Guth Ghoill, Eagrán 30

Eagrán 30 Nollaig 2009 7 Ag amharc siar ar laethanta glórmhara Bhádchlós Mhíobhaigh. Thosaigh cuid mhór fear óg ag obair sa yard sna blianta 1973 – 1977 agus den chuid is mó acu sin ba seo an chéad phost a bhí acu. Bhí an obair breá trom sna blianta sin mar ní raibh inneall ar bith le h-adhmad trom a thógáil agus thiocfadh leat a rá gur obair mhaslach a bhí ann in amanna. San am céanna, bhí cuid mhór sásaimh ann nuair a bheadh bád críochnaithe agus saoirse ár gcuid oibre le feiceáil. Tháinig fir óga as Baile na nGallóglach, Gleann Colmcille, Fánaid, An Gleann, Carraig Airt, Creamhghort, Ráth Mealtain agus cuid mhór as ceantar na nDúnaibh, ón taobh thiar agus an taobh thoir ag obair ann. Bhí briseadh uaire againn ag am lóin agus déarfainn gurb é seo an uair bá mhó ar cailleadh allais. Bhí ár gcuid lóin slogtha siar againn agus ar shiúl linn go dtí an pháirc peile sna Dúnaibh chomh gasta agus a thiocfadh linn. Is iomaí racán agus titim amach a bhí again. Bhí cuid acu den bharúil gurb ag imirt i Parkhead nó in Old Trafford a bhí siad. Ansin ar ais go dtí an yard ag a 2 a chlog, báite inár gcuid allais. Thiocfadh leat a rá go raibh dhá chos chiotach ag neart acu agus maidir le duine nó beirt, shílfeá gurb ag tabhairt a gcuid do na cearca a bhí siad. Nuair a smaoiním siar anois, déarfainn gurb iad seo cuid de na blianta ab fhearr a bhí againn. Bhí neart oibre sa cheantar, an iascaireacht ag dul go maith, an ceantar glan ó thithe saoire, gan iomrá ar bith ar an tíogar Cheilteach nó NAMA agus an rud ba mhó, bhí am ag daoine labhairt lena chéile. Seo thuas cuid de na gasúraí a bhí ag obair sa bhádchlós ag an am sin. Ina seasamh, ó chlé tá John Mac Giolla Bhríde (Mhicí Rua), James Durning, Caoimhín Mac Giolla Bhríde (Mháire Ned), Michéal Ó Gallachóir, Pádraig Mac Giolla Bhríde agus Joe Mac Giolla Bhríde (Fheargail). Ina suí, ó chlé tá Tommy Hay, Marcas Ó Brolcháin (Bhoydie), Mylie Ó Gallachóir, Jim Ó Buaidh, Gearóid Ó Frighil, Pádraig Dugera, Seán Mac Fhionnghaile agus Joe Ó Gallachóir. Peileadóirí an Bhádchlóis

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3