bás ar shiúl. 5. Na daoine a d ’ fhág Ros Goill ach a d ’ fhan in Éirinn. 6. Na daoine a fuair bás óg (faoi chúig bliana is fiche). 7. Na daoine a bhí ar shiúl ach a tháinig abhaile agus a thóg a dteaghlaigh i Ros Goill 8. Na daoine a d ’ imigh agus nach dtáinig ar ais ach atá beo go fóill. CATAGÓIR 1: (Seo na daoine nár imigh agus nach ndearna obair shéasúrach). Cluain tSaileach

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3