Guth Ghoill, Eagrán 29
Eagrán 29 Samhain 2009 4 bhaoití. Nuair a bhíodh na scadáin gann agus nuair a chaithfeadh na fir fanacht leis na heangacha tréimhsí fada le bheith cinnte go mbeadh baoití acu, is fíor a rá nach mórán uaireanta codlata a gheobhadh na hiascairí le linn séasúr na hiascaireachta. Rinneadh an iascaireacht sna geoltaí (yawls), bádaí seoil a bhí foscailte agus a d’fhág cruatan agus léan go leor ar an fharraige le linn drochaimsire. D’fhulaing siad ón fhuacht, ón fhearthainn agus ó cháitheadh na dtonn, agus de thairbhe seo rinneadh socraithe éadach farraige (oilskins) a chur ar fáil dóibh a dtiocfaí díol astu nuair a bhíodh an séasúr thart. Cuireadh línte fada nua-aimseartha ar fáil dóibh fosta ar choinníoll go ndíolfaí astu fosta ag deir- eadh an tséasúir. Dúirt Micks ina chuntas nach raibh deacracht ar bith acu a gcuid iasacthaí a íoc ar ais ag deireadh an tséasúir. Bhí cuid mhaith de na hiascairí a bhíodh ag obair roimhe seo ar scéimeanna ar bhealtaí móra ar scilling sa lá agus neart acu i bhfiacha le siopaí agus le gnóthaí éagsúla. Sa bhliain 1892 mar gheall ar an saothrú as an iascaireacht d’éirigh leis na fir seo, ní amháin, a gcuid fiacha a ghlanadh ach mar a dúirt si- ad le Micks, ‘….airgead tirim a chur i dtaisce’. Tháinig athrú suntasach i saol na ndaoine i bpobail iascaireachta ar chósta Dhún na nGall, ag dul ó lean, leatrom agus anás go rathúnas agus fuílleach. Lena chinntiú go sroicheadh na héisc an margadh agus iad sa riocht is fearr cuireadh Micks anonn go dtí na Shetlands leis an chóras saillte agus triomaithe a bhí in úsáid thall ansin a scrúdú agus teagascóirí a tha- bhairt anall leis go Dún na nGall lena gceird a theagasc abhus anseo. Comh luath agus a thosaigh an séasúr d’iascaireacht Trosc agus Langaí tháinig saillteoirí na Shetlands anall. Rinne Micks cinnte gur roghnaigh sé fir a bhí stuama agus siosmaideach agus ba é an toradh a bhí le hobair shailleadh na n-iasc fa- oi chúram shaillteoirí na Shetlands ná go bhfuarthas an luach céanna sa mhargadh ar éisc Dhún na nGall agus a fuarthas ar éisc na Shetlands fhéin. Lean modh saillte na Shetlands ar aghaidh go dtí go rabhar abálta, le húsáid na n-iarnród, 1903, éisc úr a chur go dtí an mhargadh agus nuair a tharla seo bhí na hiascairí ábalta dúbailt an luacha a fháil. Bhí brú mór ag teacht ar Micks anois mar go raibh curanna éisc geal ag méadú go mór agus mheas sé go raibh duine éigin a dhíth air a mbeadh na scileanna cuí aige leis na margaí éisc a láimhseáil níos éifeachtaí. Fuair sé an fear seo in Aberdeen — Alexander T. Duthie — fear a raibh tionchar mór aige ar thionscal na hiascaireachta, ní amháin sna Dúnaibh ach ar fud an Chontae. Ó Éisc Gheala go dtí na Scadáin. Go dtí seo is ag trácht ar iasc geal atá muid, iascaireacht le línte fada ar gheoltaí agus ar churacha agus sailleadh na n-iasc geal. Is cinnte go raibh iascaireacht scadán ag dul ar aghaidh ach ní ar bhun trádála. Mar a luaigh mé cheana baineadh úsáid as na scadáin mar bhaoití. Le linn do Duthie a bheith ag coinneáil súil ar scéim shaillte an Bhoird agus ag coinneáil súil ar mhargaí éisc chuir sé ionadh an domhain air an caighdeán a bhí i
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3