Guth Ghoill, Eagrán 31
Eagrán 31 Bealtaine 2010 13 Feadaímó Feabhra 2010 Is ait an mac an saol arsa Feadaímó leis fhéin. Bhí Síle ina suí in aice leis ar an chairt agus bhí Colm ar an taobh eile di. Cha raibh focal le cluinstin anois ó na príosúnaigh mar thiocfadh leo toit Dhoire a fheiceáil soir uathu agus bhí a fhios acu go raibh deireadh ag teacht lena dturas cibé cad é a bhí i ndán dóibh. Bhí an táin a leanstan agus bhí Domhnall ar chapall Sheáin amuigh rompu. Bhí Domhnall ar mire go raibh beirt phríosúnach caillte aige ach bhí air glacaint leis gur eisean a cheangal sa chairt iad. Bhí Síle ceart nuair a dúirt sí nach n - inseodh duine ar bith de na gadaithe dó gur Síle a scaoil saor iad nuair a bhí Colm ina chodladh. Mhuscail Colm nuair a chuala sé Feadaímó ag scairteadh agus chonaic sé an bheirt ar chapall Shíle ag dul siar ó dheas sa dóigh is nach mbuailfeadh siad leis an táin. Cha raibh Feadaímó sásta go raibh air bréaga a insint do Dhomhnall ach san am chéanna bhí a fhios aige go raibh sé ag déanamh an rud ceart ag tabhairt deis eile don bheirt leaid óga, deartháir Shíle agus mac Chondí Rua. Chonaic Feadaímó go raibh Domhnall ag feitheamh air agus tharraing sé na srianta nuair a tháinig sé a fhad leis. Bhí an bóthar rompu gnóthach anois mar cha raibh siad ach tuairim is leath mhíle ón chathair. “ An bhfeiceann tú an cuibhreann sin thíos in aice na habhann ansin, a Fheadaímó, ” arsa Domhnall. D ’ amharc Feadaímó síos. “ An ceann leis an gheafta dhubh? ” “ Sea, ” arsa Domhnall, “ cuirfidh muid an táin isteach ansin. Cha bhíonn an scéal i bhfad ag dul thart go bhfuil ba le ceannacht. ” “ Cuibhreann ar dóigh atá ann, ” arsa Feadaímó, “ beidh uisce agus neart le hithe ansin acu. ” D ’ amharc sé thar a ghualainn. “ Cad é fá na príosúnaigh, a Dhomhnaill? ” “ Níl mé róchinnte fá cad é ’ n dóigh is fearr le seo a láimhseáil, ” arsa Domhnall. D ’ amharc sé anonn agus chonaic sé go raibh Colm ina chodladh arís. “ Hói, a Choilm, ” a scairt sé. Léim Colm. “ Tá brón orm a Dhomnaill, ” a dúirt sé. “ Níl mé ábalta fanacht múscailte ar chor ar bith i ndiaidh an tsúisteáil a fuair mé ó na boic sin. ” “ Tuigim sin, a Choilm, tá an t - ádh ort go bhfuil tú linn ar chor ar bith; ach, an dtiocfadh leatsa greim a choinneáil ar na srianta tamall? Tá mé ag iarraidh labhairt le Feadaímó. ” “ Déanfaidh cinnte, ” arsa Colm, agus é ag fáil greim orthu. Léim Feadaímó anuas agus shiúil sé píosa den bhealach le Domhnall. “ Má thagann na húdaráis orainn anois, ” arsa Domhnall nuair a bhí siad leo fhéin, “ tógfaidh siad na príosúnaigh uainn. Tá deichniúr acu ann agus b ’ fhiú airgead iad domhsa agus daoibhse. Fosta, má chuireann muid i gcabhlach Sha- sana iad, tá me cinnte go mbeidh deireadh leis an ghadaíocht bó, sa taobh seo tíre, ar feadh blianta fada. Caithfidh mise scéal a fháil chuig mo dhuine go bhfuil siad agam. David atá air, David Smith. Beidh a fhios aigesean cad é le déanamh. Tá teach ag cara do mo chuid thall sa choill ansin. Sin an áit a chuirfeas mé na gadaithe. Tá mé ag iarraidh ortsa dul isteach chun na cathrach agus labhairt leis an fhear seo. ” Thug sé píosa páipéir dó. “ Sin a sheoladh agus níl le déanamh agat ach rá leis go bhfuil deichniúr d ’ fhir bhreátha, a bhfuil fonn mór orthu dul isteach i gcabhlach Shasana, ag feitheamh air i dteach Chonáil Bháin. Anois, tabhair an ghirseach sin leat agus fág í áit inteacht i nDoire sula dtéann tú chuig an seoladh sin. Tar thusa ar ais anseo le mo dhuine. C ’ ainm atá ar an ghirseach sin cibé ”? “ Síle, ” arsa Feadaímó. “ Bhail, fág Síle i nDoire mar níl me ag iarraidh go bhfeicfeadh sí teach Chonáil ach oi- read. ” “ Níl contúirt ar bith i Síle, a Dhomhnaill, cha ndéanfadh sí …” “ Stad, ” arsa Domhnall ag briseadh isteach air. “ Níl aithne de shórt ar bith agatsa ar an ghirseach seo agus níl tú chun insint domh cad é a dhéanfadh sí nó cad é nach ndéanfadh sí. ” Thiontaigh sé agus d ’ amharc sé uirthi ina suí ar an chairt. “ Chan amadán ar bith mé, a Fheadaímó, agus ghlac mé le do bhréag go bhfuair an dá ghadaí saor iad fhéin siocair an troid a rinne tú ar mo shon. Gan tusa cha bheadh gadaí ar bith gafa againn. Ach, nuair a chuala mé go bhfuair an bheirt is óige ar shiúl ar chapall a bhí leis an ghirseach sin bhí a fhios agam go raibh lámh aici ann. Fear cumasach cosúil leatsa, a Fheadaímó? Níl dóigh ar bith go gcaillfeá príosúnaigh ar bith ach amháin go raibh tú sásta sin a dhéanamh. ” Mhothaigh Feadaímó go raibh a aghaidh ag deargadh. Chan aingeal ar bith a bhí ann ach cha raibh sé sásta go raibh fear ina sheasamh os a chomhair ag cur bréaga lena ainm. “ Éist liom, a Dhomhnaill, ” a dúirt sé, ach arís, bhris Domhnall isteach air. “ Déan dearmad dó, a dhiúlaigh, níl neart air anois. Leis an fhírinne a insint cha raibh mé róshásta na boic óga a chur isteach sa chabhlach cibé. Cuir scairt ar Shíle anois is bí ar shiúl. Chuir sé a lámh ar ghualainn Fheadaímó. “ Comhairle bheag amháin duit, ” a Fheadaímó. “ Nuair atá sibh istigh i nDoire agus áit shábháilte aici, fág í ansin. Déan dearmad dí. Níl a fhios agam cad é ’ n scéal a d ’ fhigh sí duit ach geallaim gur bréag a bhí ann. Tá sí muinteartha don dream sin agus níl a dhath ina cloigeann ach dóigh a fháil le iad a scaoileadh saor. ” “ Tá an scéal mícheart agat fá Shíle, ” arsa Feadaímó, ach cha raibh Domhnall ag éisteacht. “ A Shíle, ” scairt Domhnall, “ tar anall anseo anois. ” Léim Síle anuas ón chairt agus shiúl sí go bródúil anonn chuig an bheirt. Bhí Feadaímó a coimhéad agus shíl sé fhéin nach bhfaca sé bean chomh spéiriúil, dóighiúil léi ariamh. Cha raibh uirthi ach seanghúna agus bhí sí costarnocht ach bhí aoibh ar a haghaidh agus loinnear ina súile a chur croí Fheadaímó ag preabadaigh. “ Bí cúramach nach dtitfidh na súile amach as do chloigeann, a Fheadaímó, ” arsa Domhnall i gcogarnach leis sula dtáinig sí a fhad leo. “ Tá tú mo iarraidh, ” arsa Síle le Domhnall. “ Tá, tá Feadaímó ag dul isteach go Doire, a ghirsigh, agus bheadh lúcháir air dá rachfá leis. ” “ Nach cinnte go rachaidh mé leis, ” arsa Síle, “ tá obair a dhíobháil ormsa agus chan amuigh anseo a gheobhas mé í. ” Thug Domhnall dhá scilling d ’ Fheadaímó. “ Tabhair seo leat ar eagla go mbeadh sé de dhíth ort. Anois, faighigí rud inteacht le hithe sula n - imíonn sibh. ” Bhí teas na gréine laghdaithe go mór nuair a d ’ fhág sé fhéin agus Síle an táin um tráthnóna. “ Tá mise den bharúil go bhfuil Domhnall ag iarraidh fáil réitithe domhsa, a Fheadaímó, ” arsa Síle. Lig Feadaímó gáire as. “ Bhail, cha dtig leat é a lochtadh ar sin, a Shíle. Chaill sé beirt de na gadaithe ar an chapall a bhí leatsa. ” “ Agus an síleann tú go bhfuil a fhios aige go raibh mo lámhsa páirteach san éileamh? ” “ A Shíle ”, arsa Feadaímó, “ tá a fhios aige go maith. Chan amadán ar bith é Domhnall. Tá a fhios aige fosta gur lig mise dóibh imeacht. Tá an t - ádh orm is dóiche go bhfuil mé go fóill ag obair dó. ” Shiúil siad leo isteach na cathrach
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3