Guth Ghoill, Eagrán 28
Eagrán 28 Deireadh Fómhair 2009 9 agus fosta go raibh líon na dtrosc iontach ard. Baineadh úsáid as sól agus turbaird mar bhaoite. Nach iontach ar fad é seo agus an luach atá ar shól agus thurbaird sa lá atá inniu ann! De réir cosúlachta ba challánach agus ba lúchaireach an radharc a bhíodh ann nuair a bhítí ag nigh, ag leasú agus ag sailleadh na n - iasc. Chuidíodh muintir na háite leo ina gcuid oibre agus ní bhfaigheadh siad mar luach saothair ach cloigne agus putógaí na n - iasc. Tá muid ag caint anois faoi am an ghorta agus de réir cosúlachta bhí muintir na háite breá sásta an chuid seo de na héisc a fháil mar gur choinnigh sé an t - ocras ó dhoras. De réir an chuntais seo fosta ní raibh sé ar chu- mas mhuintir na háite a dhul i mbun iascaireachta iad fhéin ceal airgid agus go raibh an saibhreas sna farraigí thart orthu a thabhairt ar shiúl ag daoine ó chontaethe eile. Is cosúil go raibh na coití seo faoi chúram comhlachtaí iascaireachta agus rinne Lancey ina thuairisc suirbhéireachta na comhlachtaí seo a cháineadh mar nach raibh siad ag cur bádaí níos mó, le deiceanna orthu, ar fáil do na hiascairí mar dúirt sé nach nglacfadh sé mórán ama go mbeadh a gcuid airgid ar ais acu de thairbhe an tsaibhris éisc a bhí sna farraigí a bhí thart orainn. Ba thart fán am seo ar an 8ú Feabhra 1848 a bádh ocht n - iascaire amuigh i mbáigh na nDúnaibh. Bhí tuairim is scór fear ar fad amuigh ag iascaireacht ar churacha nuair a tháinig scalóid orthu go tobann ón aird thuaidh agus thiontaigh an fharraige fabhtach. Cailleadh ochtar ar fad nuair a tiontaíodh ceithre churach ach d ’ éirigh leis an mhuintir eile a theacht i dtír. Ba ar an tubaiste farraige seo a bunaíodh an t - amhrán ‘ Deep Sheephaven Bay ’. Mar sin de tá sé iontach soiléir go raibh cuid mhór iasc a dtabhairt amach as na farraigí thart orainn ar feadh ceithre fichid bliain den 18ú aois ach gurbh iad na coimhthígh a ba mhó a bhí ag baint tairbhe as agus nár ghnothaigh an ceantar mórán as seo. Ní raibh an maoiniú ag bunadh an cheantair na báid, na heangacha ná an treallamh a bhí riachtanach a cheannacht. B ’ éigean dóibh a bheith sásta a dhul amach ina gcuid currach nuair a cheadaigh an aimsir é agus ní mórán iascaireachta ar bhun trádálaigh a d ’ fhéadfaí a dhéanamh amach as bád canbháis. Tagann na seirbhísí deonacha, mar shampla Seirbhísí Cosanta Sibhialta agus Seirbhísí Otharchairr, uilig faoin bhord reachtúil amháin anois, P.H.E.C.C. – Pre - Hospital Emergency Care Council. Ciallaíonn seo go mbeidh an traenáil agus an measúnacht atá déanta fríd an tír ar chaighdeán amháin. Tá dhá chúrsa a reáchtáil ag teagascóirí cosanta sibhialta sa chontae seo: Céad Fhreagairt Chairdiach (Cardiac First Response): Maireann an cúrsa seo sé seachtaine agus seo thíos na rannóga atá clúdaithe ann: a) Athbheochan charda scamhógach do dhaoine fásta, do pháistí agus do naíonáin, (CPR) b) Úsáid uath - dhífhibrileoir seachtrach ar dhaoine fásta c) Tachtadh i ndaoine comhfhiosacha nó neamh - chomhfhiosacha, daoine fásta, páistí nó naíonáin. d) Cóireáil stróc agus e) Impleachtaí dlíthiúla. Ag deireadh an chúrsa seo téann na rannpháirtithe faoi scrúdú scríofa agus faoi mheasúnacht ar a gcuid scileanna agus bronnfar teastas ar na hiarrthóirí rathúla. Maireann an teastas seo dhá bhliain. Garchabhair ag an obair (Occupational First Aid): Ní thagann an cúrsa seo faoi P.H.E.C.C., ach faoi rialú Údarás Sláinte agus Sábháilteachta (HSA). Maireann an cúrsa seo thart fá trí mhí agus clúdaíonn sé na cásanna garchabhracha uilig a thagann aníos go laethúil. Ina measc tá na hábhair seo thíos: a) Príomhmheasúnacht agus measúnacht tánaisteach ar an othar. b) Smacht fuilithe c) Dó agus scalladh d) Bindealáin, cóiriú agus guailleáin e) Cnámha briste, croitheadh, gortú cinn, gortú cléibh f) Leonadh, strus, gortú dromlaigh g) Nimhiú, greamanna, cealga srl. Téann na rannpháirtithe sa chúrsa seo faoi scrúdú scríofa agus scrúdú praiticiúil ag a dheireadh agus bronnfar teastas a mhaireann dhá bhliain agus cáiliúchán F.E.T.A.C. leibhéal 5 ar na hiarrthóirí rathúla. Tá an dá cúrsa thuas a reáchtáil sa “ Hay Hall ” i gCarraig Airt achan Déardaoin ó 8.15 i.n. to dtí 10.15 i.n. Tá na cúrsaí oscailte d ’ achan duine os cionn sé bliana déag d ’ aois agus níl costas ar bith ar na ranganna. Beidh fáilte romhat. Cúrsaí Garchabhrach
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3