Guth Ghoill, Eagrán 29

Eagrán 29 Samhain 2009 10 Ros Goill le Proinsias Ó Cuilinn I dtuaisceart na hÉireann ar an chósta thiar - thuaidh, suíonn leithinis a mhúsclaíonn mo bhródsa. Ag seasamh go cróga ó tá leis na cianta i lár fiántas na farraige móire. Is Ros Goill a hainm ‘ s téann an t - ainm sin siar go Mac Mórna na Fianna sa stair. Bhí an laoch sin sa cheantar tá an fhianaise soiléir mar tá carraig a ghlacann a ainm. Bhí Diarmaid is Gráinne mar aíonna Ros Goill; iad ag teitheadh ó Mhic Cumhaill is a dhíoltas. An bhfuil áit eile in Éirinn a tharraing an uaisleacht nó a mheall iad le háilleacht a fiántais. Tá Cuan deas na Long suite taobh thiar, taobh thoir tá Cuan na Maoile Ruaidhe. Tógann na locha ‘ s na sléibhte tírdhreach na háite ach níl sárú ar áilleacht a gcuanta. Tá clú mór ar an cheantar is chan iontas ar bith é, go dtagann sa tsamhradh na sluaite. Ach dúinne a cothaíodh ó thorthaí na talún, tá níos mó ann ná féasta na súile. Scaradh na sluaite ó cheantar a ndúchais, nuair a lasadh tine na himirce. Ach gach anam a d ’ fhág choinnigh sé cuimhne nach beag ar Ros Goill is ar dhílseacht a mhuintire. Leag mé mo chos ar mhór - roinn is oileáin is chonaic mé iontais nach ndéanfaidh me dearmaid. Ach beidh deireadh mo shaolsa caite go socair i measc cnoc is gleanntán mo cheantair. Rinne Fear a’ Tí, Colm Ó Buaidhe comhghairdeas le Dónall fosta agus chuir sé fáilte roimh achan duine, go háirithe ár gcomharsana as leithinis Fhánada. B'iomaí ceoltóir a cheol le linn na hoíche, i dte- annta leis an aoi speisialta é féin, Dónal Mac Dáibhéid. Ina measc bhí Áine Ní Chongólaigh agus Máire Ní Bheaglaoich (Fánaid), Paddy, Deirdre agus Sorcha Ní Chuilinn (Carraig Airt) Séamus Ó hEarcain agus Róise Ní Raghallaigh (An Craosloch) agus Róise Ní hEarcáin (Port Nua). Ar ndóiche, cheol Seosamh Mac Dáibhéid, athair Dhónaill, ‘Níl ‘na Lá’ agus cheol a dheirfiúr Suzanne Ní Bhaoill as Gaoth Dobhair amhrán binn fosta. Caoimhín Mac a’Bháird

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3