Guth Ghoill, Eagrán 29

Eagrán 29 Samhain 2009 8 sléíbhte ar a dtugtaí Qapac Qocha air. Maraítear leanbh óg thuas ar an oighearshruth chun dia an uisce a shásamh, mar gurb é an oighearshruth foinse an uisce, agus gan é cha bheadh siad beo. Níonn siad an páiste a íobairt don dia agus ansin cuirtear é nó í san oighearshruth. Deir roinnt daoine go bhfuil seo fós ag dul ar aghaidh i gcuid de na ceantair antrátha uaigneacha den tír nuair a bhíonn siad ag comóradh Inti Raymi (Grianstad an Gheimhridh – Winter Solstice), ach chan fhaca mise fianaise ar bith de. Lima Arís Ó Huaraz, chuaigh mé ar ais go Lima ar feadh cupla lá sular fhill mé ar Éirinn. Chaith mé an féile náisiúta (28ú Iúil) i Lima, áit a raibh aifreann mór san ard - eaglais ag a raibh an príomh - aire Alberto Fujimori, chun an lá a cheiliúradh. Is dócha gur chur seo in iúl domh an nasc atá idir an chliarlathas [hierarchy] agus an rialtas sa tír, faoi mar a bhíodh sa tír seo. Ach bhí scannal ag briseadh faoi Fujimori san am seo. Fuarthas ciontach sa chaimiléireacht é i ndiadh sin agus theith sé go dtí an tSeapáin. An Bhochtaineacht Is tír saibhir í Peiriú ó thaobh áiseanna nádúrtha, ach ní bhaineann cosmhuintir na tíre morán tairbhe as seo. Tá áiseanna nadúrtha na tíre go fóill a ndíol leis na corparáidí ilnáisiúnta (multinational), agus is beag an mhaitheas atá anseo don ghnáth dhuine sa tír. Tá méadú ag teacht ar fho - bhailte na gcathracha móra, agus laghdú ag teacht ar an chaighdéan maireachtála de bharr príobhaidiú na seirbhísí poiblí cosúil le huisce agus oideachas. Tá cinéal bogadh i dtreo an eite chlé faoi mar atá i roinnt tíortha eile i Meiricéa Theas faoi láthair, ach níl siad i gcumhacht go fóill. In ainneoin seo níl feabhas tagtha ar shlí maireachtála na ngnáth dhaoine. Sampla maith ar chumhacht agus réimse na gcorparáidí ilnáisiúnta ná chomh forleathan agus a bhí Coca - Cola agus Pepsi le fáil, fiú sna sráidbhailte i gceantair tuaithe nach raibh uisce reatha nó leictreachas le fáil. Dá mbeadh an t - airgead agat, thiocfadh leat iad a cheannacht, ach ní raibh an t - airgead ag mórán. Is beag canna Coca - Cola nó Pepsi atá ólta agam ó shin. Nuair a bhí mise i bPeiriú, an chéad rud a déarfainn le daoine nuair a rachainn isteach go dtí baile úr ná, nach ó na Stáit Aontaithe mé. Bhí fuath acu ar na Stáit Aontaithe. Tá easaontas láidir i gceantair áirithe i bPeiriú, agus teannas idir an mionlach saibhir agus an mórlacht bocht, agus fíú bíonn gníomhaíochtaí paraimíliteacha ag dul ar aghaidh i gcuid de na ceantair is boichte. Chuirfeadh sé samhnas ar dhuine ar bith an deighilt a fheicéal idir an bhochtaineacht agus an saibhris sa tír seo. Sna Pueblos Jovenes i Lima (“ Na Bailte Óga ” i Spáinnis) tá na milliúin daoine ina gcónaí ar mhullach a chéile gan uisce nó leictreachas ar bith. Tá méíd doimhneacht na bochtaineachta dochreidte ann. Chan ionadh go mbíonn trioblóid agus easaontas sna fo - bhailte seo ó am go chéile. Ach ní bhíonn trócaire ar bith ag na húdaráis dóibh, nó níl meas ar bith acu orthu. Is beag an luach atá ar bheatha an duine sna fo - bhailte seo cosúil le go leor áiteacha eile ar fud an domhain. Bhí mé den bharúil, agus tá go fóill, go bhfuil rud éigin bun os cionn leis an saol nuair is mar seo a bhíonn beatha ag formhór an chine dhaonna de bharr saint lucht an rachmais. Faigheann 50% de phaistí Pheiriú bás sula mbíonn siad dhá bhliain d ’ aois. Níl córas sláinte nó leasa shóisialaigh ar bith sa tír, agus caitheann daoine maireachtáíl ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile. Sin is dócha an spreagadh a bhí ann don achrann a bhí sa tír ar feadh na mblianta. Cé go bhfuil an bhochtaineacht chomh forleathan, ní raibh morán coiriúlacht phearsanta i bPeiriú nuair a bhí mise ann, ach bhí orm a bheith faichilleach roimh dhaoine ag iarraidh rudaí a dhíol ar luach a bhí cúpla uair níos airde ná an Margadh Pueblos Jovenes

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3