Guth Ghoill, Eagrán 30

Eagrán 30 Nollaig 2009 6 gníomhach glacadh leis go mbeadh teacht is- teach de £50,000 ina iomláine. Dúirt Micks dá ndéanfaí mionscrúdú ar na tuairiscí don bhliain sin go laghdófaí an £50,000. ach bhí orthu toiseacht áit éigin agus sin an bunlíne a glacadh. Ba seo an bhliain sular thosaigh an fhorbairt ar chúrsaí iascaireachta. Seo leanas luach na n - iasc a tugadh i dtír sna ceantracha cúng de réir Contaetha i 1913: £ Dún na nGall 52,797 (scadáin ba mhó). Corcaigh. 36,906 (murlas ba mhó). Ciarraí. 44,222 (murlas). An Chlár. 3,446 (murlas). Gaillimh. 21,963 (£7,564 do mhurlas). Maigheó. 6,112 (£2,963 do mhurlas). Sligeach. 1,366 (mescán d ’ iasc). ________ Iomlán £166, 812 Luach na nIasc a tugadh i dtír 1918: Taispeánann 1918 go raibh an teacht isteach i gCorcaigh, i gCiarraí agus i nGaillimh cuid mhaith níb airde ná mar a bhí sé i nDún na nGall. Caithfear cur san áireamh nach raibh na srianta céanna curtha i bhfeidhm ar chúrsaí iascaireachta ag Rialtas na Breataine i gCorcaigh agus i gCiarraí agus a bhí curtha i bhfeidhm sa Chontae seo. Bhí cuid mhór mi- anach sna farraigí amach ó iarthuaisceart na Contae seo agus comh maith le sin bhí cuid mhaith de na bádaí móra iascaireachta ar cíos ag an Rialtas le hamharc fá choinne na mi- anaigh farraige seo. £ Dún na nGall 82,189 Sligeach. 6,066 Maigheó. 22,047 Gaillimh 113,534 An Chlár. 9,398 Ciarraí. 242,879 Corcaigh. 229,668 Iomlán £705,668 Taispeánann na figiúir seo an fhorbairt agus an dul chun cinn a rinneadh le linn tréimhse Bhord na gCeantar Cúng agus má bhí Micks bródúil as na figiúir seo bhí a cheart sin aige. Ar Deireadh. Scríobh Pat Conaghan alt suimiúil ag deireadh a leabhair maidir leis an mheath seo. Dúirt sé go dtáinig deireadh le Bord na gCeantar Cúng go luath i ndiaidh saoirse na hÉireann agus gur fhág siad ina ndiaidh oidhreacht de thionscal iascaireachta nua - aimseartha a bhí páirt bhunaithe. D ’ fhág siad againn an ac- mhainn, le forbairt a dhéanamh mar náisiún iascaireachta a bheadh gach pioc comh fu- inniúil agus comh proifisiúnta leis na hAl- banaigh agus na Sasanaigh nó leis na tíortha láidre iascaireachta atá ar imeall iarthar na hEorpa. Ní féidir a shéanadh anois, a dúirt sé, ná gur chaith Rialtas an tSaorstáit na buntá- istí seo uathu. Don chéad deich mbliana den Stát úr bhí sé le tuiscint uathu nach raibh aon amhail acu ar an acmhainn a bhí san fharraige. Dúirt sé gur luí siad isteach le chuile rud eile ach go ndearna siad neamhaird dár n - acmhainn farraige agus gurbh aisteach an dearcadh agus an treo ab ea seo do náisiún úr oileánach. Is fíor a rá go raibh an dearcadh agus an treo seo comh aisteach céanna nuair a chuaigh muid isteach sa chomhmhargadh sna seachtóidí agus nuair a thosaigh an Rialtas ar a dturas le deir- eadh a chur le tionscal na hIascaireachta ar mhaithe le feirmeoirí saibhre Mhachaire Méith na Mumhain. Foinsí: Meevagh Down the Years (L. Lucas) Zulu Fisherman (P.Conaghan) OS Memoirs of Ireland. History of the Congested District Board (W.L. Micks) Aodh Mac Laifeartaigh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3