Guth Ghoill, Eagrán 30
Eagrán 30 Nollaig 2009 14 aghaidh agus í ag míniú d ’ Fheadaímó chomh tábhachtach is a bhí Fiachra don teaghlach. “ Bhí obair socraithe ag mo mháthair d ’ Fiachra le feirmeoir mór agus bhí sé le toiseacht ar an Luan seo chugainn. Dhéanfadh Fiachra an obair agus thabharfadh an feirmeoir prátaí dó. Dhéanfadh sé difir millteanach do mo mháthair dá mbeadh sin aici don teaghlach. Ach cibé cén diabhal a chuaigh isteach ann d ’ imigh sé ag gadaíocht aréir, lena chara Cian, i ngan fhios do mo mháthair agus anois tá sé ar chúl na cairte seo. Níl a fhi- os aige nó agamsa cad é atá i ndán dó anois, ach, tá a fhi- os agam an méid seo, beidh mo mháthair croíbhriste nuair a chluinfidh sí an scéal. ” Mhothaigh Feadaímó go raibh a chroí ag bogadh agus go raibh trua aici di ach cha raibh neart aige ar an scéal. Fosta cha raibh leathphingin ina phóca aige agus é ag iarraidh dul go Meiriceá. Smaoinigh sé ar an phá mhaith a bhí i ndán dó i nDoire. Bhí dhá scilling de phá mar thiománaí, chomh maith le lóistín oíche sa chathair le fáil. Char goideadh ainmhithe ar bith mar sin de bheadh leathchoróin sa bhreis acu. Ach sa mhullach ar sin uilig bhí coróin geallta ag Domhnall don fhoireann a gheobhadh greim ar ghadaí agus bhí dosaen acu sin sa chairt acu. Ba sin trí phunta le roinnt idir seachtar acu. Rinne Feadaímó suas na figiúirí uilig ina cheann. Bheadh trí scilling déag aige. Bheadh sé saibhir. Cha raibh an cineál sin airgid ariamh ina phóca aige agus cha raibh dóigh ar bith a raibh sé chun sin a chur i gcontúirt. “ Chan ormsa atá an locht go deachaigh sé amach ag gadaíocht, ” arsa Feadaímó go crua. Chuir Síle a lámh ar sciathán Fheadaímó. “ Tá a fhios agam nach bea, agus tá pionós tuilte aige, ach, cad é ‘ n cineál pionóis? Ba seo an chéad uair ariamh dó a leithéid a dhéanamh, m ’ fhocal ar sin. ” Thosaigh sí ag caoineadh. “ Inis domh, a Fheadaímó, le do thoil, ” a dúirt sí, “ cá bhfuil tú ag dul leofa? Má thugann tú iad chuig na húdaráis i nDoire tá an baol ann go gcrochfar iad, sin nó, má tá an t - ádh orthu, iad a dhíbirt thar tír amach. Dóigh amháin nó dóigh eile, ní fheicfidh mo mháthair é arís. Smaoinigh Feadaímó ar an todhchaí a bhí leagtha amach ag Domhnall do na príosúnaigh. Chan chuig na hÚdaráis a bheadh sé ag dul leo ach chuig cara dena chuid i nDoire a raibh socraithe déanta aige le cabhlach na Breataine le fir a bhailiú dóibh. Thabharfadh an fear sin na príosúnaigh don chabhlach agus ghlacfadh an cabhlach leo gan cheisteanna ar bith. “ Ó, Lorda! ” dúirt sé leis féin agus é ag smaoineamh nach raibh todhchaí Fhiachra ag amharc go rómhaith. ” D ’ amharc sé ar Shíle ach cha raibh sé ábalta insint di. Cha raibh Feadaímó dóchasach go dtaispeánfadh Domhnall trócaire ar bith d ’ Fhiachra ach bhí air rud éigin a rá. “ Cha dtig liomsa insint duit fá rudaí atá leagtha amach ina intinn ag Domhnall ach molaimse duit labhairt leis nuair a thagann sé. B ’ fhéidir go mbeadh trua aige do do chás. ” Bhí Feadaímó ag coinneáil súl ar na clocha míle agus nuair a tháinig sé ar chloch ag rá “ Derry 3 miles ” d ’ iarr sé uirthi scairt a chur ar Cholm. Tá sé in am dó a bheith muscailte mar níl mise cinnte fá cá háit a bhfuil Tobar an Dreoilín. ” “ Ba leis an sagart an capall, a Fheadaímó, ” arsa Síle go ciúin. “ Cad é a dúirt tú, ” arsa Feadaímó. “ Ba leis an sagairt an capall, ” arsa Síle arís. “ Agus cad é atá ag sin le déanamh le rud ar bith a ghirsigh? ” Bhí Feadaímó rud beag trína chéile mar nár thig sé cén treo a raibh an comhrá ag dul. “ An síleann tú go bhfuil muid chun an capall a choinneáil ort? ” Tharraing sé na srianta arís agus d ’ amharc sé uirthi. “ Chan gadaí ar bith mise, ” a dúirt sé. “ Chomh luath is a thagann an táin thig leatsa imeacht ar do chapall. Tá m ’ fhocal agat ar sin. ” “ Chan sin an rud atá mé ag rá, ” arsa Síle. “ Dá má rud é gur éirigh le Fiachra é fhéin a scaoileadh saor thiocfadh leis imeacht ar an chapall, agus cha bheadh an locht ortsa. Gheofá do phá cibé. ” “ Cad é ’ n dóigh nach mbeadh an locht ormsa? M ’ idése a bhí ann na boic sin a chur ar an chairt. ” Chuir Síle a lámh ar sciathán Feadaímó arís. “ Cé a cheangal sa chairt iad? ” Bhí Síle ag labhairt go híseal ar eagla go músclódh sí Colm. Smaoinigh Feadaímó ar sin agus d ’ inis sé di gur Domhnall agus Seán a cheangal iad. “ Mar sin de dá bhfaigheadh beirt acu ar shiúl cha dtiocfadh le Domhnall an locht a chur ortsa, ” arsa Síle. “ Beirt acu! Cad é atá tú ag rá? Bhí Feadaímó ag scairteadh fán am seo. “ Whist, ” arsa Síle. “ Tá Cian agus Fiachra ar an aois amháin. Níl iontu ach gasúirí agus sílim gur chóir duit deis a thabhairt dóibh saol a bheith acu. ” “ Hup, hup, ” scairt Feadaímó, agus bhog siad ar aghaidh. Cha raibh sé chun leanstan ar aghaidh leis an chomhrá seo. Beirt acu! “ Sula mbeas tusa críochnaithe, a Shíle, beidh an t - iomlán scaoilte saor agat, ” arsa Feadaímó go feargach. “ Dá scaoilfeá Fiachra saor leis fhéin thiocfadh le duine de na príosúnaigh sin a insint do Dhomhnall, ” arsa Síle, “ ach dá mbeadh Cian leis, cha ndéarfadh siad rud ar bith. ” “ Cha dtiocfadh leat a bheith cinnte de sin, ” arsa Feadaímó. “ Thiocfadh li- om, ” arsa Síle, mar is mac de Chondí Rua é Cian. ” “ An ag magadh atá tú? Arsa Feadaímó. Cad é a dhéanfadh mac an chait ach luch a mharú? Is cad é a dhéanamh mac an ghadaí ach gadaíocht? “ Tá tú mícheart ar fad, arsa Síle. Is gasúr maith atá i gCian ach bhí sé faoi dhroch - thionchar a athar. Leoga bhí an baile uilig faoi thionchar an fhir sin. Muna mbeidh Condaí ansin stad- faidh an gadaíocht. ” “ Is cuma liom, ” arsa Feadaímó, níl sé d ’ intinn agamsa duine ar bith acu a scaoileadh saor. Cibé ar bith, mór is eile is tá an capall, cha bheadh spás do thriúr agaibh ar a dhroim. ” “ Cha bhíonn triúr ar a dhroim, a Fheadaímó, ” arsa Síle. D ’ amharc Feadaímó uirthí. “ Cad chuige nach mbeadh? ” “ Mar, ” arsa Síle, agus í ag amharc isteach ina shúile, “ tá mise ag dul go Meiriceá leatsa. ” Beidh an chuid eile den scéal sa chéad eagrán eile.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3