Guth Ghoill, Eagrán 30

Eagrán 30 Nollaig 2009 4 scadán Barra ná Stornaway. Rinneadh 4,160 bairille agus 30 bosca scadán chur ‘ na mhar- gaidh sna Dúnaibh le linn iascaireacht an tSamhraidh sin agus shaothraigh na hiascairí tuairim is £10,000. Íocadh thart fá £500 leis an mhuintir a bhí i mbun leasaithe. Bhí i ndeis de chéad cailín as Albain agus fiche cailín as na Rossa ag dul d ’ obair shaillte agus leasaithe sna Dúnaibh comh maith le slua mór de mhná na háite . B ’ fhiú £4,873 an méid iasc a thug na bádaí Zulu i dtír sa bhliain 1903. Sa bhliain 1905 mhair séasúr iascaireacht scadáin an tSamhraidh sna Dúnaibh ón 8ú Bealtaine go dtí an 10ú Meithimh agus bhí cúig Zulu agus fiche páirteach san Iascaireacht comh maith le céad agus cúig déag bád de chuid na hAlban. Shaothraigh na Zulus £3,200 agus nuair a bristear seo síos chiallaigh sé gur shaothraigh achan iascaire, ar an mheán, £10 - 2 - 6 do cheithre seachtaine oibre. Is cinnte gurbh bhreá an t - airgead a bhí ann ag an am. Fán am seo bhí cáil mhór ar scadáin shaillte na nDúnaibh ar mhargadh na Gearmáine agus na Rúise. Bhíothas ag fáil ó dheich go cúig mhark déag an bairille níos mó ar scadáin na nDúnaibh ag margaí i Hamburg agus Stettin ná mar bhí- othas a fháil ar scadáin Chastlebay. Agus an lasta scadáin a cuireadh as na Dúnaibh go St.Petersburg fuarthas ó £1 go dtí £2 an bairille níos mó orthu ná mar fuarthas ar scadáin Chastlebay. Fán bhliain 1906 bhi 251 bád ag iascaireacht amach as na Dúnaibh do shéasúr iascaireachta scadán an tSamhraidh — 51 drifter gaille as Albain, 147 Zulu as Albain, agus 55 Zulu as Dún na nGall fhéin. Mheall méid na scadán agus an luach ard cuid iascairí na hAlban agus bhí a gcuid bádaí níos mó agus iad ábalta a dhul níos faide ‘ un farraige. Rinneadh 10,262 bairille scadán a shailleadh agus díoladh iad seo ar lu- ach £24,000. Bhí 1,800 iascaire ar fad fostaithe agus ba de bhunadh na háite 320 acu. Comh maith le seo bhí tuairim is 170 fostaithe ar tír mór, ag gutáil, ag sailleadh, ag pacáil, agus an- sin dream eile a n - iompar ar bheithigh agus ar cháirteanna go dtí stáisiún na traenach ar an Chraoslach. Shaothraigh na daoine seo eatarthu don tséasúr thart fá £1,500. Bhí trí chean- naitheoir déag ar chéidh na nDúnaibh, ina measc ceannaitheoirí ón Ghearmáin agus ón Rúis. Bhí an luach a díoladh ar scadáin na nDúnaibh i St.Petersburg sa Rúis anois, dúbailt an luach a bhíothas a thabhairt ar chuid scadán Chastlebay. Ochtó cuairt a thug na galtáin lasta go poirt iascaireachta Dhún na nGall le linn na bliana 1906 le lastaí éisc a thógáil. Tháinig leathchéad acu seo go céidh na nDúnaibh. Bhí ós cionn trí fichid de bhádaí Zu- lu ar chósta Dhún na nGall fán bhliain 1906 agus lena chois sin os cionn daicheadh iarratas le haghaidh bádaí ar chuid lámh an Bhoird. Mhair iascaireacht na scadán mar seo ar feadh na mblianta sin ag tús an chéid, agus is cinnte, cé go raibh buntáistí móra ag bádaí na hAlban, go ndearna na bádaí áitiúla agus a gcuid criúnna tréan airgid. Fán bhliain 1910 bhí céad Zulu curtha ar fáil ag an Bhord do iascairí Dhún na nGall. Ach nuair a chuirtear san áireamh go raibh os cionn dhá chéad drifter gaille de chuid na hAlban ag iascaireacht scadán ar chósta Dhún na nGall fán bhliain 1910 bhí deacrachtaí móra ag na bádaí seoil coimhlint. Bhí an oiread sin bádaí fá na Dúnaibh go raibh ar leath de chabhlach gaille na hAlban a dhul a iascaireacht amach as Bun Crancha. An buntáiste a ba mhó a bhí ag na bádaí seo ná an luas. Bhí siad ábalta a bheith istigh ag an mhargadh breá luach agus, go minic, fán am a bhfuair na bádaí seoil is- teach bhíodh an chuid ba mhó dá gcuid éisc faighte ag na ceannaitheoirí agus bhíodh ar bhunadh na háite cibé luach a tháirgtí dóibh a ghlacadh. Ba é an t - am ba mhó a rinne Zulus Dhún na nGall aon airgead ab fhiú, ag deireadh, ná le linn iascaireacht an Fhómhair – Lúnasa agus Meán Fómhair -- nuair a bhíodh iascairí na hAlban ag iascaireacht ina gcuid farraigí féin. Deireadh leis na Zulus. Tógadh an ceithre Zulu dheireanach d ’ iascairí Dhún na nGall sna blianta 1913/14. Sna fiche bliain o 1895 go 1915 chuir Bord na gCeantar Cúng 180 bád agus treallamh iascaireachta Bád Julu

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3