Guth Ghoill, Eagrán 31
Eagrán 31 Bealtaine 2010 5 Chuir Céim Aniar tús le drámaíocht na bpáistí sa bhliain 2005 agus cuireadh seó mór ar an ar- dán i gColáiste Ros Goill achan bhliain ó shin. Cuireadh cuid de na drámaí seo isteach ar chomórtais éagsúla fríd na blianta agus cé gur cháiligh cúpla ceann acu d ’ Fhéile Uladh roimhe seo, is é seo an chéad bhliain a raibh dráma againn san Fhéile Náisiúnta Scoildrámaíochta. Ceithre dhráma ar fad a bhí ullmhaithe ag Céim Aniar don chéad chomórtas i mbliana, Féile Scoildrámaíochta Ghaoth Dobhair, a bhí ar siúl in amharclann An Ghrianáin i Leitir Ceanainn ar an Domhnach, 14 Márta. Tháinig muid abhaile le sé dhuais ón chomórtas sin, duais rannóige don dráma “ Seic an Uachtaráin ” (Rang 1 & 2), duais rannóige don dráma “ An Ré- al ” (Rang 3 & 4) agus ceithre dhuais don dráma “ Roth an Tíogair Cheiltigh ” (Rang 5 & 6), duais na rannóige, duais cuimhneacháin Sheáin Uí Ghallchóir, duais don aisteoir is fearr, Ruaidhrí Mac Conaglaigh agus duais don dráma úrscríofa is fearr do Phroinsias Ó Cuilinn. Chomh maith le sin, cháiligh an dá dráma “ An Réal ” agus “ Roth an Tíogair Cheiltigh ” d ’ Fhéile Uladh a bhí a reáchtáil in Ard Mhacha ar 27 Márta. Bhí muid uilig thar a bheith lúcháireach nuair a chuaigh an dráma “ An Réal ” fríd go dtí an Fhéile Náisiúnta agus bhí lúcháir an domhain orainn nuair a tháinig scéal amach gur bhain na páistí seo as rang 3 agus 4 dhá dhuais náisiúnta, duais rannóige agus duais speisialta na Gaeltachta. Tá moladh mór tuilte ag na páistí uilig a chur obair mhór isteach ag na cleachtaí agus ár mbuíochas fosta do na tuismitheoirí a chuidigh linn agus a thugann tacaíocht dúinn i rith na bliana. Naíonáin Bheaga & Naíonáin Mhóra - “ An Clóicín Dearg ”
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3