Guth Ghoill, Eagrán 31
Eagrán 31 Bealtaine 2010 15 An Bád Bhí mé ag dul do na rámhaí is curach breá fúm, maoltaoide sa chuan is an t - uisce gan sruth. Ba fánach a bhí mé, ba chuma mo threo mé go sultmhar ag caitheamh tráthnóna. Chan rómhinic a bhíonn an Mhaoil Ruaidhe chomh ciúin is fíor - annamh a huisce gan bogadh, Bhí rón mór amach uaim a aird uilig orm is é ag leanstan mo thuras go cróga. * * * I lár Lag na hUillinne thóg mé na rámhaí shuí mé go suaimhneach, ag amharc thart. Bhí an toit ó na simléir go díreach ag ardú ‘ gus na fuaimeanna ag seoladh i bhfad. Le cois búireach na mbó ‘ s méileach na gcaorach, chuala mé madaí ag freagairt a chéile, is daoine ag comhrá le cairde ‘ s le comharsana achan fhocal le cluinstin go soiléir * * * Las mé mo phíopa agus shuigh me ansin breá sásta liom féin is an aimsir, ach stad mé go tobann is dhírigh mo shiúil ar bhád a bhí ina luí thuas ón uisce. Bhí rud éigin fá dtaobh di a spreag cuimhní domhain ionam rud éigin a chur cosc le m ’ anáil; threoraigh mé an curach isteach chun na trá sa dóigh is go bhfeicfinn a hainm. * * * “ Pride of Mulroy ” cha raibh amhras ar bith, ach chan bródúil a shuigh sí ar talamh. Bád a raibh clú uirthi ón Bhun Bheag soir go Fánaid lena droimlorga sáite sa ghainimh. Bhí sí caite ar leataobh is a hainm a magadh mar cha raibh aird ag an Mhaoil Ruaidhe anois uirthi, Cé nach raibh an chréafóg ina luí trom ar a brollach bhí sí in uaigh nach n - éireodh sí aisti. * * * Cosúil le héan nach bhfuil thuas ard san aer nó le hiasc nach bhfuil thíos domhain san uisce, amuigh as a timpeallacht nádúrtha, ceart, bhí sí uaigneach, tréigthe ‘ gus briste. Tá tromlach na n - iascairí a d ’ oibrigh an bád seo anois ar shlua fada na marbh. Chan fheicfidh an chuid eile a staid íseal anois í i bhfolach sa raithneach ‘ s sa ghaineamh. * * * Thosaigh an t - ionradh is d ’ ardaigh an ghaoth thum mé na rámhaí gan smaoineamh; D ’ fhág mé slán lena creatlach agus mé ag iomramh ó thuaidh gruaim orm anois in áit sásamh. Chan fheiceann sí bradán nó scadán arís chan fheiceann sí gliomach nó portán; cha leanann na faoileáin a turais níos mó is í go bródúil ag treabhadh na dtonnta. * * * Proinsias Ó Cuilinn
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3