Guth Ghoill, Eagrán 30
Eagrán 30 Nollaig 2009 3 Iascaireacht sna Dúnaibh ar leanstan Zulus agus Drifters na hAlban. Bhí an córas séarála, a bhí ar bhun trialaigh, ag obair go maith ach is cosúil go ndeachaigh cáil cuid scadán na nDúnaibh i bhfad ó bhaile agus dheamhan i bhfad go raibh ar iascairí na Contae seo a bheith ag coimhlint le bádaí móra na hAlban agus ba seo coimhlint nach rabhar ag súil leis, coimhlint a raibh impleachtaí móra leis agus a raibh tionchar mór aige ar thionscal na hiascaireachta sna Dúnaibh agus sa Chontae seo. Bhí cuid bádaí na hAlban níos mó agus níos éifeachtaí agus bhí a gcuid eangach níb fhaide agus i measc an chabhlaigh bhí drifters gaille. Ba bhádaí na hAlban de bharr a méide agus a gcumhachta a ba luaithe ag talamh an éisc agus ba iad a ba luaithe a bhí istigh ag an mhargadh. Fán bhliain 1899 bhí naoi Zulu is fiche tógtha ag an Bhord do chósta Dhún na nGall agus cuid mhaith den iascaireacht a dhéanamh acu seo amach as céidh na nDúnaibh. Ba in Albain a tógadh iad seo ach ansin sa bhliain 1899 tosaíodh ar na bádaí Zulu a thógáil i mBádchlós na gCealla Beaga. Sa bhliain 1901 ba ar bhun triallaigh a tháinig bádaí na hAlban anall. Ar an aonú lá fichead d ’ Aibreán na bliana 1902 tháinig dhá drifter isteach go Báigh na nDúnaibh, ba drifter gaille a bhí i gceann acu. Ina gcuideachta bhí galtán (steamer) as Glaschú le lasta salainn agus bairil- lí úra. Ansin thosaigh ceannaitheoirí na hAlban a theacht sna seachtainí ina dhiaidh sin comh maith le leathchéad drifter eile . Bhí coimhlint ghéar anois ag na Zulus. Fá dheireadh Aibreán na bliana 1903 bhí cabhlach de thrí fichead bád de chuid na hAlban sna Dúnaibh, dó dhéag drifter gaille ina measc agus scaifte mór de cheannaitheoirí na hAlban. Bhíothas ag fáil suas le 72 scillinge an crán ar na scadáin agus d ’ éirigh le beirt Zulu de chuid na nDúnaibh, an St Finan faoin scipéir Antoin Mac Eiteagáin, (Antoin Rua) agus bád eile an Benbawn faoi stiúr Phádraig Ó Luodhóg (Pádraig Shéamais) £20 agus £35 a shaothrú in aon oíche amháin. Fán am seo bhí scadáin shaillte na nDúnaibh ag déanamh deich scil- linge níos mó ar an mhargadh ná mar a bhí cuid Bádaí na hAlban
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3