Guth Ghoill, Eagrán 29
Eagrán 29 Samhain 2009 15 Éigse Sheáin Bháin Bhí lá mór againn i mBaile na Finne Dé Sathairn, 28 Samhain ag an chomórtas “Deis a Labhartha” ag Éigse Sheáin Bháin. Ghlac os cionn 30 páiste ó Chéim Aniar páirt sa chomórtas seo agus rinne siad uilig jab iontach de na dánta. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis na tuismitheoirí as an tacaíocht a bheireann siad dúinn i rith na bliana ag na cleachtaí do na comórtais éagsúla. Ceithre rannóg a bhí sa chomórtas seo agus tháinig na páistí abhaile le hocht nduais ar fad, mar a leanas: Naíonáin - Naoise Ní Dhuagáin (tríú áit), Odhrán Mac Conaglaigh (dara áit). Rang 1 & 2 - Aobhá Ní Ghallachóir (Tríú áit), Micheál Pasoma (Céad áit). Rang 3 & 4 - Laura Pasoma (Céad áit roinnte le Bríd Ní Bheirn, Loch an Iúir). Rang 5 & 6 - Ruadhrí Mac Conaglaigh (Tríú áit le Nicola Ní Bhaoill, Gaoth Dobhair), Ailín Pasoma (dara áit) agus Ben Mac Giolla Bhríde (Céad áit). Comhghairdeas libh uilig. Ar chlé tá bonn a bhronnadh ag Patsy Mac Suibhne ar Aobhá agus ar dheis tá Laura agus Bríd Ní Bheirn leis an moltóir Marcas Ó Murchú. Rang 3 & 4 Rang 5 & 6 Rang 1 & 2 Naíonáin Bheaga & Naíonáin Mhóra
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3