Guth Ghoill, Eagrán 30
Eagrán 30 Nollaig 2009 13 Feadaímó Tá Feadaímó agus Colm ar an bhealach go Doire agus cairt lán príosúnaigh leo. Tá Síle, deirfiúr dhuine de na príosúnaigh, i ndiaidh teacht a fhad leo ach níl fonn ar bith ar Fheadaímó nó ar Cholm fear ar bith acu a scaoileadh saor. Bhí Síle ag iarraidh a capall a thiontú sa dóigh is go dtiocfadh léi dul agus cuidiú a fháil ach bheir Feadaímó ar na srianta. Thóg sí fuip agus rinne sí iarracht Feadaímó a bhuaileadh. Sheas Feadaímó ar cúl coiscéim, agus greim go fóill aige ar na srianta. Chuaigh sé go tapaigh faoi chloigeann an chapaill go dtí an taobh eile. Chuir sé a lámh faoi chos chlé Shíle agus chaith sé í ar an talamh. Luigh sí ina cnap ar an talamh agus a ha- náil caillte ar fad aici. Cheangal Feadaímó an capall go teann le cúl na cairte agus thóg sé an ghirseach agus chuir sé í ina suí ar an chairt idir é fhéin is Colm. “ Is fearr dúinne na bonnaí a bhaint as ar eagla go dtiocfadh duine ar bith eile den dream seo, ” arsa Feadaímó. “ Hup, hup, ” a scairt sé is bhog an cairt ar aghaidh. “ Ceart agat a Fheadaímó, ” arsa Colm. “ Tá Tobar An Dreoilín tuairim is trí mhíle eile amach an bóthar agus thig linn dul i bhfolach sa choill. Chan fheiceann duine ar bith muid istigh ansin agus beidh muid ábalta fanacht ar Dhomhnall is an táin go deas socair. Cha bhíonn muid ach cúpla mí- le ó Dhoire ach is dóiche go mbeidh Domhnall ag iar- raidh na boic seo a fháil isteach i ngan fhios do na húda- ráis. ” Bhí a hanáil ag teacht ar ais chuig Síle agus labhair sí. “ Cad chuige a mbeadh sé ag iarraidh iad a thabhairt isteach i ngan fhios do na húdaráis, ” a dúirt sí. “ Tá clua- sa ar na ballaí mar a déarfadh mo sheanmháthair ” arsa Colm, agus ’ sé an t - aon léas a bhí aici ar sin ná balbhán a dhéanamh di féin. Tharraing sé a bhairéad anuas thar a súile agus luigh sé siar ar an suíochán. “ Ba mhaith li- omsa deis a fháil labhairt leis na húdaráis, ” arsa Síle. “ Chan saineolaí ar bith ar an dlí mé ach ní dóigh liom go bhfuil sé ceart agaibh mise a fhuadach mar seo. ” “ Níl tusa i gcontúirt ar bith, a Shíle, ” arsa Feadaímó, agus é ag déanamh corr chúlfhéachaint ar an bhealach. “ Nuair a thagann an táin a fhad linn thig leatsa dul do rogha bealach. Ach cha bheinnse sásta sin a dhéanamh anois mar tá a fhios agam go maith go mbeifeá ar ais agus scu- ad fear leat. ” “ Cá háit a bhfaighinn an scuad seo, ” arsa Síle go searbhasach. “ Níl fir ar bith fágtha fán bhaile s ’ againne. Tá siad uilig ar chúl na cairte seo. Níl fágtha againn ach na seanfhir agus na gasúirí óga. ” “ Bhail, caithfidh mé a rá nach dtig liom trua a bheith agam daoibh. Bhí a fhios agaibhse go damanta maith gur gadaíocht bó a bhí siad ag déanamh agus na contúirtí a bhaineann lena leithéid sin oibre. Fosta cha raibh trua de shórt ar bith a thaispeáint acu fhéin agus an ionsaí ag dul ar aghaidh. Shíl mé go raibh Colm ansin dul a bheith marbh acu. ” D ’ amharc Síle air. Bhí Feadaímó ina shuí agus a aghaidh dírithe ar an bhóthar aige. Ba fathach d ’ f- hear a bhí ann, é tuairim is sé troigh go leith ar airde. “ Cha dtuigeann tusa an cineál cruachás atá i saol s ’ againne, ” arsa Síle os íseal. Thosaigh Feadaímó ag gáire. “ Ó, bhail anois, sin ceann maith. As Ros Goill mise, a thaisce, agus níl feidhm agatsa a dhath a insint domhsa fá chruachás. Bíonn ar na fir agus na mná thíos againne a bheith amuigh ó dhubh go dubh le greim bia a chur ar an phláta. ” “ Tá talamh agaibhse, ” arsa Síle, is tá sé furasta agaibh greim bia a chur ar an phláta. ” Thar- raing Feadaímó na srianta agus fearg air. “ Talamh! Talamh! Éist thusa liomsa, a ghirsigh, ” a dúirt sé, “ chan linne an talamh ar chor ar bith. Is leis an Tiarna Liatroma an talamh uilig. Tá sé againne ar chíos agus nuair a tugadh do mhuintir s ’ againne é, cha raibh a leithéid de rud ann is cuibhreann. Carraigeacha agus gai- neamh, luachrach agus muiríneach. Sin an rud a bhí acu ach d ’ oibrigh siad lena gcuid láimhe, fir is mná, seanda- oine agus paistí. Thóg siad na clocha agus chuir siad múrach is racálach, leathach is rúscán is achan sórt eile feamainne ar an talamh. An dtuigeann tú mé? Chrúthaigh siad an chréafóg a chlúdaigh na carraigeacha agus an gaineamh. Agus i ndiaidh na hoibre sin is uile, thiocfadh leis an Ti- arna muid a chaitheadh amach ar thaobh an bhealaigh mhóir ar leithscéal ar bith. Ach coinníonn muid ag dul agus iompraíonn muid an t - ualach. Achan bhliain ó bhí mé ábalta siúl bhí me amuigh ag déanamh an rud céanna. Sin a ’ tuige a bhfuil muid ábalta greim bia a chur ar an tábla. Sin an fáth nach bhfuil orainn a bheith amuigh ag gadaíocht agus ag cur beathaí daoine i gcontúirt. ” Chroith sé na srianta agus bhog siad ar aghaidh gan focal ar feadh tamaill. Bhí an bóthar garbh go leor, ach, mí - chompordach is uile is a bhí sé ar an chairt, thit Colm ina chodladh. Chuala siad é ag srannfach. Char mhuscail Feadaímó é mar, cé gur seo an chéad uair dó a bheith sa taobh seo tíre, cha raibh sé deacair an bealach go Doire a leanstan. Fosta, bhí maidin ghalánta ann, bhí girseach óg ina suí lena thaobh agus bhí sé ag iarraidh labhairt léi. D ’ inis Feadaímó di fá theaghlach s ’ aige fhéin agus fán chineál saol a bhí acu cois farraige. Mhínigh sé di go raibh sé ar a bhealach go Meiriceá le stór airgid a fháil do fhéin sa dóigh is go mbeadh sé neamhspleách óna mhuintir agus an cineál saol a bhí leagtha amach acusan dó. D ’ inis sé di faoin chleamhnas a bhí déanta dó agus gur bhris seisean na rialacha uilig agus dhiúltaigh sé an cailín. Cha raibh sé d ’ uchtach aige insint di faoin chailín a dhiúltaigh eisean. Smaoinigh sé ar Ghráinne. Bhí sé doiligh a chreidbheáil nach raibh ann ach ceithre lá ó labhair sé léi. Dhearg a aghaidh nuair a chuimhnigh sé ar chomh nái- rithe is a mhothaigh sé nuair a dhiúltaigh sí é. Shíl sé go raibh a chroí briste ach tháinig sé chuige nár smaoinigh sé ar Ghráinne ar chor ar bith ó chonaic sé aghaidh Shíle. Mhínigh sé di chomh deacair is a bheadh sé a bhealach a dhéanamh go Meiriceá ach go raibh sé dóchasach go dtiocfadh leis mian a chroí a bhaint amach. De réir a chéile tháinig Síle thart agus rinne sí cur síos ar a saol féin. D ’ inis sí dó go bhfuair a hathair bás leis an eitinn nuair a bhí sí naoi mbliaina d ’ aois, gurb ise an duine is sine de na ceithre pháiste agus gur Fhiachra an t - aon ghasúr. Mhínigh sí dó fán saol deacair a bhí ag a máthair is í ag tógáil clainne léi féin. “ Cha raibh againn ach bothán scraithe ar phíosa de screabán, ” a dúirt sí, agus í ag labhairt os íseal sa dóigh is nach gcluinfeadh na príosúnaigh í. “ Ní fiú a bheith ag caint ar na prátaí suaracha a bhainfeá as an talamh sin. Mar sin de, achan lá ó bhí mé naoi mbliana d ’ aois, d ’ fhágadh sí mise ag amharc i ndiaidh na bpaistí eile achan lá agus rachadh sí ag obair do na feirmeoirí móra fán áit. Achan jab salach a bhí acu thabharfadh siad é do mo mháthair agus dhéanfadh sí é gan ghearán. Labhair tú fá dhubh go dubh, a Fheadaímó, bhail, sin mar a bhí sé do mo mháthair bhocht. Chan fheicfeadh an dá ghirseach is óige í, ach ar an Domhnach. D ’ fhanfadh Fiachra múscailte ag coinneáil cuideachta liomsa go dtí go bpillfeadh sí achan oíche. ” Lean an comhrá eatarthu ar
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3