Guth Ghoill, Eagrán 31
Eagrán 31 Bealtaine 2010 10 Gradam a Bronnadh ar fhear de bhunadh Ros Goill Níl a fhios agam bea rud éigin a bhí san uisce, nó b’fhéidir sna scadáin fadó a spreag muintir Ros Goill ceann scríbe a bhaint amach sna ceardchumainn. Seo ar dheis pictiúr de Phádraig Ó Brolcháin (Patrick Andy Bhoydie) agus gradam “Guy Allan” a bhronnadh air anuraidh. Is é seo gradam a bhronntar ar son gníomhaíochta thar barr sa cheardchumann PPTA, ‘sé sin Cumann Múinteoirí dara leibhéal sa Nua-Shéalainn. Tá Pádraig i gceannas roinn na teicneo- laíochta i gColáiste Rutherford, Aukland. D’Fhag sé an tArdbán agus Scoil Dhoire a’ Chasáin sa bhliain 1953 agus d’imigh lena theaghlach go Paisley in Alban. Bhí John Carr go fóill i mbrístí gairid an uair sin. Is mac d’Andy Bhoydie, nach maireann, é Patrick agus nia de Joe, Barney agus Jimmy a fuair bás ar na mallaibh. Cuirimis comhghairdeas chuige óna chairde agus óna dhaoine muinteartha uilig anseo. Má tá scéal agaibh fá dhuine de bhur muintir i gcéin, ba bhreá linn i gCéim Aniar mórtas a dhéanamh as agus píosa a scríobh fá dtaobh de i nGhuth Ghoill. Déan teagmháil linn san oifig in Áras Ros Goill ar 074 9154830. Finola Hudaí Daonáireamh 1911 Is íontach an áis an idirlíon fá choinne achan chineál eolais a fháil, agus tá go leor doiciméid Stáit a gcur ar fáil dúinn go furasta sa lá inniu. Cú- pla mí ó shin, cuireadh an t - eolas uilig a bhí i nDaonáireamh na bliana 1911 ar an idirlíon. Thig linn anois a fheiceáil cé hiad na daoine a bhí ina gcónaí thart anseo céad bliain ó shin, agus fosta, léargas ar an chineál saol a bhí acu. Sin an t - am ina raibh iascaireacht na scadán ag dul ar aghaidh go láidir sna Dúnaibh, agus tá an tionchar a bhí ag sin le tabhairt faoi deara sa daonáireamh. Má tá fonn oraibh an t - eolas a chuartú, níl le déanamh ach “1911 Census Ireland ” a ‘ ghoogláil ’, agus ansin cliceáil ar ‘ census records ’, ansin ‘ browse census ’. Faoi ‘ Co Donegal ’, roghnaigh ‘ DEDs ’. Sin iad na toghroinn sa chontae, agus tá muid le fáil faoi Rosguill. Tá na bailte fearainn uilig liostaithe ansin, agus thig leat ansin cuartú leat! Tá cóip den fhoirm a líonadh isteach do gach teaghlach le fáil, agus fosta foirm don bhaile fearainn a thaispeánann cén cineál tí a bhí ann, cineál díon (tuí a bhí sa chuid is mó) agus an méid fuinneog. Tá aois achan duine, a gCreideamh agus an teanga/teangacha labhartha curtha síos. Tá sé suimiúil go raibh litriú difriúil ar an sloinne chéanna, mar shampla mo sheanathair féin agus a bheirt deartháir – tá Mc Clafferty, Mc Lafferty agus Mc Elafferty, agus mar sin, má bhíonn tú ag cuartú faoin sloinne, bain triail as cúpla leagan mu- ra n - éiríonn leat an chéad uair. Céad bliain ó shin, bhí 18 teaghlach i nDumhaigh, 23 ar an Ard Bán agus 45 i nDoire a ’ Chasáin. Tá dhá chomhad fá choinne Na Dúnaibh, Comhad 2 ag clúdach an cheantair in aice na cé, agus cuid 1 ag síneadh síos chomh fada le Gorta Móra. Tá na sloinnte as an cheantar thart fán ché suimiúil, agus is cinnte gur bhain siad leis an iascaireacht agus gur as Albain a tháinig siad. Bhí ‘ Joe Mc Nutt ’ ansin leis féin, ach cá deachaigh na teaghlaigh eile? Ba den Chreideamh ‘ United Free Church of Scotland ’ teaghlach Ritchie agus Duthie agus daoine darbh ainm Mair, Slater agus fear óg Andrew Mc Kay a bhí trí bliana agus fiche agus teach aige dó féin. Bhí an dara teaghlach de na Duthies ina bPresbitéirigh. Tá ainm na Duthies beo go fóill ar an halla ansin ar chúl shiopa Mhic Nuadhat. An bhfuil fhios ag duine ar bith faoi na teaghlaigh eile? Tá saibhreas eolais le baint as an daonáireamh sin, agus is fiú go mór amharc siar ar ár muintir. Bhí cupla glún ina gcónaí i gcuid mhór de na tithe, agus go minic, daoine eile a bhí liostaithe mar ‘ servants ’, cuid acu sin óg go leor. An raibh siad sin ar fostú, nó an gaolta iad? Is mór an trua nach dtig linn ceist a chur orthu! Peigí Ryder T ’ chífidh tú ar dheis cuid den eolas atá ar fáil ar an suíomh seo.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3