Guth Ghoill, Eagrán 30

Eagrán 30 Nollaig 2009 12 Bronnadh Céime in Ollscoil na Gaillimhe Seo pictiúr de cheathrar de bhunadh Mhíobhaigh agus duine de bhunadh na dTuatha ag an bhronnadh céime in Ollscoil na Gaillimhe ar na mallaibh. Ó chlé ta Nóirín Mhic Ualghairg (Dioplóma i Léann an Bhéaloidis) Sábha Mhig Oireachtaigh (Dioplóma i Léann an Bhéaloidis & Dioplóma san Aistriúchán), Caitlín Ní Bhaoill (Dioplóma san Aistriúchán), Aingeal Ni c a Bhá i r d (Di op l óma san Aistriúchán) agus Caoimhín Mac a’ Bháird (Dioplóma san Aistriúchán). Ba shuntasach an ócáid í an bronnadh céime a bhí ann ar an 22ú Deireadh Fómhair 2009. Eagraíodh na cúrsaí seo faoi choimirce Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh, ar an Cheathrú Rua agus i nGaoth Dobhair. Ó thaobh an Dioplóma i Léann an Bhéaloidis de, ba chúrsa dhá bhliain a bhí ann, cúrsa an-thairbheach agus an-thaitneamhach ar fad, a raibh ard-chaighdeán ag baint leis. Bhí an t- ádh orainne a d’fhreastail ar chúrsa Ghaoth Dobhair go raibh beirt léachtóir den chéad scoth againn, mar a bhí Mí- cheál Ó Domhnaill agus Conchúr Mac Giolla Eáin a d’oibrigh go díograiseach agus go dícheallach ar ár son.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3