Guth Ghoill, Eagrán 29

Eagrán 29 Samhain 2009 3 Forbairt ar Thionscal na hIascaireachta. Cé gur tógadh cuid mhór céidheanna le linn agus i ndiaidh an ghorta is cinnte nach raibh céidheanna ar fud na gceantar éagsúla ag dul a chur aon dlús faoi dhul chun cinn thionscal na hiascaireachta. Más aon rud is ‘un deiridh a bhíothas ag dul ó am an ghorta. Cén dóigh a dtiocfaí dul chun cinn a dhéanamh nuair nár caitheamh ar an tionscal ach £175,000 idir 1846 agus 1877. Bhí céidh bhreá acu sna Dúnaibh anois fán bhliain 1884 ach cé a bhí ag baint úsáide as? Is cinnte nach raibh mórán de bhunadh na háite. Mar a luaigh mé cheana, fiú dá mbeadh bádaí níos mó ag iascairí an cheantair ní raibh eolas margaíochta ná córas taistil fán cheantar le go dtiocfaí lastaí móra éisc úra a fháil ‘na mhargaidh. Arthur Balfour a bhí ina Phríomh-Rúnaí sa tír seo ó 1887 go dtí 1891 agus cé nach cara ar bith do thi- onóntaithe a bhí ann agus go raibh sé claonta go mór i dtreo na dTiarnaí Talún ba é a bhí taobh thiar de chúpla cinneadh mór a bheith déanta a raibh tionchar thar a bheith tábhachtach acu ar Iarthar na hÉireann agus ar thionscal na hiascaireachta ach go háirithe: Bord na gCeantar Cúng a chur ar bun agus na hi- arnróid a leathnú go dtí na poirt iascaireachta ar an chósta. Ba mhór an chuidiú a bhí ann do thionscal na hiascaireachta sna Dúnaibh nuair a thosaigh na traenacha a dhul fríd an Chraoslach sa bhliain 1903. Ach bhí feabhas tagtha ar ghnóthaí iascaireachta i bhfad roimh 1903. Bord na gCeantar Cúng. Cuireadh Bord na gCeantar Cúng ar bun faoi Acht 1891 le faoiseamh a thabhairt do dha- oine ón bhochtaineacht, ón leán agus ón chru- atan sna ceantair a ba bhoichte in Iarthar na hÉireann. Rinne an Bord an-dul chun cinn i bhforbairt thionscal na hIascaireachta sna ré- igiúin a bhí faoina chúram agus ceann de na rudaí a ba shuntasaí faoin Bhord seo ná go dtug Balfour saoirse don Bhord airgead a chaitheamh de réir mar chonacthas buntáiste nó tairbhe ag baint leis, gan aon srian ná idirghabháil ón Taisce, ón Chaisleán ná ó aon rannóg Stáit a fhad agus nár caitheamh níos mó airgid ná mar bhí ina gciste. Mhair an Bord seo ón bhliain 1891 go dtí 1923 agus tá cuntas breá ar chuid oibre an bhoird seo le fáil ó pheann W. L. Micks a bhí mar chéad rúnaí agus mar bhall den bhord le linn an ama sin. Bhí an bord dírithe go mór ar fhorbairt a dhéanamh ar thionscal na hiascaireachta agus is cinnte gur éirigh thar barr leis an dúshraith a chur síos. An Bord i mBun Oibre. Nuair a chuaigh Micks i mbun oibre in 1891 ní raibh mórán le sé áit i réigiúin na gceantar cúng ó Dhún na nGall go Iarthar Chorcaigh a raibh teacht isteach níos mó ná £5 ag aon theaghlach ón iascaireacht. Ar feadh an chósta iomlán ó Loch Feabhail go béal na Sionainne ní raibh bád amháin a thiocfadh gléasra iomlán eangach a iompar mar a dhéanfadh bád mór seoil. Ba é an chéad rud a thug an Bord faoi agus rud a bhí práinneach do na hiascairí ná margadh a chruthú. Chuige seo cuireadh stáisiúin leasaithe ar bun mar go raibh an oiread sin áiteacha nach dtiocfadh éisc úr a chur ‘na mhargaidh mar nach raibh córas taistil fóirsteanach sna áiteacha sin. Sa bhliain 1892 agus ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin thosaigh an Bord fhéin ag ceannach trosc, langaí agus glasán mór ar thart fá 4 scillinge, ar an mheán, an trí cinn déag. Ach cé go raibh an luach seo íseal go leor ‘sé an buntáiste a bhí leis ná gur cheannaigh gníomhairí an Bhoird na héisc ba chuma cad é chomh mór agus bhí an iascaireacht agus fiú ag 4 scillinge bhí na hiascairí anois ag saothrú níos mó sa tséasúr ná mar a shaothraigh siad ariamh roimhe seo. Sa tráthnóna dhéanadh na hiascairí a gcuid línte fada a bhaoiteáil, chuireadh siad na línte san oíche agus thógadh siad iad arís le teacht a’ lae. Idir an dá linn chaithfí eangacha beaga a chur amach le greim a fháil ar scadáin agus ar mhurlais, na héisc a d’úsáid siad mar Arthur Balfour

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3