Guth Ghoill, Eagrán 31

Eagrán 31 Bealtaine 2010 12 In Ómós do Bhridie Uí Dhochartaigh “ Níl luibh nó leigheas in aghaidh an bháis ” a deir an seanfhocal agus is fíor é. Tagann an bás aniar aduaidh orainn uilig agus níl aon dul as. Tháinig an bás gan choinne chuig Bridie ar 14 Eanáir i mbliana. Chuaigh Bridie a chodladh agus níor mhuscail sí. Fuair sí bás suaimhneach, síochánta agus cé go bhfuil bás tobann mar sin go deas don té atá imithe, tá sé doiligh agus crua ar na daoine atá fágtha ina dhiaidh. Níl fáilte roimh an bhás am ar bith. “ Brón ar an bhás, ní thig a shéanadh, Leagann sé úr is sean le chéile. ” P. Mac Piarais Rugadh Bridie i bhFánaid agus naonúr a bhí ina teaghlach féin: Artie, Bridie, Jim, Nóra, Margaret, Patrick, Mary, Katherine agus Anne. Chuaigh Bridie go Sasana ag obair agus is ansin a bhuail sí le Micheál. Phós siad i Londain sna seascaidí ach d ’ fhill siad ar Bhaile na Deora roinnt blianta ina dhiaidh sin, an áit ar thóg siad teach agus clann. Seachtar clainne a bhí acu: Séamas, Marie, Micheál, Yvonne, Fíona, Séan agus Mairéad. Bádh Micheál go tubaisteach i 1989, tragóid mhillteanach a ghoill go mór ar Bhridie i rith a saol, agus ar an chlann uilig. Ar dheis Dé go raibh a hanam. Bean dhathúil, éirimiúil, chumasach, phléisiúrtha agus lách ab i Bridie ach thar aon ní eile, bhí sí flaithiúil. Is iomaí gar a rinne sí agus ní chluinfeá faoi. Bhí sí ansin i gcónaí chun cuidiú agus comhairle a thabhairt, ach go háirithe in am an ghátair. Dhéanfadh sí rud ar bith do dhuine ar bith, am ar bith. Bhí go leor fuinnimh aici agus ní shílim go raibh na focail “ falsa ” nó “ tuirseach ” ina foclóir féin. Tá go leor tréithe ag baint le Bridie – oibrí den scoth; bhí sí ábalta a lámha a thiontú ag rud ar bith, ag cócaireacht, ag cniotáil, ag smúdáil, ag obair sa Síbín Ceoil, ag tabhairt aire dá clann agus dá garchlann, agus téann an liosta ar aghaidh. Bhí bua na cainte agus féith an ghrinn aici agus bhí ar a cumas craiceann a chur ar aon scéal. Ra- chadh sí chun cainte le sean agus óg, saibhir nó daibhir. Bhí cuimhne mhaith ag Bridie fosta agus bhí ainmneacha na ndaoine, is cuma cárbh as iad, ar a toil aici. Bhí aithne aici ar go leor daoine agus ar a shon sin bhí aithne, meas agus ómós ag go leor daoine uirthi. Ní haon iontas gur tháinig na sluaite móra ó chéin is ó chóngar chuig a faire ar feadh trí lá agus oíche agus chuig a tórramh ollmhór a lean. Gan dabht ar bith, fuair sí an “ send off ” a bhí tuillte aici. Chomhlíon Bridie a ról mar bhean chéile, mát- hair, seanmháthair, deirfiúr, gaol nó cara le bród, dínit agus ómós. Thug sí tús áite dá clann i gcónaí agus bhí an grá a bhí aici dóibh soiléir ach bhí grá agus caidreamh faoi leith aici dá garmhic agus gariníonacha. Bhain sí an - sult agus taitneamh as iad a bheith thart uirthi agus thug sé pléisiúr agus sásamh mór di bronntanais a cheannacht dóibh. Bhí an fógra a bhí crochta ar an bhalla sa chistin aici fíor – “ Má deir Mamaí “ NO ” cuir ceist ar Nana ”. Tá a gcuimhne pearsanta, speisialta féin ag da- oine do Bhridie – súil anois go mbeidh na cuim- hní sin agus an bás suaimhneach a fuair sí mar shólas do Mhicheál, a clann uilig, a gaolta agus a cairde san am deacair, dúshlánach seo. Is áit uaigneach Baile na Deora gan í agus mar a dúirt Tomás Ó Criomhthainn fadó, “ Ní bheidh do leithéid arís ann ”. Suaimhneas síoraí go raibh ag a hanam uasal. Eibhlín Ó Crualaoi

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3