Guth Ghoill, Eagrán 29

Eagrán 29 Samhain 2009 11 Feadaímó Tá Feadaímó agus na tiománaithe eile i ndiaidh an bhuaidh a fháil ar na gadaithe agus tá comhrá ag dul ar aghaidh fá caidé is fearr a dhéanamh leo. Chuir Feadaímó na ceithre ghadaí ina suí leis an ochtar eile agus shuigh sé síos in aice na tine. “ Fuair fear acu ar shiúl orainn ” a dúirt sé, “ agus cha bheinn dóchasach go bhfaighidh Tuathal greim air sa dorchadas. ” “ Níl neart ar sin anois, ” arsa Domhnall, “ ach déanann sin rudaí níos deacra mar tabharfaidh sé an scéal do lucht muinteartha na mboc seo. ” Chuir Seán a chapall ar téad agus bhain sé an diallait dó. “ Beidh ar dhuine inteacht dul síos agus na capaill a scaoileadh ón chairt, a Dhomhnaill, ” a dúirt sé. Tá a fhios agam, déanfaidh mise me féin sin i gceann tamaill, arsa Domhnall. Chaith Seán an diallait ar an talamh in aice le Feadaímó agus shuigh sé uirthi. Ghlan sé a scead- amán agus chaith sé seileog isteach sa tine. “ Is fearr dúinn a bheith ar an bhealach measartha lu- ath, ” a dúirt sé, “ mar níl amhras ar bith ná go mbeidh cuideachta againn nuair a chluinfidh siad an scéal. ” “ Is mór an trua nach bhfuil gealach ar bith anocht ann mar dá mbeadh cha bheinn ag fanacht ar chor ar bith, ” arsa Domhnall. “ Cibé ar bith beidh orainn imeacht roimh éirí gréine. ” Shiúl sé anonn chuig na príosúnaigh. “ Cad é mar atá an foirm leatsa anois, a Choilm ” a dúirt sé, fuair tú droch - am ó na boic sin. ” “ Tá mise go breá, ” arsa Colm, agus sheas sé. Beidh mé stalcánta go leor ar maidin is dóiche. ” “ Thig leatsa suí ar an charta liomsa agus déanfaidh Feadaímó an siúl duit, ” arsa Domhnall. “ Cad é fá na gadaithe seo? ” arsa Paidí. “ Tá dosaen acu ann is ní dóigh liom go mbeidh fonn siúl ar bith orthu. ” D ’ amharc Domhnall ar na gadaithe agus é ag smaoineamh. Labhair duine acu leis. “ A chara, a dúirt sé, tá sé go réidh agat muidinne a scaoileadh saor mar níl dóigh ar bith a bhfaighidh tú muid a fhad le Doire. ” Thosaigh an chuid eile acu ag scairteadh amach ag aontú leis. “ Cén t - ainm atá ortsa ” arsa Domhnall leis an urlabhraí. “ Lúd atá orm ” a d ’ fhreagair sé go brodúil, “ Lúd Mac Suibhne. ” Bhuail Domhnall é sa bholg lena bhata. “ Bhail, a Lúid Mhic Suibhne, má labhraíonn tusa gan chead arís scoiltfidh mé tú. Tá an scéal mar an gcéanna don chuid eile agaibh. Ná síligí go bhfuil trócaire ar bith anseo daoibh, mar níl. Bheadh Colm agus Seán marbh agaibh ab é Feadaímó. Cha chuireadh sé isteach nó amach ormsa sibh a chrochadh ar cheann de na crainn sin sa ghleann. Shocraigh sin iad mar bhí sé soiléir nach raibh Domhnall ag magadh. Thosaigh duine de na fir óga a rinne an ionsaí ar an táin ag caoineadh. “ Níor chóir domhsa a bheith anseo ’ a dúirt sé. Tá mise ag iarraidh dul na bhaile. “ C ’ ainm atá ar an bhabaí seo, ” arsa Domhnall. “ Fiachra atá orm, arsa an fear óg, ” agus thosaigh sé ag caoineadh arís. Fuair sé cic ón ghadaí a bhí ag a thaobh. Druid do bhéal, a Fhiachra, arsa an gadaí, ná náirigh tú fhéin leis an leanbaíocht sin. Stad sé ach bhí sé soiléir go raibh eagla an domhain air. “ Chan iontas ar bith go bhfuil eagla air ”, dúirt Feadaímó leis fhéin, “ is dá mbeadh a fhios aige cad é a bhí i ndán dó bheadh sé i bhfad níos measa. ” “ Anois, a Phaidí, arsa Domhnall, caith uisce ar Chondaí Rua go bhfeicfidh tú an músclódh sin é, tá mise ag iarraidh labhairt leis an phéisteog sin. ” Rinne Paidí sin ach ní raibh bogadh as an fhear rua. Le sin tháinig Tuathal agus Éamonn ar ais ach cha raibh an gadaí eile leo. “ Fuair sé ar shiúl orm, a Dhomhnaill, tá brón orm fá sin, ” arsa Tuathal. “ Déan dearmad dó, cha dtáinig muid amach as ionsaí gadaithe ariamh chomh maith leis an tráthnóna seo. Rug mise ar bheirt acu am amháin agus corr uair bhéarfainn ar dhuine amháin acu ach is fíor annamh a tharla sin. Anocht tá dosaen acu gafa againn. Cuirfidh seo deireadh le réim na nga- daithe. Ba chóir go mbeadh sé sábháilte ar na bóithre le táin ó seo amach. ” “ Beidh, ” arsa Seán, “ má fhaigheann muid iad a fhad le Doire. ” “ Bheinnse dóchasach, arsa Domhnall, go háirithe anois is Feadaímó linn. ” Sheas Éamonn ag an tine. “ Láidir is eile is atá Feadaímó, a dúirt sé, níl ann ach fear amháin agus níl ach ochtar againn ann ar fad. Beidh slua romhainn ar maidin muna bhfuil muid ar shiúl rompu. Tá mná agus páistí ag brath ar na boic seo agus beidh a fhios acu nach bhfuil a dhath ach ocras i ndán dóibh muna bpilleann siad. ” Sheas Feadaímó. “ B ’ fhéidir go bhfuil dóigh amach as seo, ” a dúirt sé, agus thiontaigh achan súil air. “ An mbeadh spás ar an chairt do na príosúnaigh uilig, a Dhomhnaill? ” “ Bheadh ach cha bheadh siad róchompordach, ” arsa Domhnall. Cad chuige? Cad é atá ar intinn agat? ” “ Níl eolas an bhealaigh agamsa, arsa Feadaímó, ach tá sin ag Colm. Má chuireann tú na príosúnaigh ar an chairt anois thiocfadh liomsa agus le Colm imeacht anois. Níl le déanamh againn ach fáil ar shiúl ón cheantar seo roimh éirí gréine. Aontaím le hÉamonn, beidh slua de mhuintir s ’ acusan ar an bhealach romhat ar mai- din agus níl dóigh ar bith a gheofá tríothu agus na boic sin leat. Ach muna bhfuil siad leat thig leat a rá go dtug tú iad do na húdaráis i Leitir Ceanainn. Beidh lúcháir orthu sin a chluinstin mar tá a fhios acu nach róchuidiúil duitse atá na húdaráis. ” Tho- saigh Domhnall ag gáire. “ Tá an ceart agat, a ghasúir, sin go díreach an rud a dhéanas muid. ” Shiúl sé anonn píosa agus ghlaoigh se ar Shéamaí. “ A Shéamaí, an gcluineann tú mé? ” Tháinig scairt ar ais chuige ón ardán eile. “ Cluinim. ” “ Déan do bhealach a fhad leis an chairt anois, ” a scairt Domhnall, agus thiontaigh sé chuig na tiománaithe eile. “ Anois a fheara ”, arsa Domhnall, tugaigí libh na boic seo síos agus cuirigí iad ar an chairt. ” “ Cad é fá Chondaí Rua, ” arsa Seán, níl beocht ar bith ann go fóill. ” Labhair Domhnall go feargach. “ Caith é ar do chapall agus ná bíodh imní ar bith ort fá dtaobh dó. Is cuma sa diabhal liomsa cé acu a mhúsclaíonn sé ar ais nó nach ndéanann. Tá mo chroí briste leis an mhuc sin le blianta. Cá mhéid tiománaithe maithe atá caillte agamsa de thairbhe a chuid gadaíochta? ” Char chuir na gadaithe suas gearán ar bith ach anuas ón ardán agus isteach sa chairt leo uilig mar chonaic siad nach nglacfadh na

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3