Guth Ghoill, Eagrán 28
Eagrán 28 Deireadh Fómhair 2009 5 oiread sin ban. “ After the famine, Irish farmers ceased subdividing their farms to enable their children to marry early. Instead, they willed their farms intact to one son, who could not marry until his parents retired. Also, they refused to allow sons to marry women who lacked dowries of cash, cattle, or land, although poverty precluded most parents from giving dowries to more than one daughter. As a result of these changes, the Irish married less often and at older ages. By the 1920s Irishmen married at an average of thirty - five years, women at twenty - six, and at least a fourth of the latter never married at all. So for many young Irishwomen, America represented their best or only hope to marry and have families of their own. ” Nuair a chuirim na figiúirí ó 1946 - 1990 i gcomparáid le figiúirí 1900 - 1945 tá sé le feiceáil gur athraigh rudaí go mór sa dara leath den chéad. 1946 - 1990. 1946 - 90 Buachaillí Dhún Dhúbhain & Chluain tSaileach: 0% agus 0% 1946 - 90 Cailíní Dhún Dhúbhain & Chluain tSaileach: 0% agus 0% Tá sé le feiceáil ó na figiúirí seo nach bhfuair duine ar bith de na páistí a chuaigh chun na scoile le linn na mbianta seo (1945 - 1990) agus a d ’ imigh ina dhiaidh sin bás ar shiúl. Sin mar a bhí sé agus na figiúirí seo a gcur le chéile ach d ’ fhéadfadh seo athrú mar go bhfuil catagóir a 8 i gceist anseo, sin na daoine atá ar shiúl agus atá beo go fóill. D ’ fhéadfadh sé tarlú go bhfaigheadh a mbunús sin bás ar shiúl ach san am céanna ní bheidh an líon daoine seo ar dhóigh ar bith cosúil le figiúir 1900 - 1945. Comparáid na dTáblaí. San alt seo thig linn figiúirí a chur leis na céadatáin agus ar an dóigh seo gheobhann muid léargas níos fearr ar cad é a bhí ag titim amach le linn an 20ú aois — imirce, dul chun cinn eacnamaíochta, titim i ndaonra na scoile agus an cheantair agus titim san imirce fhéin. Tá sé thar a bheith spéisiúil comparáid a dhéanamh idir an chéad leath den fichiú haois agus an dara leath. Thiocfadh leat a rá go bhfuil céad bliain de shaol an cheantair seo ina luí romhainn i bhfigiúirí. Sa chéad cheithre thábla tá buachaillí agus cailíní an dá bhaile fearainn, Cluain tSaileach agus Dún Dúbhain ó 1900 go 1945. Tá trí shraith in achan tábla, sa chéad sraith tá na catagóir, sa dara sraith tá an líon daoine atá i gceist agus sa tsraith dheireanach tá na céadatáin. (1900 - 1945) Dún Dúbhain
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3