Guth Ghoill, Eagrán 30

Eagrán 30 Nollaig 2009 5 ar fáil d ’ fhir óga chósta Dhún na nGall le hiad a spreagadh, agus oiliúnt a chur orthu tairbhe a bhaint as an saibhreas a bhí sna farraigí thart orthu agus a gcuid a shaothrú ar an fharraige. Ón bhliain 1907/08 thosaigh an Bord ag cur bádaí gaille agus bádaí innill ar fáil d ’ iascairí mar go raibh an t - éileamh ann cé go raibh na bádaí seo i bhfad ní ba dhaoire ná na bádaí seoil. Le linn na bliana 1912/13 rinne na bádaí gaille agus na bádaí innill seo neart airgid cé go raibh orthu in amanna a dhul níos faide ó bhaile anois. Bheir siad ar an chuid ba mhó dá gcuid éisc thart fá na Shetlands agus ar chósta thoir na Breataine, ó Fraserburgh go Lowestoft. Ach ansin tháinig an Cogadh Mór agus bhí luach na scadán agus na murlas socraithe iontach íséal ag an Ceannasaí Bia sa Bhreatain agus cé go ndearna an Bord roinnt iarrachtaí iad a fháil ardaithe níor éirigh leo. Lena chois sin bhain Rialtas na Breataine úsáid as cuid de na bádaí gaille agus na bádaí innill leis na farraigí thart fá Thoraigh a chuardach áit a raibh mi- anaigh leagtha ag na Gearmánaigh. Meath ar Thionscal na hIascaireachta. Dúirt Micks ina chuntas go mbeadh rath agus deathoradh ar thionscal na hiascaireachta i nDún na nGall muna mbeadh bádaí móra na hAlban ag teacht anseo, ach gur mheall cáil cuid scadán na nDúnaibh anseo iad. Dúirt sé dá bhfágfaí na Dúnaibh ag cuid Zulus Dhún na nGall go mbeadh achan duine sona sásta. Ach ní mar sin a bhí agus dúirt sé gur ghoill sé go mór ar na hiascairí áitiúla nuair a chonaic siad bádaí móra na hAlban ag teacht isteach de thairbe an luas a bhí futhú agus na buntáistí a chuaigh leo. Ba mhinic a smaoinigh sé cé acu a bheadh sé cothrom cosc a chur le criúnna coimhthíocha a gcuid éisc a chur i dtír anseo de thairbhe go raibh a gcuid bádaí níos cumhachtaí agus go rabhas ag déanamh an oiread sin dochar don tionscal go háitiúil. Mar sin de bhí deireadh tagtha le saol iascaireachta na bhfear óg seo in achar ghoirid. Níor mhair an rathúnas seo ach roinnt blianta dóibh. Le linn lagtrá i gcúrsaí eacnamaíochta sna triochaidí bhí bádaí an Bhoird ina luí ag lobhadh ar chladaigh, ó na Dúnaibh go dtí na Cealla Beaga. Sna Dúnaibh fhéin bhí ós cionn dhaichead bád ina luí ar chladach Lag na hUillinne in aice le bádchlós Mhíobhaigh agus fir óga a bhí oilte mar iascairí ag spaisteoireacht thart dífhostaithe agus bádaí iascaireachta na Sasana ag líonadh suas le scadáin amach ó chósta Dhún na nGall. Dúirt Pat Conaghan ina leabhar ‘ Zulu Fishermen ’ gur leag Bord na gCeantar Cúng síos dúshraith den scoth do thionscal na hiascaireachta anseo san iarthuaisceart . Cuireadh oiliúint ar dhaoine maidir le cúrsaí iascaireachta, próiséala agus margaíochta agus bhí taithí iontach acu anois ar an dóigh leis an tionscal a reáchtáil. Thiocfadh le Dún na nGall tógáil anois ar an dúshraith a leagadh fé mar a rinneadh ar chósta thuaidh na hAlban agus úsáid thairbheach a bhaint as an t - aon acmhainn nádúrtha a bhí againn. Ach ní seo mar a tharla. Measann Pat Conaghan gur baineadh úsáid as an Chogadh Mór leis an mheath seo a mhíniú agus caithfear glacaint uaidh sin go leanfadh an fhorbairt ar aghaidh dá mairfeadh an t - síochán. Dúirt sé nach raibh seo go hiomlán fíor mar go raibh sé soiléir nach raibh an rachmas (capital) a bhí riachtanach, anseo i nDún na nGall agus nach raibh an claonadh sna iascairí aonaracha anseo cuir le cibé rachmas a bhí acu agus infheistiú a dhéanamh sna drifters gaille. Bhí rachmas i nDún na nGall ach ní raibh sé i gcuid láimhe an mhuintir a bhí cóngarach do thionscal na hiascaireachta. Cé go raibh an oilteacht ansin i gcúrsaí iascaireachta agus i gcúrsaí leasaithe, a bhí inchurtha le ha- on cheantar iascaireachta eile, ní raibh an ac- mhainn ag na hiascairí ná ag an lucht gnó le hinfheistíocht mhuiníneach a dhéanamh. An Fhorbairt a rinneadh ar Thionscal na hIascaireachta. Rinne Mackle comparáid idir 1891, 1913, agus 1918 leis an dul chun cinn a rinneadh sa tionscal a léiriú. Cé nach raibh sé ábalta a chinntiú cén teacht isteach a bhí i Réigiún na gCeantar Cúng ón iascaireacht i 1891 tá an figiúr bunaithe ar theacht isteach, ar an mheán, de £7 an teaghlach agus le 7,100 fear Lag na hUillinne

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3