Guth Ghoill, Eagrán 29
Eagrán 29 Samhain 2009 5 roinnt scadán a bhfuarthas greim orthu ag bé- al Bháigh na nDúnaibh. D’imigh sé go Baile Átha Cliath láithreach agus samplaí de na scadáin leis agus mhínigh sé don Bhord gurbh iad seo na scadáin Matje (scadáin óga nach raibh fásta go hiomlán) ab fhearr a chonaic sé ariamh agus spreag sé an Bord gur cheart dóibh airgead a chur ar fáil le bádaí den déanamh ‘Zulu’ a cheannacht do na hiascairí agus an trealamh a bheadh riachtanach ag dul leo. Mhaígh sé go raibh na scadáin seo, ina thuairimsean, níb fhearr ná scadáin Castlebay, ba seo scadáin a raibh cáil mhór orthu ag an am, scadáin a raibh an luach ab airde a fháil orthu ar mhargaí na hEorpa, agus a rabhar a sailleadh ag an am i nDeisceart na Hebrides. Cruthaíodh go raibh Duthie ceart, mar go bhfuair scadáin Bháigh na nDúnaibh, ina dhiaidh seo, an luach ab airde ar mhargaí na hEorpa. Na Zulus. Bádai seoil tuairim is dhaichead troigh ar fhad a bhí sna Zulus ar dtús ach de réir a chéile tosaíodh ar Zulus níos mó a dhéanamh, a raibh deiceanna iontu, agus ba in Albain a tógadh iad. Bhí dearadh na mbád seo bunaithe ar dhá bhád iascaireacha a bhí ag iascaireacht amach ó chósta na hAlban. Baisteadh bádaí Zulu orthu de thairbhe go raibh an cogadh leis na Zulus ar siúl ag an am. Ba go Teithleann a chuaigh na chéad Zulus sa bhliain 1897 mar gurbh ag iascairí Theithleann a bhí an cleachtadh ab fhearr ar láimhseáil bád seoil a bhí ní ba mhó ná na Geoltaí. Ansin nuair a chonaic iascairí na nDúnaibh muintir Theithleann istigh sna Dúnaibh lena gcuid Zulus le haghaidh iascaireacht na scadán agus na buntaistí móra a bhain leo chuaigh siadsan a éileamh
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3