Guth Ghoill, Eagrán 30

Eagrán 30 Nollaig 2009 11 Maggie Le Proinsias Ó Cuilinn Thiomáin mé ‘n tralaí suas agus síos ‘gus mo iníon go gnóthach a líonadh; bhí na seilfeanna lán de achan sórt ábhar achan phacáiste a mealladh le hiontas. Thógfainnse í chuig na boscaí os ard chuir na roghanna í trína céile; smaoinigh mé go tobann ar m’óige féin gus ar shiopa bheag Mhaggie Cháitríona. * * * ‘S é an chéad chuimhne t’agam ar Mhaggie ‘s a siopa ná Domhnach amháin teacht ón Aifreann; Thóg mo mháthair an laiste is shiúl muid isteach bhí sé plódaithe le muintir na háite. Bhí sé dorcha go leor nuair a druideadh an doras mar bhí an fhuinneog lán boscaí ‘gus crocáin, bhí an cuntar mór ard é leathan is donn ar a chúl sheas Maggie ag freastal. * * * Bhí na gasúirí móra ina seasamh leo féin iad ag magadh, ag cleasaíocht ‘s ag messaíl. Sheas mé sa choirnéal is faitíos go bráth orm ach cha raibh aon rud nach dtug Maggie faoi deara. An í seo Máire Bheag nach ciúin thú a ghirsigh tiocfaidh athrú, a thaisce, geallaim sin duit. Thóg sí crág milseán is chuir iad i mó ghlac rinne sí amhlaidh le achan pháiste sa tsiopa. * * * Ba chuma cé thú nó stádas do mhuintir i do leabhar féin a scríobhfadh sí ‘n cuntas. Nuair a thiocfadh an lá a bhí scilling le spáráil is díreach chuig Maggie a rachfá. Is í ag dul do na figiúirí, dá bhfeicfeá a cumas cha chluinfeá ariamh uaithi aon ghearán; thosódh sí ag bun is rachadh sí go barr is cha bheadh oiread is leathphingin ar seachrán * * * Bhí sí pléisiúrtha modhúil le haoibh ar a haghaidh d’osclófá an doras chuig fáilte i gcónaí; Dá gcluinfeá chomh múinte ar an fón is a bhí sí shílfeá gur duine den uaisleacht í cinnte. Chan conspóideach cantalach í bean uasail Chluain tSaileach chan cúlchaint nó gearán a chluinfeá, ach cosúil le héan ag coimhéad a nead, cha bheadh sí faiteach dá dtiocfadh teann uirthi. * * * Cha bheadh aon spás do Mhaggie sa tíogar mhór Cheilteach cha dtuigfeadh lucht gnó ‘nois a leithéid, ach tchímid gur seafóid an tíogar mór céanna ‘gus gur saint a bhunús ‘s a spreagadh. Char thuig Maggie saint ach thuig sí na daoine áit a raibh ganntanas chruthaigh sí cothú, ba é ‘n scláta a córas agus léar againn istigh ann, mar chan flúirseach a bhí saibhreas sa cheantar. * * * Bhí a croí lán maitheasa cha raibh aon amhras fá sin, char fhág sí póca ariamh folamh ag páiste; Scríobh Dickens fá Scrooge is chomh teann is a bhí sé; bhail, is a mhalairt go hiomlán ba Mhaggie. Bhí an dóigh amháin aici le achan uile dhuine cé acu sean thú nó tachrán gan bhróga, Tá mise den bharúil gus is tuairim ó’m chroí é gur mhair naomh i Ros Goill i m’óige. * * *

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3