Guth Ghoill, Eagrán 29

Eagrán 29 Samhain 2009 7 Seal i Meiricéa Theas i 1997 Deisceart Peiriú Nuair a d ’ fhill mé ar Pheiriú ag deireadh mí Meithimh, tháinig mé ar ais go Puno, ach d ’ imigh mé díreach ar aghaidh go dtí Arequipa. As seo, chuaigh mé go dtí an Cainneon Colca, an cainneon [canyon] is doimhne ar domhan. Ta sé thart fá mhíle ar doimhne. Thóg sé lá iomlán orm siúl go bhun an chainneoin, áit ar chaith mé an oíche. Ó Arequipa chuaigh mé go dtí Nazca chun amharc ar na línte diamhra sa bhfásach. Tá lear tuairimí ar fhoinse nó ar an chúis atá leis na línte seo, ach níl ceann ar bith acu deimhnithe go fóill. Deir cuid de na daoine gur cineál d ’ fhéilire a bhí iontu, ionas go mbeadh fhios ag na daoine cén uair leis na barraí a chur nó a bhaint. Clúdaíonn siad thart fá 400 míle cearnach agus is é an dóigh is fearr le hiad a fheiceáil ná ón aer. Ó Nazca chuaigh mé díreach go Trujillo, cathair atá ar an chósta, ó thuaidh ó Lima. Trujillo – Chan Chan Tá dhá phirimid taobh amuigh de Trujillo, Teampall na Gréine agus Teampall na Gealaí a thugann siad orthu. Bhí mé ábalta siúl go barr ceann acu, rud nach dtig leat a dhéanamh san Éigipt. I dtuaisceart chathair Trujillo tá Chan Chan, seanchathair ó thart fán bhliain 1000 inár chónaí thart fá 10,000 duine. Bhí corás uisce acu agus gairdíní agus a leithéid eile, nach raibh le fáil i gcathair ar bith san Eoraip ag an am. I ndiaidh domh an lá a chaitheamh amuigh ansin, thug na treoraithe [guides] cuireadh domh dul chuig béile leofa, agus bhí sin deas agus thosaigh siad ag labhairt fá El Niño, an t - eachtra a tharlaíonn achan chúig bliana nó mar sin, agus a chuireann an aimsir bunoscionn agus a scriosann saol na ndaoine agus an dúlra sa cheantar. Bhí ceann tuartha don bhliain dár gcionn, agus bhí siad uilig buartha fá dtaobh de. Mar a tharla, ba é an ceann is measa sa 20ú céad a bhí ann. Cajamarca Is cathair maorga í Cajamarca, ach in ainneoin sin tá stair fuilteach ag an chathair seo. Sa bhliain 1532 ghabh na Spáinnigh Atahualpla, ceannaire deireannach na n - Incigh, anseo. Tá sé do - chreidte go raibh na Spáinnigh ábalta an lámh in uachtar a fháil ar na hIncigh i gCajamarca. Bhí airm de bhreis is 30,000 fear ag Atahualpa, agus thart fá 170 fear ag an ginearál Spáinneach, Francisco Pizarro. Ansin chuardaigh na Spáinnigh airgead fuascailte (ransom) leis na hIncigh a bhí ina bpríosúnaigh acu a shaoradh. Líon na Incigh seomra lán d ’ ór mar airgead fuascailte, ach nuair a bhí an t - ór faighte acu, mharaigh na Spáinnigh Atahualpa. Is i mbaile beag taobh amuigh de Cajamarca a bhlas mé muc ghuine (guinea pig) don chéad uair, feol a itear cotianta go leor i bPeiriú. Huaraz agus Cleachtaí Aisteach sna Sléibhte Tá na sléibhte is airde sa tír suite in aice le Huaraz, sa sliabhraon Callejon de Huaylas. Chaith mé roinnt laethanta ag siúl sa Callejon de Huaylas. Ach d ’ fhoghlaim mé gasta go leor nach raibh mé ábalta braith ar na comharthaí a bhí ar na cosán do na turasóirí. Tá sé ráite go bhfuil sé de nós ag cuid de bhunadh na sléibhte na comharthaí atá ann do na gringos a aistriú thart. Creideann bunadh an puna go gcónaíonn a ndéithe sna sléibhte agus go mbíonn cíos ó mhéid áirithe daoine ag teastáíl ó na déithe seo. De réir na ndaoine áitiúla, b ’ fhearr mar sin más gringos atá iontu, agus go mbeidh níos mó acu féin slán dá bharr . . . Bhíodh cleachtadh eile i gcuid de na ceantair sna Teampall na Gealaí

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3