Guth Ghoill, Eagrán 28

Eagrán 28 Deireadh Fómhair 2009 6 1900 - 1945. Má chuireann tú le chéile iomlán na mbuachaillí i nDún Dúbhain (34) agus iomlán na mbuachaillí i gCluain tSaileach (52) ghe- obhaidh tú líon na mbuachaillí a tháinig amach na scoile ón dá bhaile fearainn sin sa chéad 45 bliain den 20ú aois agus sin 86. Má dhéanann tú an rud céanna leis na cailíní tchífidh tú go dtáinig 97 cailín amach ‘ na scoile don tréimhse céanna, sin 183 páiste ar fad. Má scrúdaíonn tú na catagóir ar fad tchífidh tú gur catagóir 4 an catagóir a bhfuil an líon daoine is mó ann. Seo an catagóir ina bhfuil na daoine a d ’ imigh agus a fuair bás ar shiúl. Tá 89 ar fad sa chatagóir, seo rud a chiallaíonn go bhfuair 89 duine den 183 duine a thosaigh ar scoil ón dá bhaile fearainn sin, Cluain tSaileach agus Dún Dúbhain, bás ar shiúl. Sin 54% acu. Nach damánta an staitistic é sin agus nach náire an mhaise é do thír ar bith é. Má chuireann tú le chéile na daoine uilig i gcatagóir a 3 áit a raibh daoine as baile níos mó na fiche bliain agus a tháinig ‘ na bhaile arís níl an figiúir sin ró - ard, 11 go díreach. I gcatagóir a 5, na daoine a d ’ fhág Ros Goill ach a d ’ fhan in Éirinn ní raibh ann acu sin ach 12. Ní raibh ach beirt a tháinig ‘ na bhaile lena dteaghlaigh a thógáil sa bhaile. Má chuireann tú le chéile na daoine uilig i gcatagóir 1 agus 2 gheobhaidh tú líon na ndaoine a d ’ fhan sa bhaile, sin 61. (1946 — 1990) Catagóir 1 2 3 4 5 6 7 8 Iomlán Líon daoine 1 12 1 13 2 2 1 2 34 Céadatáin 3% 35% 3% 38% 6% 6% 3% 6% 100% Catagóir 1 2 3 4 5 6 7 8 Iomlán Líon daoine 3 20 4 19 3 1 0 2 52 Céadatáin 6% 37% 8% 37% 6% 2% 0% 4% 100% Catagóir 1 2 3 4 5 6 7 8 Iomlán Líon daoine 3 8 4 27 2 0 1 0 45 Céadatáin 7% 18% 9% 60% 4% 0% 2% 0% 100% Catagóir 1 2 3 4 5 6 7 8 Iomlán Líon daoine 5 9 2 30 5 1 0 0 52 Céadatáin 10% 17% 4% 57% 10% 2% 0% 0% 100% 1900 - 1945 Cailíní, Cluain tSaileach 1900 - 1945 Cailíní, Dún Dúbhain 1900 - 1945 Buachaillí, Cluain tSaileach 1900 - 1945 Buachaillí, Dún Dúbhain

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3