Guth Ghoill, Eagrán 29

Eagrán 29 Samhain 2009 9 luach ceart. Nuair a tchíonn siad an “ gringo ” ag teacht, téann na praghasanna suas b ’ fhéidir trí nó ceithre oiread. Muna gcoinníonn tú do shúile ar do threalamh phearsanta fosta, sciobtar ar shiúl iad go gasta. Cóca Tá duilleoga cóca le fáil go forleathan i bPerú. Is gnáth phlanda í seo, agus glacann na daoine dúchasacha í le haghaidh tinneas airde [altitude sickness], agus don ocras. Tá sé maith fá choinne piantaí, agus níonn na daoine tae leis na duilleoga fosta, maté de coca a thugtar air. Níl sé ró - láidir ar chor ar bith, bheadh sé measartha lag i gcomparáid le cupla pionta beoir, nó gloine uisce beatha! Is nuair a dhéantar í a phróiséail go basuco nó cócaon (cocaine) a eiríonn sé contúirteach. Is san phroiséas aistriúcháin seo atá an brabús is mó le fáil, agus déantar seo i roinnt saotharlanna atá suite i gceantair iargúlta san iarthar, in aice leis an teorainn leis an Bholaibh agus an Cholóim. De bharr an ioncaim ísil atá le fáil ag gnáth fheirmeioirí, is é seo ceann de na bealaigh is fearr le haghaidh feabhas a chur ar do shlí beatha agus do chaighdeán maireachtála.. Tá baint ag cuid mhór de ghníomhaíochtaí paraimíliteacha anois le trádáil drugaí, go speisialta fás na nduilleog cóca, bunábhar cócaon. Deireadh M ’ Aistir Nuair a shroich mé Éirinn arís i ndiaidh trí mhí a chaitheamh i Meiricéa Theas, bhí mé tuirseach agus lag. Nuair a bhíonn tú cleachtaithe leis an chaighdéan maireachtála atá againn sa tír seo, níl sé furasta cur suas leis an saol salach, te gan uisce glan nó bia folláin mar atá le fáil i gcuid mhór de Perú. Chan ionadh go bhfuil fad saoil lear de na daoine chomh gairid sin. Is cinnte gur oscail an turas seo mo shúile domhsa agus gur léirigh sé domh dhá thaobh an nádúir dhaonna. Tá sé doiligh a chreidmheáil cé chomh éagothrom is atá saol an domhain go dtí go bhfeiceann tú le do shúile féin é. Cé go raibh staidéar déanta agam ar an cheantar seo san ollscoil, is oideachas eile go hiomlán a bhí sa turas seo. B ’ fhéidir nach raibh teastas ar bith le fáil ag an deireadh, ach is cinnte gur thosaigh mé ag tuigbheáil rudaí nach bhfuil le fáil i leabhar ar bith. Cormac Goulding Dónall Mac Dáibhéid Bhí slua mór i láthair in Óstán Charraig Airt an oíche a lainseáil Dónall Mac Dáibhéid a dhlúthdhiosca úr “Country & Irish Songs" ansin le déanaí. Tréaslaíonn muid uilig le Dónall as ucht an éachta atá déanta aige agus guíonn muid rath air. Ba í pearsantacht áitiúil eile, Róise Ní Oireachtaigh as Highland Radio, a rinne an lainseáil. Ag labhairt i nGaeilge, dúirt sí gurbh ábhar pléisiúir mór dí, ní amháin an dlúthdhiosca úr seo a lainseáil ach é a sheinm ar a clár raidió fosta. Dúirt sí gur dheas an rud é go raibh beirt de na hamhráin i nGaeilge, ‘Cruacha Glas na hÉireann’ agus ‘Doire Cholm Cille’ agus amhrán áitiúil eile ‘Dumhaigh Grá Mo Chroí.’

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3