Guth Ghoill, Eagrán 31

Eagrán 31 Bealtaine 2010 14 agus iontas go bráth ar Fheadaímó agus é ag amharc thart ar na tithe uilig agus ar na siopaí a bhí chomh flúirseach le murlais tráthnóna Fómhair. Cha raibh barúil de shórt ar bith ag Feadaímó fá ca háit a raibh sé ag dul agus cha dtiocfadh leis ceist a chur faoin seoladh a bhí ina phóca a fhad is a bhí Síle leis. Ach mar is faide isteach a chuaigh siad b ’ amhlaidh gur mhó an ea- gla a tháinig air fá í a fhágáil léi fhéin i measc na sluaite sa chathair. Bhí daoine ag dul achan bhealach agus gan aird dá laghad acu ar an bheirt tuathánach a bhí ina measc. Ag amharc thart d ’ Fheadaímó chonaic sé go raibh léar dá mhacasamhail fhéin san áit agus leoga chan Síle an t - aon bhean a bhí ag siúl thart cos- tarnocht. D ’ aithin Síle go raibh rud inteacht ag cur isteach ar Fheadaímó. “ Ba mhaith liomsa suí áit inteacht fá choinne tamaill, a Fheadaímó, a dúirt sí. Is dóiche go bhfuil gnó le déanamh agatsa cibé. ” Cha raibh a fhios ag Feadaímó cad é le rá. Bhí sí ag tabhairt deise dó imeacht agus nár chruthaigh sin go raibh sí i ndáiríre? Ach, cá háit a mbeadh sí sábháilte léi fhéin. “ Caithfidh mise dul ar ais chuig an táin, a Shíle, agus níl a fhios agam cá huair go díreach a bheas mé ar ais anseo. ” “ Ná bí imníoch fá dtaobh domhsa, a Fheadaímó, ” arsa Síle, “ chan seo an chéad uair domh a bheith amuigh liom fhéin. ” “ Cha dtig liom tú a fhágáil ina sheasamh anseo ar an tsráid, ” arsa Feadaímó. “ Beidh orm loistín a fháil duit. ” “ Cosnaíonn lóistín airgead, ” arsa Síle. Thóg Feadaímó an t - airgead amach as a phóca. “ Thug Domhnall dhá scilling domh ” agus thug sé é di. “ Goitse, socróidh muid áit duit agus imeoidh mé. ” Fu- air sí leaba i dteach tábhairne ar thrí phingin don oíche agus cé gur theach garbh go leor a bhí ann, bhí an bheirt acu sásta leis. D ’ imigh Feadaímó ar lorg an tseolta a bhí aige. Cha raibh David sa bhaile nuair a tháinig sé a fhad leis an teach agus b ’ éigean dó fanacht air. Chuir searbhónta é ina shuí sa chistin agus thug sé babhla sú dó. Bhí beirt eile ag obair sa chistin, bean mhór throm ag déanamh na cócaireachta agus cailín óg ag glanadh na bpotaí. Cha raibh Gaeilge ar bith acu agus siocair nach raibh mórán Béarla ag Feadaímó rinne siad ne- amhaird dó. D ’ éist David leis an scéal a thug Feadaímó dó nuair a phill sé na bhaile. “ Deichniúr acu a deir tú? ” Dhearbhaigh Feadaímó sin lena cheann. “ Agus níl duine ar bith acu gortaithe go holc? ” “ Níl ”, arsa Feadaímó, “ tá siad uilig cineál nimhneach ach níl a dhath orthu nach dtiocfaidh biseach air. Tá Domhnall imníoch fá cad é ’ n dóigh le hiad a fháil a fhad leis an chabhlach gan na húdaráis a bheith ag cur isteach air. ” “ Fág sin fúmsa, ” arsa David agus é ag cur air a chóta. “ An raibh tú ariamh ar dhroim beithígh? ” “ Bhí, ” arsa Feadaímó, bhí capaill fá bhaile s ’ againne i gcónaí. ” “ Maith go leor imeoidh muid. ” Chuir sé scairt ar a shearbhónta agus d ’ inis dó na capaill a dhéanamh réidh don bhóthar. “ Cuidigh thusa leis, a Fheadaímó, ” arsa David, agus fan anseo domhsa. D ’ imigh sé agus bhí Feadaímó fágtha sa stábla ar feadh uair go leith eile sular tháinig sé ar ais le féan mór a raibh an comhartha, ‘ Navy Supplies ’ scríofa. Bhí beirt fhear mhóra ghar- bhlacha a thiomaint. “ Ar aghaidh linn ” arsa David, “ tá obair le déanamh. ” Bhí an ghrian ag dul faoi nuair a tháinig siad a fhad le teach Chonail Bháin. Bhí lúcháir ar Dhomhnall nuair a chonaic sé iad ag teacht agus lig sé scread fháilteach as. “ Bhail, a David, deas thú a fheiceáil. Bhí beag uchtach ag teacht orm go mbeadh sibh anseo anocht. ” “ Arú, a Dhomhnaill, arsa David, cha ligfinnse do dheis mar seo dul tharam. Deichniúr acu! Cuireann sin iontas go bráth orm. Caithfidh go raibh na saighdiúirí ag cuidiú leat. ” “ Sin an saighdiúir ag do thaobh ansin, arsa Domhnall. ” D ’ amharc David ar Fheadaímó. “ Is fathach d ’ fhear atá ann ceart go leor ”, a dúirt sé, “ agus thig leat teacht ag obair domhsa am ar bith, a Fheadaímó. Anois, is fearr duit na boic sin a chaitheamh isteach ar chúl an fhéin seo lom díreach. Níl mé ag iarraidh iad a thabhairt is- teach rómhall mar bíonn saighdiúirí ar na bóithre san oíche. ” Char ghlac sé i bhfad rudaí a ullmhú agus d ’ imigh siad i dtreo na cathrach. Tar éis tamaill dúirt David le Domhnall nach raibh mórán de thuras fágtha acu. Bhí sráid fhada dhíreach amach rompu agus dhírigh se a lámh ar bhád a bhí ceangailte leis an ché thíos fúthu. “ Sin HMS Agincourt ansin. Beidh lúcháir ar an chaptaen na boic seo a fháil. Ta sé dul amach chuig na hIndiacha Thiar agus bíonn leisce bocht ar mhairnéalaigh dul an bealach sin siocair an galar buí. ” Bhí Feadaímó ag smaoineamh ar an phá a bhí i ndán dó nuair a chuala sé scairt ó Dhomhnall. Ó, a Dhia ár sábháil, amharc ar seo. Bhí scuad saighdiúirí ag teacht amach as teach mór agus dhírigh siad a ngunnaí ar an fhéan. Tháinig tuilleadh saighdiúirí ar chapaill isteach ó chúl - sráid eile agus shuigh siad ag amharc orthu. Thiontaigh Feadaímó agus chonaic sé saighdiúirí ar a gcúl fosta. Bhí sé soiléir go raibh siad ag feitheamh orthu mar bhí luíochán ar dóigh leagtha acu rompu. Chuala sé scread eile ó Dhomhnall. “ Bhail, damnú uirthi. ” Thit croí Fheadaímó go talamh. Le taobh cheannaire na saighdiúirí sheas cailín costarnocht. Síle a bhí ann agus bhí a méar dírithe air fhéin. Beidh tuilleadh sa chéad eagrán eile.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3