Guth Ghoill, Eagrán 28
Eagrán 28 Deireadh Fómhair 2009 7 1946 - 1990 Don dara 45 bliain den chéad dheireanach níor tháinig amach ‘ na scoile ach 64 páiste i gcomparáid le 183 sa chéad chuid den 20ú aois. Bhí catagóir 2 ar fad folamh, rud a chial- laigh go raibh deireadh le hobair shéasúrach. Luaigh muid cheana féin go raibh an t - athrú ba mhó le feiceáil i gcatagóir 4, na daoine a d ’ imigh agus a fuair bás ar shiúl, níl duine ar bith sa chatagóir seo anois. Ach caithfear catagóir a 8 a chur san áireamh anseo mar go bhfuil daoine ar shiúl agus nach dtáinig ar ais, atá beo go fóill. Tá 14 acu seo ann. Is i gcatagóir a 5 is mó a bhfuil daoine ann sna táblaí seo, na daoine a d ’ fhág Ros Goill ach a d ’ fhan in Éirinn. Tá 27 ar fad acu seo ann. 19 a d ’ fhan sa bhaile agus nach ndeachaigh bealach ar bith; bhí 3 a tháinig ar ais i ndiaidh thar fiche bli- ain a chaitheamh ar shiúl agus bhí teaghlach amháin a tháinig ‘ na bhaile lena dteaghlach a thógáil sa bhaile. Tá obair thar a bheith tábhachtach déanta anseo ag Bernie agus is cinnte, cé nach bhfuil i gceist ach dhá bhaile fearainn, go dtiocfaí an scéal céanna a insint faoi gach uile bhaile fearainn sa cheantar. D ’ fhéadfadh an scéal a bheith ní ba mheasa i gcuid de na bailte fearainn. Is cinnte go raibh daonra breá folláin anseo ag tús an chéid dheireanaigh ach nach dtiocfaí a bheith ag brath ar acmhainn an cheantair le hiad a chothú agus ar an drochuair ní raibh d ’ fhaoiseamh acu ach imirce. D ’ fhág seo againn na figiúirí i miontráchtas Bernie ach cha dtig dearmad a dhéanamh den bhriseadh croí, den chruatan agus den chumhaigh atá taobh thiar de na figiúirí sin. Scéal mór an cheantair. Catagóir 1 2 3 4 5 6 7 8 Iomlán Líon daoine 5 0 0 0 4 0 0 2 11 Céadatáin 46% 0% 0% 0% 36% 0% 0% 18% 100% Catagóir 1 2 3 4 5 6 7 8 Iomlán Líon daoine 7 0 2 0 5 0 0 7 21 Céadatáin 33% 0% 10% 0% 24% 0% 0% 33% 100% Catagóir 1 2 3 4 5 6 7 8 Iomlán Líon daoine 2 0 1 0 9 0 1 3 16 Céadatáin 13% 0% 6% 0% 56% 0% 6% 19% 100% Catagóir 1 2 3 4 5 6 7 8 Iomlán Líon daoine 5 0 0 0 9 0 0 2 16 Céadatáin 31% 0% 0% 0% 56% 0% 0% 13% 100% 1946 - 1990 Cailíní Dún Dúbhain 1946 - 1990 Buachaillí Dún Dúbhain 1946 - 90 Buachaillí Cluain tSaileach 1946 - 1990 Cailíní Cluain tSaileach
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3