Guth Ghoill, Eagrán 29
Eagrán 29 Samhain 2009 12 tiománaithe le stalcánacht ar bith. Bhí sé creathnach teann istigh sa chairt le seisear fear ar achan taobh, fear amháin acu Condaí Rua spréite ar a dhroim sa chúl. Ceanglaíodh a gcosa uilig le chéile. Níor cuireadh am ar bith amú agus d ’ imigh an chairt, Feadaímó ag tiomaint agus Colm lena thaobh agus bata mór draighin ina lámh. Shiúil Domhnall leo píosa. “ Tá a fhios agatsa a Choilm an áit a bhfuil Tobar An Dreoilín, ” a dúirt sé, agus é ag labhairt go híseal ar eagla go mbeadh duine ar bith ag éisteacht. “ Fanaigí ansin orainn. ” Thiontaigh sé thart agus bhí sé ag siúl i dtreo na tána nuair a chuala siad uilig an scread mhillteanach ó chúl na cairte. “ Cad é faoi Dhia ata dul ar aghaidh anseo. ” Condaí Rua a bhí ann agus é ag déanamh iarracht seasamh ach bhí a chuid cos ceangailte do na boic eile. Tharraing Feadaímó na srianta agus stad an chairt. Rith Domhnall ar ais agus fuair sé greim muiníl ar Chondaí. “ Coinnigh do bhéal druidte, a bhastaird, ” a dúirt sé, “ nó cuirfidh mé práta i do bhéal. ” “ Suigh thusa ar chuid bladhairí ifrinn, ” arsa Condaí, “ cá bhfuil tú ag dul linn? ” “ Áit nach mbeidh tusa in ann trioblóid ar bith eile a thabhairt domhsa níos mó, ” arsa Domhnall. Thosaigh Condaí ag screadach. “ Hoi, hoi, cuidigh linn, cuidigh linn ” Thosaigh na fir eile ag screadach fosta is bhí racán creathnach sa ghleann. Bhí Domhnall ag dul as a phrionsa faoin am seo mar is maith a d ’ aithin sé an chontúirt ina raibh siad. Bhuail sé cnag ar Chondaí lena bhata agus thit an fear rua siar ina chnap codlatach. Thóg Colm agus Feadaímó bataí fosta agus thostaigh na príosúnaigh eile. Tharraing Domhnall bosca amach as faoin chairt agus thóg sé sean - léine amach agus thosaigh sé a stróiceadh ina struipeanna. “ Ceangail iad seo thart ar a mbéil agus coinneoidh sin socair iad, ” a dúirt sé. “ oibrígí go tapaigh mar tá ’ n oíche ag imeacht. ” Nuair a bhí sin déanta d ’ imigh siad arís agus an t - am seo cha raibh le cluinstin ach corr ghí- og íseal ón chairt. Thiomáin Feadaímó leis tríd an oíche agus char stad sé go dtí go bhfaca sé solas an lae ag gealladh imeall na spéire soir uaidh. Léim sé anuas agus thóg sé tobán amach as faoin chairt. “ Bhéarfaidh me deoch do na capaill, ” a dúirt sé, agus shiúl sé anonn chuig sruthán a bhí le taobh an bhealaigh. “ Thabharfainn lámh chuidithe duit, a Fhéadaímó, arsa Colm, ach tá mo chuid easnacha chomh nimhneach sin anois nach bhfuil mé ábalta bogadh. ” “ Fan thusa san ait a bhfuil tú ” arsa Feadaímó, “ tá an t - ádh ort go bhfuil tú beo ar chor ar bith. ” Thug sé an t - uisce do chapall amháin agus chuaigh sé ar ais don darna uair. Nuair a bhí sé ar a ghogaidí chuala sé truip capaill ag teacht ó threo Leitir Ceanainn. Chuala Colm é fosta agus thóg sé a bhata. “ Cha bheinn ag súil gur chara ar bith dúinne a bheas anseo, a Fheadaímó. ” “ Tá deifir air cibé cé atá ann, ” arsa Feadaímó. Thug sé an tobán uisce don chapall eile agus thóg sé anuas a bhata ón chairt. Tháinig an capall eile a fhad leo agus labhair an marcach. “ Tá mo dheartháir ar an chairt sin ” Is girseach a bhí ann agus í ag déanamh iarracht a hanáil a fháil. Bhí sé le feiceáil ón dóigh a bhí sí ag láimhseáil an chapaill gur mharcach den scoth a bhí inti. Bhí sí costarnocht agus cha raibh ach píosa de bhlaincéad mar dhiallait aici. D ’ amharc Feadaímó uirthi le hiontas. Bhí an lá ag bánú agus d ’ aithin sé go raibh sí galánta. Girseach óg a bhí inti, í b ’ fhéidir bliain nó dhó níos óige ná é fhéin agus gruaig dhubh dhorcha ina luí go trom thar a guaillí. Bhí a pluca dearg i ndiaidh an rása agus shíl Feadaímó nach bhfaca sé ariamh girseach chomh dóighiúil lei. Bhí sí ag amharc isteach sa chairt. “ A Fhiachra ” a dúirt sí, beidh tú ceart go leor anois. ” Bhí an fear óg ag amharc uirthi go himpíoch lena shúile ach cha raibh sé ábalta labhairt de thairbhe an tost ar a bhéal. “ Cé tusa ”, arsa Feadaímó, agus cad chuige a ndéarfá leis an bhoc sin go bhfuil sé ceart go leor? ” Bhí an ghir- seach ag iarraidh an tost a scaoileadh dena deartháir ach sheas Feadaímó idir í fhéin is an chairt. “ Chuir mé ceist ort, a Ghirsigh, ” arsa Feadaímó agus munar mhiste leat, tabhair freagra orm. ” “ Is Síle atá orm, ” a dúirt sí, is fearg ina glór. “ Cá háit a bhfuil sibh ag dul leis na fir seo? Insíodh dúinne go raibh siad ar an bhealach chuig na húdaráis i Leitir Ceanainn. Ghlac na da- oine eile le sin ach bhí a fhios agamsa go raibh an fear sin ag insint bréaga. ” “ Cibé cén áit a bhfuil muid ag dul, ” arsa Feadaímó, “ chan a dhath de do ghnósa atá ann. ” Is mo ghnósa atá ann cinnte, ” arsa Síle, “ sin mo dheartháir ata libh is níl ann ach gasúr cúig bli- ana déag d ’ aois. ” “ Cha raibh sé ag smaoineamh ar a aois nuair a bhí sé ag tabhairt leis cuid ba s ’ againne, ” arsa Feadaímó. Sheas Colm agus an bata ina lámh. “ Agus níl amhail ag rópa an chrochadóra ar aois an duine atá le crochadh, ” a dúirt sé. D ’ amharc Síle air is a súile ar lasadh ag an fhearg.. “ Tá sé furasta a bheith ina fhear cróga nuair atá fir mar phríosúnaigh ar chúl cairte agat. ” “ B ’ fhéidir go bhfuil ” arsa Colm, “ ach chan mar phríosúnaigh a tháinig siad orainne aréir. Is gadaithe atá iontu. Sin an fáth go bhfuil siad ceangailte ar chúl na cairte agus fánfaidh siad uilig ansin, is cuma sa diabhal liom fá cén aois atá siad. ” “ Maith go leor, ” arsa Síle, “ Nuair a thiocfaidh mé ar ais chan comhrá a bheas eadrainn. ” Tharraing sí ar na srianta. Beidh an chuid eile den scéal sa chéad eagrán eile.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3