Guth Ghoill, Eagrán 30

Eagrán 30 Nollaig 2009 8 dhruid sé. Ina dhiaidh sin chuaigh Peter ag obair do fhéin ag tógáil bádaí bradáin. Bhí sé ag dul do sin, idir a bheith ag tógáil bádaí agus ag cóiriú bádaí ar feadh tríocha bliain. Pósadh é ar Mháire Lynach sa bhliain 1961. Cha raibh mórán carranna ar an bhealach ag an am sin, shiúl siad achan áit. Fu- air Peter a chéad charr i 1962, bhí Máire ar bhar- ra an rothair roimhe sin! Bhí clann mór acu, deichniúr beo agus gasúr beag amháin, Peter Martin, a fuair bás ina thachrán. Ba ghnách le Peter a dhul ag iascaireacht bradán sa tsamhradh. Mhairfeadh sin cúig nó sé seach- taine. Chuaigh sé amach le Charlie Bán ar feadh tamaill ag an tús agus ansin fuair sé a bhád fhéin agus ba ghnách le Charlie dul amach leisean an- sin. Bhí coimhlint mhilteanach idir iad fhéin agus Willie Cullen. Bheadh siad amuigh ansin gan soilse ar bith, achan duine ag obair sa dorcha- das. Bhí sé contúirteach go leor. Tháinig athrú mór ar Ros na Binne le traidhfil blianta anuas, léir tithe úra tógtha agus athrú ar achan rud. Ba ghnách le achan duine prátaí agus rudaí den sórt sin a chur agus stad sin uilig. Cha raibh mórán talaimh acu ach bhí siad ábalta iad fhéin a choinneáil ag dul. D ’ imir Peter peil leis na Dúnaibh ina óige, lánchúlaí. Bhí Anton Mhici, Anton Mac Eiteagáin, Micheál Mac Aodh, Garda Galligan agus na boic sin uilig ag imirt ag an am sin. Bhain siad an chraobh sóisir i 1957 agus bhí oíche mhór acu i 1997, comóradh dhaichead bliain . Peter Ó Sibhleáin Seo Peter Ó Sibhleáin agus an cairt a thóg sé sé mhí ó shin. Chan a cheird a bhí ann ach fuair sé seanchairt agus d ’ oibrigh sé mar sin, ag déanamh í a chóipeáil. Rugadh Peter i mí Eanáir, 1933 agus bhí ochtar sa teaghlach, sé ghasúr agus dhá ghirseach. Sti- ophán ó Sibhleáin a bhí ar a athair agus ar an Ghlíob a rugadh agus a tógadh eisean. Rugadh Peter i Ros na Binne sa teach ina bhfuil sé ina chónaí ann go fóill. Tógadh na tithe sin sa bhliain 1910. Thosaigh Peter ag obair sa bhádchlós nuair a bhí sé seacht mbliana déag d ’ aois agus d ’ oibrigh sé ansin ar feadh trí bliana déag. An Bord Iascaigh Mhara a bhí i gceannas an bhádchlóis nuair a bhí Peter ann agus bhí thart fá fiche ag obair ann faoin am sin. Ghlac Frank Carr anonn ansin é agus bhí dhá shift ann am amháin agus iad ag obair i rith na hoíche. Cailleadh millteanach a bhí ann don áit nuair a Tá soilse na Nollag ag loinnriú le bua, Ó cheartlár na cathrach go huaigneas na tuaithe, Tá coinneal na Nollag san fhuinneog ‘ na suí, Ag fáiltiú roimh Mhuire, a theacht chun a ’ tí. *** Tá an Ré is na Réalta ag soilsiú sa spéir, Agus ciúnas na Nollag le mothú san aer, Tá ’ n saibhir ’ s an daibhir ar aon intinn amháin, Ag fáiltiú roimh Íosa isteach inár saol. *** Go ngeala na soilse an ród atá romhainn, Is bí thusa a Íosa ár dtreorú go buan, Nó an solas is gile dár shoilsigh go fóill, Do theachtsa a Íosa isteach inár saol. *** Ó tar chugainn, a Mhuire, ’ s beannaigh ár saol Beidh aíocht le fáil agat féin ‘ s do naoin ’ Scrios as ár mbeatha an ghráin ’ s an fhuath ‘ S neartaigh an grá inár gcroíthe atá dúr. *** Anon.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3