Guth Ghoill, Eagrán 29

Eagrán 29 Samhain 2009 6 an cineál céanna bád ón Bhord. Géilleadh dá n-éilimh agus leag Duthie síos na coinníollacha a chuaigh leo, le tacaíocht an Bhoird. Na Coinníollacha. B’iad na moltaí a rinne Duthie ná: • Nach nglacfaí ar na criúnna ach fir a bhí breá óg. • Go mbeadh seisear iascaire mar bhaill den chriú agus go mbeadh siad mar chomhúinéirí ar an bhád agus ar an ghiar iascaireachta. • Go ndéanfaí naoi gcuid de shaothrú an bháid. Choinneodh an bord trí chuid, seo le luach an bháid agus an giar a íoc ar ais. • Go ndíolfaí na curanna éisc ag ceant poiblí ar an chéidh le saillteoirí scadáin agus go dtabharfaí a luach do ghníomhaire (agent) an bhoird. Choinneodh seisean an t-airgead uilig go mbeadh séasúr na hiascaireachta thart. Thabharfadh sé airgead le haghaidh bia agus riachtanais eile do iascairí aonaracha le linn an tséasúir de réir mar a bhí sé a dhíth. • Bhí achan bhád le bheith faoi cheannas teagascóra Albanach mar scipéir agus bhí sé de iachall ar an chriú glacadh lena chuid ordaithe maidir le hamanna agus na háiteacha a roghnofaí le haghaidh iascaireachta. Ba seo ceann de na cú- iseanna ar moladh go mbeadh na hia- scairí breá óg mar go bhféadfaí smacht níos fearr a choinneáil orthu. Chuir sé iontas ar Micks agus ar Duthie cé chomh tapaidh agus a d’fhoghlaim na criúnna óga seo an dóigh leis na bádaí seoil seo a láim- hseáil agus chomh tapaidh agus a tháinig siad isteach ar mhodhanna úra iascaireachta. Bhí an mhórchuid de na criúnna an-óg agus gan an oiread sin taithí iascaireachta acu, taobh amuigh de bheith amuigh ar churacaha. Ba saol eile ar fad dóibh a bhí sa chineál seo iascaireachta. Ní raibh i bhfad go raibh coim- hlint fholláin idir na criúnna mar go bhfógrófaí ag deireadh na seachtaine cé mhéad a shaothraigh achan bhád don tseach- tain. Mar go raibh an bord ag fáil trí chuid de luach na gcuranna agus go raibh an iascaireacht chomh maith sin ag tús ama, bhí luach an bháid agus na heangacha glanta go minic i ndiaidh cúpla séasúir iascaireachta, rud a d’fhág bád réasúnta úr agus giar iascaireachta i seilbh seisear de chriú. Ré Órga na hIascaireachta sna Dúnaibh. I Samhradh na bliana 1897 ní raibh ádh ar bith ar Zulus Theithlinn agus iad ar thóir na scadán i mBáigh Dhún na nGall. Thug siad aghaidh ar na Dúnaibh agus ó thús mhí Lúnasa fuarthas na scadáin ab fhearr i mBáigh na nDúnaibh agus a fuarthas in aon áit. Ó thús mí Lúnasa bhí cabhlach iascaireachta na nDúnabh ag fás de réir an lae agus an iascaireacht ag dul i bhfeabhais. Bhí dhá Zu- lu dhéag as Teithleann, ceithre Lugger choimhthíoch, deich Yawl is fiche agus trí fichid currach ag iascaireacht amach as na Dúnaibh. Tháinig forbairt agus fás ar na Dúnaibh de réir a chéile go dtí go raibh sé ar thiontú an chéid, ar an phort iascaireacht scadán ba mhó sa tír. Tugadh i dtír ó thús Lúnasa na bliana sin go lár mí Dheireadh Fómhair luach £6,000 de scadáin. De réir cuntas a bhí sa ‘Derry Journal’ ag an am dúradh go dtigeadh galtán as Albain ‘na céidhe an uile lá agus go raibh tuairim is céad duine fostaithe ag an dá stáisiún leasaithe a bhí os cionn na céidhe ag sailleadh agus ag pa- cáil na scadán. Bhí tús curtha le ré úr i saol iascaireachta na nDúnaibh. Foinsí: More about Meevagh - L. W. Lucas A History of the Congested Districts Board - W. L. Micks Zulu Fishermen - Pat Conaghan

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3