Guth Ghoill, Eagrán 31

Eagrán 31 Bealtaine 2010 16 Déan teagmháil linn: Céim Aniar Teoranta, Áras Ros Goill, Na Dúnaibh, Tír Chonaill. Fón: 074 9154830 Facs: 074 9154830 Ríomhphost: ceimaniar@eircom.net Glacadh an grianghraf thuas ag Bronnadh Duaiseanna Ghlór na nGael i Halla na Cathrach, Béal Feirste ar 20 Márta. Bronnadh dhá dhuais speisialta ar Chéim Aniar i mbliana, Duais Chomhluadar (€1,500) mar aitheantas ar obair chur chun cinn an aistrithe teanga ó ghlúin go glúin sa teaghlach agus Duais Chomhairle Contae Dhún na nGall (€1,500), bronnta ar choiste a dhéanann an t - éacht is mó le seirbhísí trí mheán na Gaeilge a spreagadh agus a úsáid i gContae Dhún na nGall. Sa phictiúr, ó chlé, tá Íde Ní Uallacháin (Glór na nGael), Feargal Ó Cuilinn (Comhluadar), Caoimhín Mac a ’ Bháird (Céim Aniar) agus an tAire Éamon Ó Cuív. Seo thuas muintir an Ionad Lae i gCarraig Airt le Teachtaí Dála, Niall Bléine, Dinny Mac Fhionnlaoich agus Joe Mac Aodha taobh amuigh de Theach Laighean i mBaile Átha Cliath i ndiaidh turais ar Thithe an Oireachtais ar na mallaibh.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3