Guth Ghoill, Eagrán 28

Eagrán 28 Deireadh Fómhair 2009 8 Iascaireacht sna Dúnaibh sular tógadh an chéidhe Tús an 18ú aois. Gheobhann muid léargas maith faoi mar a bhí staid na hiascaireachta sna Dúnaibh agus mar a bhí saol na ndaoine ag tús an 19ú haois ó thuairiscí na suirbhéireachta ordanáis. De réir na faisnéise a bhí sa tuairisc seo ag dul ar ais go dtí na 1820idí dúradh go raibh na Dúnaibh aitheanta mar cheantar iascaireachta agus go raibh bádaí iascaireachta, coití (wherries) ar an gcuid is mó, as Albain, agus as Manx, agus bádaí éireannacha as Sceire (Skerries), Ros Eó, (Rush), Baile Brigín agus Beann Ea- dair ó Cho.Bhaile Átha Cliath agus leoga bádaí ó gach cearn ag tarraingt ar an cheantar go bliantúil le scoth na n - iasc a thabhairt leo agus a leasú. I dtaca le bádaí de, dúradh nach raibh a dhath fán cheantar seo ach sean- bhád lobha a bhí caite suas ar an chladach. Dúradh fos- ta go raibh na hiascairí seo ag tabhairt an uile rud leo a bhí riachtanach dá séasúir iascaireachta, bádaí, eangacha, fir, salainn agus stórtha bia agus ar an dóigh seo nach bhfágann siad leathphingin sa cheantar ag bunadh na háite, daoine a bhfuil sé de mhí - ádh orthu a bheith cráite ag an bhochtaineacht agus ag an saol oc- rach agus de thairbhe seo nach bhfuil ar a gcumas a dhul sa tóir ar an saibhreas atá sna farraigí thart orhtu. Ag an am a bhfuil muid ag trácht air bhain na hiascairí coim- hthíocha seo úsáid as an Chladach Leathan atá tuairim is trí cheathrú míle as na Dúnaibh, i mbaile fearainn Ghorta Móra, lena gcuid iasc a thriomú sa tSamhradh agus ba ghnách leo fir a choinneáíl ansin i mbothóga fóid le súil a choinneáil ar a gcuid iasc. Bhí curacha ag bunadh an cheantair agus ba ghnách leo a dhul amach nuair a bhí an aimsir fóirsteanach, ag iascaireacht le haghaidh iasc geal le línte fada. Na 1830aidí. De réir tuairiscí na suirbhéireachta ordanáis 1835 bhí cúig bhád is daichead fá cheantar Ros Goill fán am seo le cois na gcurach. Tá a fhios againn cá leis a raibh na curacha cosúil, ní raibh mórán teaghlaigh nach raibh ceann acu, thart fán throigh dhéag ar fhad agus trí throigh ar leithead ach ní mórán eolais a thugtar faoi na cinéalacha bád eile a bhí ann ach go díreach go raibh siad beag agus nach raibh siad fóirsteánach do fharraigí garbha. Is dócha gur geáil nó ‘ Greencastle Yawls ’ mar a tugadh orthu a bhí iontu. Na Geáil (Yawls). Ba seo bádaí beaga oscailte nach raibh mórán níos mó na sé troighe is fiche . Baineadh úsáid mhór astu thart fá na costaí seo le haghaidh iascaireachta, bhí siad mór go leor le heanga- cha a thógáil agus dár ndóigh bhí cuid mhór iascaireachta ag an am le línte fada. Baineadh úsáid mhór as na bádaí seo fos- ta le feamainn, móin, eallach, earraí agus da- oine a iompar, go háirithe go dtí na hoileáin. D ’ fhéadfaí seolta a chur suas nó ceithre fhear a bheith ag iomramh ar na rámhaí . Tugadh bádaí Drontheim orthu ach ba seo truailliú ar Trondheim mar gur ón phort seo ar chósta na Norbhuaidhe a tháinig na bádaí seo ar dtús. Baineadh úsáid mhór astu fosta le haghaidh iascaireachta ar chósta na hAlban. Bhí na geoltaí seo go mór in úsáid ar chósta Dhún na nGall go dtí gur thosaigh Bord na gCeantar Cúng ag ceannacht na mbád ‘ Zulu ’ nuair a thosaigh forbairt a theacht ar iascaireacht na scadán timpeall 1893. Geoltaí. (Yawls) An dá cheantar a ba mhó i Ros Goill d ’ iascaireacht ag an am sin ná na Dúnaibh agus Dumhaigh. Bhí cuid mhór fear sa phobal nach ndearna rud ar bith eile ach a dhul ag iascaireacht nuair a bhíodh an aimsir feiliúnach mar nach raibh talamh ar bith acu. Caithfear cuimhne go raibh os cionn 6,000 duine ina gcónaí sa pharóiste seo ag an am. Maidir le bunadh na háite de, iasc geal ar fad a bhítí a iascach fán am sin agus is línte fada a bhí in úsáid acu. Troisc, langaí, scataí, turbaird, glasáin, agus cadóga na cinéalacha iasc ba choitianta a chuirtí i dtír agus in amanna a mbeadh cur maith éisc leofa bheirfí an fuílleach go Leitir Ceanainn nó go Doire ar chapaill nó ar asail. Iascaireacht sna Dúnaibh 1846 De réir cuntas a bhí sa Ballyshannon Herald fán bhliain 1846 dúradh go raibh suas le seacht gcoite ó Bheann Éadair agus ó Ros Eó ag iascaireacht amach as na Dúnaibh agus go raibh séasúr torthúil acu. An tseachtain a raibh an tuairisc seo ag trácht uirthi thug achan choite isteach ar an mheán 800 langa Trosc Turbard Cadóg An Cladach Leathan Scáta Langa

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3