Guth Ghoill, Eagrán 31

Eagrán 31 Bealtaine 2010 3 Oíche Ghaelach in Óstán na Trá Bhí oíche mhór againn sna Dúnaibh nuair a tháinig Aisteoirí Chorr na Móna, Aisteoirí Charn Tóchair agus Aisteoirí Mhíobhaigh le chéile, i gcuideachta le ceoltóirí na háite, in Óstán na Trá don Oíche Ghaelach ar an Aoine, 12 Márta. Oíche den scoth a bhí ann le trí dhráma ghairid, lúibíní, agallamh beirte agus ceol agus bhí lúcháir ar mhuintir na háite deis a bheith acu drámaí ón taobh amuigh a fheiceáil. Beidh muid ag súil go mór leis an chéad oíche eile.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3